Eascairdeas

Tá an t-eascairdeas seo ag fás le 20 bliain

Tá an t-eascairdeas seo ag fás le 20 bliain. Ó thosaigh S4C ag craoladh ó thús, bhí sé an-deacair, geall le do-dhéanta fiú, do pholaiteoir gan Bhreatnais ar a thoil aige jab mor a bhaint amach.

Is ionann an scéal le postanna móra san earnáil phríobháideach. Ní bhronntar post mar phríomhfheidhmeannach sa Bhreatain Bheag ar aon iarrthóir aonteangach má tá duine cumasach eile leis an teanga dhúchais ar a thoil aige istigh ar an bpost céanna.

Ach le teacht na déabhlóide tá athrú tagtha ar cheist an náisiúnachais. Is léir go bhfuil slithe eile seachas an teanga chun féinmhuinín agus tírghrá a chur in iúl.

Ó 1999 i leith tá an Mirror ag foilsiú leagan speisialta don Bhreatain Bheag agus ag iarraidh dul in iomaíocht le S4C faoin mBreatnais agus faoi chultúr na tíre.

READ MORE

Is breá leis an Mirror bheith ag gearán faoi S4C agus déanann sé a sheacht ndícheall an teannas idir lucht an Bhéarla agus na Breatnaise a ghéarú.

Beidh toghchán don Tionól náisiúnta ar an bhliain seo chugainn. Tá caint ann cheana fein i measc polaiteoirí áirithe sa Bhreatain Bheag ciste airgeadais £100 milliún S4C a bhogadh ó Londain go Cardiff. Ansin bheadh S4C freagrach do pholaiteoirí na Breataine Bige den chéad uair.

Dá dtarlódh sin, bheadh gach rud athraithe. Bheadh ceisteanna ann faoi luach na gclár agus riarachán an stáisiúin.

Agus an cheist mhór dóibh siúd gan Breatnais ar a dtoil acu: cén fáth go bhfuil siad ag caitheamh an méid sin airgid ar chláracha i dteanga nach dtuigeann ach leathmhilliún duine, nár chóir dóibh an t-airgead a úsáid chun freastal ar an tír ar fad?

Tá súil agam nach ndéanfaí dearmad ar an tseirbhís den scoth atá faighte le 20 bliain anuas agus nach mbeidh muintir S4C agus muintir na teanga ag féachaint siar ar laethanta breátha thús na 1980í nuair a bhí mórchara na teanga, Margaret Thatcher, i réim.