Dulta o chion

An Peann Coitianta: Suirbhé áitithe, éargnaí ar chleachtas na Gaeilge mar theanga pobail i gcaitheamh an dara leath den 20ú …

An Peann Coitianta: Suirbhé áitithe, éargnaí ar chleachtas na Gaeilge mar theanga pobail i gcaitheamh an dara leath den 20ú haois é an paimfléad Ag Dul Ó Chion (Coiscéim) le Máirtín Ó Murchú, Ollamh Sinsearach san Institiúid Ard Léinn i mBaile Átha Cliath.

Gan na ciútaí síodúla stíle ina chuid próis a bhac, arbh fhiú an téacs a léamh ar son na n-eiseamláirí sin féin amháin, tá cuimsithe ag Ó Murchú gabháil de na conclúidí is géarchúisí agus is údarásaí fós ar mheath agus ar fhás na Gaeilge sa tréimhse atá faoi thrácht.

Ina theannta sin go léir, áfach, tá le brath air go bhfuil ancaire mothálach na teanga tar éis a ghreim a bhogadh go sonrach agus gur fastó i bhfastaím feasta aici é gan "an beartas cuí a aimsiú agus cur chuige le fuinneamh". Faoi mar is dual do phaimfléad a bheith, is áiteamh polaitiúil i dteannta gach aon ní eile é agus tá ainliú dá léithéid ar bun anseo, agus baoite á chaitheamh go dtí Éamon Ó Cuív. Is é tráth an phaimfléid an athuair é.

Má tá cuid mhór de mheath agus d'fhás na teanga ar eolas againn cheana ó fhoinsí eile - Daonáirimh, staitisticí, tuarascálacha oifigiúla - tugann an t-údar an insint le chéile i dtráchtaireacht leanúnach, aonadach.

READ MORE

An uair is mó a bhí toradh ar pholasaí an Stáit sa chóras oideachais, mar shampla, is ea "bhí iontaoibh an Stáit as an bpolasaí sin ag lagú". Maidir le cúlú an Stáit: "Tá an cúlú sin le samhlú le Fine Gael go háirithe". Tá sé íorónta ann féin, anois, go dtarlódh sé go bhfuil ról stairiúil Fhine Gael mar pháirtí polaitiúil thart.

Má sea féin, ní raibh aon leisce ar Fhianna Fáil an teascadh a dhéanamh. Tá Patrick Hillery luaite go sonrach, mar Aire Oideachais a mhaolaigh ar stádas na Gaeilge sa bhunscolaíocht, agus a chuir deireadh leis na coláistí ullmhúcháin.

Bliain chinniúnach ab ea 1973. Níor ghlac an Stát an deis "chun teanga oifigiúil Eorpach a dhéanamh" den Ghaeilge ar dhul isteach mar bhall sa Chomhphobal Eorpach.

B'shin tús na bliana. Mí ina dhiaidh sin, chuir an Comhrialtas nuathofa Náisiúnta deireadh le 'Gaeilge éigeantach'. I bpearsa Risteard de Búrca, bíodh sé ráite. Is cuimhin liom é ina oifig an tráth úd, agus alltacht air go raibh conairt na Gaeilge sna sála go nimhneach air agus "scoil Dhún Chaoin athoscailte agam".

Braithim féin anois nach díobháil ná fiú eanglais féin a bhíonn ina gceann ag an drong polaitiúil úd, ach díreach nach ndéanann siad aon mhachnamh puinn. Ná éinne a bhaineann leo. B'fhéidir, ar deireadh thiar, nach mbíonn ach duine nó triúr in aon aicme pholaitiúil, ná in aon aicme ar bith eile, i nglúin ar bith a mbíonn cumas gnímh agus machnaimh in éineacht acu.

D'éirigh "go hiontach" le Raidió na Gaeltachta cumarsáid a chothú idir pobail scáinte na Gaeltachta agus le mórphobal na hÉireann, ach ní hamhlaidh do TG4, arb é Michael D. Higgins a gheibheann an t-aitheantas cuí ar a shon.

"Is eagal liom" a deir Mártín Ó Murchú, "go bhfuil TG4 ar éidreoir áirithe, go bhfuil léiriú laethúil inti ar an tuiscint nach bhfuil sa teanga Ghaeilge ach comhartha sóirt, gan traidisiún gnáis ag baint léi, agus gan aon riachtanas poiblí ann chun cruinneas ná slacht a chothú inti."

Tá an breithiúnas sin dian, géar, ach déarfainn féin go bhfuil an scéal sin féin feabhsaithe go mór, fiú ó tugadh bunaitheasc an phaimfléid seo i 2002.

Ceann de thorthaí Chomhaontú Aoine an Chéasta go bhfuil Foras na Gaeilge faoi fhorlámhas na Comh-Aireachta thuaidh theas. Tá, i dteannta freagrachtaí eile, cúram na foclóireachta ar an bhForas, chomh maith leis an nGúm. Measann Máirtín gur mór an t-easnmah é go mbeadh flaithiúnas caite ag an Stát theas chuig Comh-Aireacht Thuaidh Theas. Molann sé go mbunófaí Údarás Gaeilge "a bheadh freagrach don Stát seo amháin".

D'áiteodh a lán gur ar an taobh thuaidh den teorainn anois atá mórfhuinneamh pobail na Gaeilge, agus gur aduaidh a líonfaidh an ghaoth na seolta cinn chúrsa.

Tá eolas sainiúil ag Máirtín ar scéal Fhoclóir na Nua-Ghaeilge, faoi stiúir Thomáis de Bhaldraithe, agus tá cur síos tuisceanach uileghabhálach aige ar inneach an scéil sin.

Obair fhadálach is ea an fhoclóireacht, agus ní mór sainscileanna, mórán mór airgid, bainistíocht den scoth chuige, agus a bheith tiomanta di ó ghlúin go glúin.

Cé gur scéal tubaisteach ann féin é teip an tionscnaimh úd in Acadamh Ríoga na hÉireann, is measa fós gan aon mheitheal shainiúil foclóireachta a bheith bunaithe a d'fhéachfadh i ndiaidh bunriachtanas na foclóireachta - stairiúil agus dhátheangach.

Saghas danse macabre é, gné eile de na cluichí báis.