Dorn focal úr

CROBHINGNE: IS FUIRISTE natháin a chumadh mar mhalairt ar an tsíoranailís thuirsiúil atá ar siúl timpeall ar ár gcás. Nuair …

CROBHINGNE:IS FUIRISTE natháin a chumadh mar mhalairt ar an tsíoranailís thuirsiúil atá ar siúl timpeall ar ár gcás. Nuair a mhaígh Swift fadó gurbh é a bhí i bpáirtí polaitíochta ná amaidí an mhóráin ar son brabúis an bheagáin chnuasigh sé cleachtadh na mblianta le chéile.

B’fhéidir gach pioc de sin a thagairt don lá atá inniu ann, agus don lá inné, agus amárach agus amanathar agus amanairis agus amanarís eile. Agus nuair a thug Ambrose Bierce “gadaí saibhir” ar chleipteamáineach ina Fhoclóir an Diabhail níor ghá aon mhíniú róshoiléir ná fonótaí a bheith lena chois d’fhonn a raibh á chur in iúl aige a thuiscint.

Nuair a bhím féin róleisciúil leis an tuarascáil mhór throm leamh is déanaí a léamh agus nuair nach mian liom an iatacht a bheith agam im phutóga is nós liom roinnt nathán a scaoileadh amach ar son faoisimh.

Ní gá a bheith róchliste le “Is é an rialtóir airgeadais an dia nach bhfuil ann” a chumadh, ach tá fírinne ann, mar sin féin. Agus rithfeadh scata leat faoi na baincéirí gan mórán tochais a dhéanamh: “I gcuallacht na mbaincéirí is é an duine macánta an t-amadán.”

READ MORE

Is féidir, gan amhras, cuid mhaith den tubaist a chur i leith na ngnáthdhaoine a chreid gach a ndúradh leo, mar dá mhéid í an easpa fianaise is ea is daingne an creideamh baoth.

Cuid mhór den chreideamh baoth sin, bhí bunaithe ar an tuiscint nuair atá go leor agat, gurb ansin atá tú ag tosnú i gceart. Cén fáth, ar aon nós, gur cheart don fhírinne a bheith nocht nuair is féidir léi éadaí galánta a chaitheamh?

Má chuamar le báiní, ghéilleamar gurb é beala an pholaiteora gréisc an chórais pholaitiúil, agus leanamar orainn. An rud nach féidir a fheiscint, is ann fós dó. An saol a bhí á chaitheamh againn le speilp agus le haer an tsaoil, níorbh fholáir go dtiocfadh deireadh leis uair éigin mar is é an greann seanathair an duaircis.

Níor thuigeamar nach ndéanfadh an saol capall fáis de mhiúil, agus an rud nach raibh ar eolas ag madraí na sráide is deimhnitheach gurbh eol don fhear taxi é. Dheineamar talamh slán de gur bréag is ea an aimsir fháistineach chomh dearfach leis an aimsir chaite, mar níl gar dá shéanadh an té a chailleann a anam, ní bhfaighidh sé ina phóca istigh é.

Is maith mar a thuig ár dtaoisigh agus ár bhflatha agus ár marcais a bhí ag marcaíocht orainn gurbh fhuiriste amadáin a dhéanamh de dhaoine arbh amadáin cheana féin iad. Is í an eacnamaíocht piseog na polaitíochta agus táimid chomh tugtha do na piseoga anois is a bhí duine ar bith nár shiúil faoi dhréimire riamh.

Chuireamar ár luacha sa phróca le hais an dorais, agus dhein gaisce as nárbh fhiú faic é an dán foirfe suas is anuas le mála sceallóg. Ba dhóigh leat gur gaoismhire an ceann ná an cloigeann, ach mo mhairg ar fad, mistéir is ea an réasún nár cheart loighic a chaitheamh leis. Má tá clog ina chroí ag an duine atá in am, is fíor chomh maith céanna go bhfuil rún ag an naomh nach salachar go dtí é.

Déarfá gurb é clós na scoile an seomra ranga is fearr, agus dá réir sin go dtiocfadh ciall le meánaois, ach má thugann tú léim an dá bhruach titfidh tú áit éigin eatarthu. Ba cheart go dtiocfadh feabhas ar an duine nuair nach bhfeiceann sé cé hé féin, ach ba léir do chách go gcaithfí an seanbhóthar a leanúint fós.

Má ólann tú seaimpéin id naíonáin duit, beidh bulgóidí id chloigeann choíche. Is fíor don fhealsúnacht go dtí go mbréagnaítear í, agus níor bréagnaíodh an eacnamaíocht nualiobrálach in intinn daoine in ainneoin na fianaise. Gheobhaidh an cheist chiúin freagra ghaofar mar is treise teoiric ná fianaise na súl n-oscailte. Monalóg is ea an teoiric os cionn na milliún d’fhíorais ghránna.

B’í teoiric an nualiobrálachais chaipitlígh a lot go héag sinn, mar is sólás é an saol a fheiscint trí aon pholl amháin. Is í an teoiric an cnámharlach a choimeádann an corpán le chéile. Is í an teoiric taobh ramhar na dinge.

Is í an teoiric réiteach na faidhbe a chruthaigh an teoiric an chéad lá riamh. Is í an teoiric an comhartha is soiléire nach bhfuil beatha intleachtúil sa chruinne. Is í an teoiric foinse mhór dogma don té nach dtuigeann í. Tosnaíonn an tuiscint lasmuigh de theorainn na teoirice. Dá mbeadh rud éigin le rá ag an teoiric, bheadh ráite fadó aici. Ní bladaire go blagaire agus ní tuairgnín go teoiric.

Dá gcuirfí an eacnamaíocht i bhfoirm filíochta, ní chreidfí í, ach ar deireadh, is í an chluas bolg an anama. Is féidir géilleadh don chaipitleachas buile, ach fós, caitheann an tír teacht slán.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar