Is faoin phobal atá sé, le cúnamh ón Stát, an Ghaeilge a fhorbairt ina gceantar féin, a dúirt an tAire Éamon Ó Cuív agus é ag ceadú €1.36 milliún do chúig eagras Ghaeltachta faoin Tionscnamh Pleanála Teanga Dé hAoine in Indreabhán, Co na Gaillimhe. B'ionann an tionscnamh seo agus "cur chuige úrnua d'fhorbairt na Gaeilge sa Ghaeltacht" a dúirt sé i ráiteas.
Is iad na heagraíochtaí a fuair maoiniú: Comharchumann Shailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe, €110,000; Comharchumann Ráth Cairn, Co na Mí, €110,000; Comharchumann Forbartha, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, €90,000; Coiste Céim Aniar, Ros Goill, Co Dhún na nGall, € 70,000 agus Comharchumann Forbartha Inis Mór, Co na Gaillimhe, €75,000.
Dúirt urlabhraí thar ceann Choiste Céim Aniar, Caitlín Ní Mhaoileoin, go raibh siad sásta leis an tsuim a fuair siad cé gur iarr siad níos mó airgid: "Is aitheantas é seo go raibh plean maith oibrithe amach againn. Caithfidh muid é a chur i bhfeidhm anois agus beidh sin deacair."
Tá úsáid na Gaeilge sa cheantar imithe i laghad le roinnt blianta agus b'ábhar mór imní é sin acu. Ba é rún an choiste díriú ar 20 lánúin phósta agus tacaíocht a thabhairt dóibh a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge.
Rachadh an coiste ar lorg daoine a bheadh "céad faoin gcéad taobh thiar den scéim" a dúirt sí. Ba é a ndóchas go gcuirfeadh a leithéid de straitéis fuinneamh nua sa Ghaeilge i measc na hóige.
Is thar tréimhse trí bliana a bheidh an maoiniú ar fáil agus beidh réimse mhór seirbhísí agus scéimeanna teanga i gceist ag na grúpaí éagsúla: seirbhísí réamhscolaíochta, óige, spóirt, siamsaíochta, agus seirbhísí do sheanóirí chomh maith le tionscadail a bhaineann le turasóireacht, gnó agus oideachas.
Is é cuspóir na scéimeanna an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh trí ghníomhaíochtaí pobalbhunaithe a chur sa siúl. Beidh sé mar aidhm leis na gníomhachtaí an teanga a chaomhnú agus a neartú.
Agus é ag fógairt na ndeontas, dúirt Ó Cuív go raibh sé suntasach go bhfuair an Roinn 16 iarratas faoin Tionscnamh Pleanála Teanga.
Léirigh seo an spéis a bhí ag pobal na Gaeltachta i bpáirt níos mó agus níos gníomhaí a ghlacadh chun beartais chomhtháite faoi leith a bhunú.
D'ainneoin nach bhfuair ach cúig ghrúpa maoiniú an iarraidh seo, ba mhian leis dul chun cainte leis na heagraíochtaí nach bhfuair aitheantas leis na bealaí is éifeachtaí a aimsiú chun cuidiú leo a gcuid mianta ó thaobh phleanáil teanga a bhaint amach.
"Is céim eile chun tosaigh é an Tionscnamh Pleanála Teanga a chuirfidh ar chumas phobal na Gaeltachta stiúir a ghlacadh ar a bhfuil de dhíth orthu ó thaobh na Gaeilge de ina gceantair féin.
"Tugann an tionscnamh seo feidhm phraiticiúil dá réir sin don méid atá ráite i Ráiteas Straitéise mo Roinne faoi ghníomhú, go forleathan, sraith céimeanna praiticiúla chun an Ghaeilge a láidriú mar an phríomhtheanga pobail sa Ghaeltacht," a dúirt sé.
Dúirt bainisteoir Chomharchumann Shailearna Teo, Morgan Ó Concubhair, gur "ábhar mór dóchais agus misnigh do phobal Chois Fharraige, ó thaobh chaomhnú na teanga agus an chultúir sa gceantar, is ea fógairt an tionscadail seo.
"Ó tharla síorbhrú agus creimeadh bheith ag teacht ar an nGaeilge, ó fhórsaí laistigh agus lasmuigh den cheantar, is ag am na práinne atá muid lenár dteanga agus ár ndúchas a bhronnadh ar an gcéad ghlúin eile."