Feallann an Rialtas ar Fhoras na Gaeilge

Ba é an chéad smaoineamh a rith leis an cholúnaí seo i ndiaidh gur fhógair an Rialtas go raibh Foras na Gaeilge le bogadh go …

Ba é an chéad smaoineamh a rith leis an cholúnaí seo i ndiaidh gur fhógair an Rialtas go raibh Foras na Gaeilge le bogadh go Gaoth Dobhair, so fwhat!

Dá mbogfaí an Foras go dtí an taobh thall den ghaelach an ndéanfadh sé difear ar bith do chúis na teanga?

(Ba é an dara smaoineamh nach mbeadh go leor Mocha ná Latte i dTír Chonaill a choinneodh an dé san fhoireann bhocht.)

Ach níor cheart dúinn ligean don searbhas an lámh in uachtar a fháil ar an chéill. Is doiligh agus ródhoiligh an Foras a chosaint mar eagras. Cruthaíonn a n-anchumas le plean straitéiseach agus cuntais a fhoilsiú náire phoiblí nach féidir leo éalú uaithi.

READ MORE

Tá an Foras ag plúchadh cibé fuinneamh nó dóchas a bhí sna heagrais dheonacha sa Stát seo - agus déanfaidh siad an rud céanna ar ball do na heagrais sa Tuaisceart - de bharr nach bhfuil siad ábalta ceannasaíocht shamhlaíoch shoiléir a chur ar fáil.

Ach dá olcas an Foras, dá mhí-éifeachtaí é, is náire shaolta é go bhfuil an Rialtas i ndiaidh an Diktat seo de dhílárú a eisiúint agus an t-eagras náisiúnta is mó atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge a ruaigeadh as príomhchathair na hÉireann.

Agus ruaigeadh atá ann. Má chruthaíonn sé cúpla jab i nGaoth Dobhair, ní bheidh ann ach taisme. Ní hé leas Ghaoth Dobhair nó leas an Fhorais atá taobh thiar den chinneadh seo - ach leas chiste an Rialtais; ba mhaith leo foirgnimh sa phríomhchathair a dhíol le lucht gnó.

Tugann cinneadh seo an Rialtais le fios go soiléir nach fiú biorán leo an t-eagras féin ná na heagrais eile atá mar chuid de - an Coiste Téarmaíochta agus an Gúm, mar shampla - ná na heagrais a mhaoinítear as a gciste - Gael-Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, srl.

Tá eagras náisiúnta teanga le bogadh as Cearnóg Mhuirfean agus le cur i monarcha ar eastát tionsclaíochta. Bí ag caint ar mhasla agus ar chéim síos.

Tá an Chomhairle Ealaíon le bogadh as an chearnóg chéanna go Cill Airne ach tig leat bheith cinnte de nach lonnófar i monarcha iad. Tá an t-ádh ar mhuintir an Fhorais nach raibh scioból folamh le fáil istigh i dToraigh.

Is bocht an íomhá don teanga a chruthaíonn an tAire Éamon Ó Cuív as tacú leis an chinneadh leatromach seo agus é le cluinstin ar Nuacht TG4 á rá go ndéanfaidh monarcha fholamh cúis d'eagras trasteorann uile-Éireann teanga.

Agus seo muid ag smaoineamh gur teanga nua-aoiseach í an Ghaeilge a bhain le gach gné den saol comhaimseartha.

D'oh!

Cinnte, is sa Ghaeltacht is mó a mhaireann an teanga mar mheán beo pobail ach ní den Ghaeltacht amháin í agus ní gá do gach eagras nó gach cainteoir bheith lonnaithe taobh istigh dá teorainneacha. Labhartar Gaeilge ar fud na hÉireann agus caithfidh na heagrais teanga bheith ina scáthán ar na sruthanna éagsúla sin.

(Ná déanaimis dearmad go bhfuil eagras eile stáit - Institiúid Teangeolaíochta Éireann - le scor ar ball agus gan iomrá ar dhream ar bith a chomhlíonfadh a gcúraimí i leith staidéir is taighde. Is comhartha soiléir eile é an méid sin den chúlú atá ar siúl.)

Ar bhonn praiticiúil, tá ceisteanna le cur faoin aistriú siar. Beidh príomhoifig an Fhorais i nGaoth Dobhair agus oifig réigiúnda i mBéal Feirste - dhá oifig in aon chúige amháin. Cad é is fiú an dara hoifig i mBéal Feirste anois ar chor ar bith? An ndruidfear í - i ndiaidh ar caitheadh de dhua chun í a bhunú?

Cad é an soláthar is féidir leis an Fhoras a dhéanamh don phobal ollmhór neamhghníomhach Gaeilge atá beo ar fad sa Stát agus iad ar imeall an Stáit chéanna? Cad é an teagmháil feasta a bheidh ag muintir Luimní, Shligligh, Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath i ngnó seo na teanga?

Cad é is fiú Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a lonnú san aon réigiún amháin? Bíonn trasnaíl i gceist lena gcuid oibre ach ní hionann ar fad a gcuspóirí agus ó tharla nach bhfuil plean gníomhaíochta aontaithe acu, tig leat bheith cinnte de go dtiocfaidh siad salach ar a chéile.

Cluiche ping-pong cultúrtha a bheidh ann agus gach eagras ag freagairt an ghutháin agus á rá: "Ní bhaineann sin linn; labhair leis an dream ar an taobh thall den bhóthar."

Cuirfidh an dílárú as do cibé cén iarrachtaí earcaíochta atá ar siúl faoi láthair. Níos measa arís, éireoidh feidhmeannaigh atá ann cheana féin as a gcuid post agus beidh gá leis na folúntais sin a líonadh sula líontar na cinn nua. Beidh na heagrais dheonacha agus gach aon duine eile atá ar lorg cuidithe nó treorach greamaithe den fháinne fí uair amháin eile.

Níl ach focal amháin ar chinneadh an Rialtais seo - feall. Feall ar an Fhoras féin, gan amhras, ach feall fosta ar gach duine ar mór leis ceist na teanga. Ní dílárú atá ar siúl ach díothú: díothú cumhachta; díothú tionchair agus díothú teagmhála.

Sa ghearrthéarma, caithfidh an Foras a choinneáil i mBaile Átha Cliath agus féacháil le maith inteacht a bhaint astu. Is gá don Aire Éamon Ó Cuív gníomhú in éadan an chinnidh seo. Tá dul amú air má chreideann sé nach mbainfidh an dílárú seo dá chumhacht féin.

Is ar éigean a bhacfaidh polaiteoirí an chúpla focal le ceisteanna teanga ná cultúir anois ó tá an t-eagras is tábhachtaí (nach ionann agus éifeachtach) scuabtha amach as radharc go gulag na Gaeltachta. Luath nó mall, beidh drochthoradh ag an dílárú ar a bhfuil ar siúl aige féin - agus aige féin amháin beagnach - sa chuibhreann cultúir seo.

Ach san fhadtéarma, caithfidh deireadh ar fad a chur leis an Fhoras. Ní raibh ann an chéad lá riamh ach sop, sop mídhaonlathach nach raibh ionadaíoch de phobal teanga an oileáin.

Ba cheart tosú as an úr agus gach eagras - ó Údarás na Gaeltachta go Comhluadar - a chaitheamh isteach in aon phota amháin agus oideas nua don stobhach Gaelach a thriail.

Mura ndéantar, tá gach seans go bhfaighidh muid uilig bás den ocras.