Faoin Irish Universities Act (1908), bhí sé fágtha faoi Sheanad na hOllscoile nua na riachtanais iontrála a shocrú. Ar sheanad an NUI bhí beirt ón gConradh: Eoin Mac Néill agus de Híde. Bhí de Híde éifeachtach agus straitéiseach ina chuid oibre, agus múinte agus cúirtéiseach i gcónaí. Bhí caidreamh maith cothaithe aige leis an rialtas, le polaiteoirí agus le lucht eaglaise. Leag Mac Néill amach an cás ar son na Gaeilge sa phaimfléad
Irish in the National University, a scaipeadh go forleathan ar fud na tíre.
Is de bharr brú ón Eaglais Chaitliceach a thoiligh rialtas na Breataine ollscoil nua a chur ar bun an chéad lá. Bhí na heaspaig ag glacadh leis go mbeadh an NUI chomh Caitliceach céanna is a bhí TCD Protastúnach. Ach bhí an Conradh ag éileamh rud eile: go mbeadh an coláiste nua “Irish in the same sense that Oxford and Cambridge are English”.
Ní nach ionadh, tháinig imní ar Mhá Nuad, mar go raibh an chuma ar an scéal go raibh éileamh an Chonartha ag bailiú tacaíochta. Thosaigh ionadaithe na hEaglaise ag labhairt amach in aghaidh éileamh an Chonartha.
Faoi thús 1909 bhí an cath idir an dá thaobh ag géarú agus ag éirí níos oscailte agus níos binbí. Cháin an tAthair Micheál Ó hIceadha an chléir a bhí ar Sheanad na hOllscoile, agus thug sé go fíochmhar faoin Íosánach Dr. Delaney.
Dúirt sé go raibh cuid de na heaspaig ag iarraidh go mbunófaí “West Briton University” ar mhaithe leis na “few colleges which specialise in the secondary education of the Catholic Snobocracy ... An Irish University is not to be forced upon Catholic West Briton but a West Briton University is to be forced upon Catholic and nationalist Ireland.” Cuireadh é as a phost de bharr a chuid cainte.