Beocheist: Bhí beocht is gluaiseacht, gile is ceol sa dráma West Side Story a bhí á léiriú ar an stáitse os ár gcomhair amach. Ach i rith an dráma ar fad is ag gol go fras a bhí an bhean i m'aice. The annual play of the Mountjoy theatre company is riveting and enriching, writes Seán Ó Riain
Thuigeas di mar ba san amharclann i bPríosún Mhoinseo a bhíomar. Bhí gaol aici le duine de na haisteoirí, príosúnach a raibh tallann nua na haisteoireachta aimsithe aige. Í croíbhriste ach fós bródúil.
Thug compántas Mhoinseo an chéad léiriú poiblí i 1996. Is cuimhin liom é go maith - mí na Samhna, na hoifigigh ár gcuardach ag an ngeata iarainn, sinn plódaithe isteach i bpuball mór i gclós an phríosúin, préachta leis an bhfuacht, aisteoirí ón taobh amuigh i gcuid de na rólanna. Spleodar le brath.
D'fhilleamar go rialta ina dhiaidh sin - Philadelphia Here I Come, The Plough and the Stars, Flight to Grosse Ile, The Playboy of the Western World. Ach anois is i halla an phríosúin atá curtha in oiriúnt don drámaíocht a bhímid. Dhá shaghas duine ann - gaolta is cairde na n-aisteoirí agus daoine eile a bhfuil meas acu ar obair an phríosúin agus gur mian leo a dtacaíocht a thaispeáint.
I gcónaí drithlíní scleondair, níor mhothaíos riamh atmaisféar mar é. Is ócáid ríspeisialta í, ócáid chomh speisialta sin go ndúirt nuachtán amháin anuraidh go raibh mór-stádas bainte amach ag dráma bliantúil Mhoinseo sa bhféilire cultúrtha.
Is é an dráma príomhthionscnamh na bliana i Moinseo. Bíonn breis is 50 duine de "phobal an phríosúin" páirteach go díreach ann - ní dóigh liom go dtugann an gobharnóir, John Lonergan, "príosúnaigh" riamh ar na daoine a mbíonn orthu tamall a chaitheamh faoi ghlas, bealach amháin leis an meas atá aige orthu mar dhaoine a thaispeáint.
Le cúpla bliain anuas is daoine ó phobal an phríosúin a ghlacann gach aon pháirt, iad san leis i dteannta cuid de na hoifigigh a bhíonn freagrach as an mbainisteoireacht stáitse.
Dúirt urlabhraí go bhfásann a gcuid féinmhuiníne is féinmheasa go mór. Go deimhin, ag deireadh na hoíche, chorródh sé duine cé chomh bródúil is a bhíonn na gaolta agus pobal uile Mhoinseo astu féin agus as a chéile.
Cuirtear an dráma ar siúl do na daoine eile sa phríosún leis agus tugann siad san éisteacht mhaith dá gcomhleacaithe ar an ardán. Seo daoine nach raibh a bhformhór in amharclann riamh roimhe seo.
Dúirt oifigeach amháin liom go mbíonn siad "mesmerised" (b'shin an focal a d'úsáid sé) ag draíocht an stáitse.
Ar ócáidí, bhí sé d'ádh orm casadh le haisteoirí Mhoinseo tar éis an léirithe agus cupán tae a ól leo. Sna hullmhúcháin do na drámaí bíonn ról an-tábhachtach acu siúd a bhíonn i mbun tae is brioscaí!
Bhuaileas le beirt go raibh aithne agam orthu. Bhuaileas le fear Gaeltachta ann is chuireas aithne ar dhaoine eile, cuid acu a bhí ciontach i gcoireanna tromchúiseacha.
Ach bhí sé fuirist an mhaith i nduine a aithint agus tháinig na focail ó leabhar iontach Meiriceánach, Doing Time - 25 Years of Prison Writing, chugam - "Tá gach aon duine níos fearr ná an rud is náirí atá déanta aige."
Sólás dúinn go léir.
Cuireann na haisteoirí fáilte romhainn. Bheadh sé nádúrtha dá mbeidís borb linn, sinne a fhillfidh ar ár dtithe compordacha.
Ach ní mar sin a bhíonn, níl amhras orm ach gur mór acu sinn bheith ann chun a saothar a fheiscint agus chun aitheantas a thabhairt dóibh.
Fillim tar éis bliana agus buailim leis na daoine céanna - cad é mar dhifríocht idir an bhliain atá caite agamsa agus atá caite ag Pegeen Mike, abair.
Is minic mé leis ag smaoineamh ar bhean an ghoil. Conas tá ag éirí léi agus lena muintir?
Bruce Kent a thug "a community of sorrow" ar phríosún. Creidim go raibh an ceart aige.