Eagrais fós ag cáineadh Thuarascáil Mhic Cárthaigh

TÁ EAGRAIS Ghaeilge ag leanstan lena bhfeachtas in éadan mholtaí Thuarascáil Mhic Cárthaigh, (An Bord Snip Nua) moltaí, dar le…

TÁ EAGRAIS Ghaeilge ag leanstan lena bhfeachtas in éadan mholtaí Thuarascáil Mhic Cárthaigh, (An Bord Snip Nua) moltaí, dar le mórán grúpaí teanga, a dhéanfaidh dochar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Tá an grúpa Conallach, Guth na Gaeltachta, ag iarraidh “feachtas náisiúnta” in éadan na tuarascála a eagrú trí dhul i dteagmháil le coistí pobail agus comharchumainn.

Dúirt urlabhraí an ghrúpa, Éamonn Mac Niallais, gur feachtas neamhpholaitiúil traspháirtí a bhí ann mar Ghuth na Gaeltachta.

Bhí siad ag díriú ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus bhí siad ag iarraidh daoine a chur ar an eolas faoin tionchar “tromchúiseach” a bheadh ag na moltaí dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Chreid Guth na Gaeltachta gur “bagairt” do dhúshraith na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí sna moltaí agus go raibh siad “éagórach”.

READ MORE

Dúirt Mac Niallais gur thosaigh an grúpa mar fheachtas áitiúil i nDún na nGall. Bhí ionadaithe ó na ceantair Ghaeltachta sa chontae ag tacú leo agus reáchtáil siad cruinnithe poiblí acu le go mbeadh deis ag daoine na ciorruithe a phlé.

Ní ag iarraidh 50,000 síniú ar líne a bhí siad, a dúirt sé, ach go bpléifeadh daoine agus coistí áitiúla a raibh sa tuarascáil, go gcuirfeadh daoine iad féin ar an eolas agus go n-éireodh siad gníomhach dá bharr sin.

Bhí an eagraíocht ag iarraidh ar ghrúpaí achainí a shíniú agus í a sheoladh ar ais chucu. Thug an achainí le fios don Rialtas go raibh Guth na Gaeltachta ag iarraidh cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil; oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint; scéimeanna eile teanga a choinneáil agus a leasú más gá. (Eolas: www.guthnag.com)

Lena chois sin, dúirt Gaelscoileanna, eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge, gur “cúis mhór díomá” gur chinn an tuarascáil “neamhaird iomlán a dhéanamh” de mholadh Roinn an Oideachais agus Eolaíochta gan baint d’obair an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Mhol an tuarascáil gur cheart COGG a ionsú sa Roinn féin ach chreid an Roinn gur chóir go leanfaí COGG den “dea-obair” a bhí ar siúl acu.

Léirigh an Roinn imní fosta “go ndéanfaí leatrom ar chearta dhaltaí agus múinteoirí na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge maidir le tacaíochtaí d’oideachas trí mheán na Gaeilge”.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghaelscoileanna, Bláthnáid Ní Ghréacháin, gur dheacair a chreidiúint go rachadh an tuarascáil “i gcoinne moladh ón Roinn a bhfuil cúram an oideachais lán-Ghaeilge uirthi”.

Léirigh cur chuige na cáipéise go raibh “an ceart ag pobal na Gaeilge easpa muiníne a léiriú i moltaí na tuarascála mar a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an ngaelscolaíocht mar is léir go bhfuil siad bunaithe ar aineolas agus easpa feasachta ar chearta, ghealltanais an Rialtais agus thuiscint ar bith ar chaomhnú cultúir agus oidhreachta”.