TAGANN NA scéalta faoi theangacha chun cinn an t-am seo bliana, abhus agus sa Bhreatain, pobal Béarla an dá oileán ag tochas a gcinn faoi chumas a gcuid páistí sna scrúduithe bliantúla. Cad é mar a d’éirigh leis na páistí sa Fhraincis, sa Spáinnis, sa Ghearmáinis?
Is mór linn in Éirinn an dátheangachas mar idéal – a fhad is nach í an Ghaeilge an dara teanga. Abair le duine éigin go bhfuil do pháiste líofa sa Fhraincis agus déanfar a mhór de. Abair leo gur tógadh le Gaeilge é agus is minice ná a mhalairt a chuirfidh siad ceist (orthu féin) cén fáth an t-am a chur amú.
D’fhoghlaim mise mórán teangacha de bharr oiliúint na mBráithre Críostaí i mBéal Feirste.
Bhí an t-am ann go raibh mé in ann an “’Sé do bheatha, a Mhuire” a rá i bhFraincis, i nGearmáinis agus in Iodáilis. Ba í an phaidir an chéad rud a bhí le foghlaim againn – i bhfad sular chuir tú an trioblóid ort féin treoracha go dtí an stáisiún traenach a fhoghlaim. (Ar ndóigh, d’fhéadfá an phaidir a rá agus tú caillte i lár Bheirlín nó na Róimhe ar lorg stáisiún traenach.)
Níl aon rún ag baint le teangacha a fhoghlaim. Má bhíonn seans agat an teanga a chleachtadh, tagann sí. Muna mbíonn, cailleann tú í.
Tá an rud céanna fíor faoi spórt, chócaireacht, thiomáint agus mórán rudaí eile a bhaineann leis an saol daonna. Tá Gaeilge (agus Béarla) agam de bharr go mbíonn deis agam iad a chleachtadh; níl teangacha eile agam de bharr nach mbíonn.
Mar sin féin, is aisteach mar a bhaineann d’éagumas i dteanga geit asat. Agus mé i mo shuí ar bhinse ollscoile le deireanas, shiúil beirt bhan óga thar bráid, iad beirt ag spalpadh Fraincise go ceolmhar.
Fuair mo chluas greim ar a gcuid cainte, bíodh is nár thuig mé focal di. Bhuel, ní fíor ar fad. Chan siad trí fhocal i mBéarla ag deireadh a gcomhrá: “Irish sexual life.” Agus thosaigh siad a dhéanamh gáire.
An ag amharc ormsa, fear rua, a bhí siad nuair a tháinig na focail “Irish sexual history” astu? Ar chuala siad ráfla éigin faoi chumas iontach an fhir rua ag buaileadh craicinn? (Tá na ráflaí sin fíor, dála an scéil.) Nó, ó tharla ar ollscoil muid, an raibh alt léannta éigin faoi “Irish sexual life” á léamh acu agus iad á phlé?
Ach cén fáth an gáire? Cén fáth?