BEOCHEIST:NÍ hAON iontas gur dhiúltaigh Iosrael don bhforógra a rinne 189 stát Dé hAoine ag éileamh comhdháil chun cosc a chur ar scaipeadh arm núicléach sa Meánoirthear. Meastar gurb ag Iosrael atá an t-aon armlann núicléach sa réigiún agus mar is léir óna chuid bagairtí ar an Iaráin, tá sé meáite ar chúrsaí a choinneáil mar sin.
Ní dheimhníonn Iosrael agus ní shéanann sé go bhfuil a leithéidí aige. Ach is é an t-aon stát sa Meánoirthear nach bhfuil an NPT (An Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach) sínithe aige.
Tá an conradh céanna sínithe ag an 189 stát, Meiriceá ina measc, atá ag iarraidh ar Iosrael ligint do chigirí ó na Náisiúin Aontaithe a chuid áiseanna adamhacha a iniúchadh.
Táthar ag iarraidh ar Iosrael freisin páirt a ghlacadh i gcomhdháil i 2012 chun airm ollscriosta a chur faoi chosc i dtíortha ar fad an réigiúin.
Maíonn Iosrael go bhfuil an forógra ag díriú ar an stát s’acusan amháin cé go mbeadh an Iaráin, namhaid shíoraí Iosraeil, páirteach sa gcomhdháil chéanna.
In aineoinn an diúltaithe seo, is céim chun tosaigh é an forógra. Is léir, mar shampla, go bhfuil aitheantas ann nach fiú bheith ag iarraidh ar an Iaráin éirí as forbairt rúnda na cumhachta núicléach fad is atá a stóras rúnda féin ag Iosrael.
Is céim eile chun tosaigh í don gConradh in aghaidh Iomadú Núicléach atá ag iarraidh réiteach a dhéanamh de na hairm seo ar fud an domhain. Agus sa gcomhthéacs seo, is féidir le hÉireannaigh bheith beagáinín bródúil go raibh lámh Éireannach i gceapadh an chonartha seo ón tús.
Tá an scéal ar fad ag Noel Dorr, iar-Ambasadóir na hÉireann chun na Náisiún Aontaithe, ina leabhar tráthúil Ireland at the United Nations—memories of the early years a foilsíodh le déanaí.
Sa leabhar seo, tugann Dorr dúinn léargas ón taobh istigh ar oibriú na heagraíochta domhanda agus ar an ról ar leith a bhíodh ag Éirinn mar iarchoilíneacht neamhspleách a bhris an ceangal le cumhacht ollmhór.
Thugadh an stádas seo áit ar leith dúinne i bhfóram a bhíodh roinnte idir dhá bhloc ollchumhachtacha. Thugtaí cluasa le héisteacht dúinne ón dá thaobh go minic.
Tá sé seo fíor go háirithe faoin dtréimhse ina raibh Proinsias Mac Aogáin mar aire. Bhí an neamhspleáchas intinne aba dhual do sheanóglach léirithe ag Mac Aogáin nuair a vótáil sé ar son díospóireachta sa gcomhdháil faoi ionadaíocht a thabhairt do Phoblacht Phobal na Síne. Chuaigh sé in aghaidh thoil Mheiriceá agus, de réir Dorr, in aghaidh thoil na hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus thar lear.
Cé nach raibh i gceist ach “plé” faoin gceist, ba leor é le glaoch teileafóin a mhealladh ón gCairdinéal Spellman i Nua Eabhrac ag bagairt, de réir chuntas Chonchúir Crús Uí Bhriain, “if he votes for Red China, we’ll raise the Devil”. Tháinig Mac Aogáin faoi chith ionsaithe sa bhaile fósta ó Easpag na Gaillimhe an Dr Michael Browne agus ón Irish Catholic agus The Standard. Ach sheas sé an fód agus mhair sé lena dheimhniú go raibh an ceart cosanta aige.
Arís, i 1958, d’ardaigh sé ceist scaipeadh nó iomadú na n-arm núicléach den chéad uair agus chuir se dréachtrún chun tosaigh a mhol bunú coiste a scrúdódh na contúirtí a bhainfeadh le scaipeadh na n-arm seo.
Mar a mhíníonn Dorr, bhí stair an-chasta taobh thiar den gceist seo sna Náisiúin Aontaithe. Ach is leor a rá, nár chuir na cumhachtaí núicléacha aon fháilte roimh an rún ar a gcúiseanna leithleasacha féin.
Lean Mac Aogáin leis, áfach, agus léiríonn an ráiteas seo uaidh a fhadradharcaí agus a bhí sé: “Revolutionary organisations and groups can come into possession of such weapons by various means and they are more likely to do so according as these weapons become more numerous.” Cuimhnigh gur i 1959 a dúirt sé é seo.
I 1960, chuir sé dréachtrún eile ar an ábhar chun tosaigh agus i mí na Nollag 1961 glacadh d’aonghuth le rún nua-dhréachtaithe na hÉireann.
Bhí an chéad chéim tógtha, agus seacht mbliana níos déanaí, síníodh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach.
Tá spéis ar leith á cur ag an uachtarán Obama sa gceist anois agus b’fhéidir faoina thréimhse chumhachta go mbeidh dul chun cinn i dtreo coisc dhomhanda iomláin.
Tá an turas fada fós ach is ábhar mórtais é gurb é Proinsias Mac Aogáin agus foireann na hÉireann a thug an chéad chéim.
I dtréimhse seo na haithrí náisiúnta, tugann leabhar Dorr ábhar misnigh. Ba chóir dó bheith mar léitheoireacht riachtanach ar chúrsaí staire.