Feile fhabhtach

Bhí Béal Feirste lán le spleodar, spiorad agus paisean ag an deireadh seachtaine, a scríobhann Máiréad Ní Mhaoilchiaráin…

Bhí Béal Feirste lán le spleodar, spiorad agus paisean ag an deireadh seachtaine, a scríobhann Máiréad Ní Mhaoilchiaráin.

Bhí bagairtí buama ann, ritheadh an maratón agus rinneadh comóradh mór ar na daoine a fuair bás le linn na stailceanna ocrais i 1981. Ba chóir go mbeadh ócáid ar leith eile i mbéal an phobail ag an deireadh seachtaine, An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta, ach faraor níorbh amhlaidh é.

Is í an fhéile seo spriocphointe gach cumann drámaíochta ar fud na tíre; deireadh seachtaine a thugann le chéile drámaí d'ardchaighdeán agus príomhaisteoirí Gaeilge agus a thugann deis do dhaoine a gcultúr, ceol, amhránaíochta agus damhsa a chleachtadh.

Ní mar seo a bhí i mbliana. Ní raibh ach sé dhráma ar an stáitse; ní raibh mórán lucht féachana ag na drámaí agus ní raibh a leithéid de rud ann agus club na féile.

READ MORE

An bhliain deireanach a bhí an Fhéile Náisiúnta i mBéal Feirste i 1993, bhí Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich lán go doras gach aon oíche, ach go háirithe ar lá na ngradam. Craoladh bronnadh na ngradam beo ar Raidió na Gaeltachta i mbliana ach bhí macalla le cloisteáil sa halla. Murach na haisteoirí féin ní bheadh duine nó deoraí i láthair.

Ní raibh oiread is boscadóir eagraithe, gan labhairt ar bhanna ceoil leis an slua a spreagadh agus píosa beag spraoi a chur ar fáil do na cuairteoirí.

D'imigh an lá a raibh ionadaíocht ag beagnach gach aon Ghaeltacht san ócáid. Cad é a tharla do Chumann Chorr na Móna agus áiteacha mar Cheathrú Thadgh, Túr Mhic Eadaigh, Gaoth Dobhair, Teileann, Gort a' Choirce, an Daingean, an Fheoitheanaigh, an Rinn, an Cheathrú Rua agus an Spidéal? Agus cad é a tharla don choimhlint a bhí i gcónaí ann idir na hollscoileanna?

Bhí ceann de na féilte áitiúla in Iúr Cinn Trá, Co an Dúin, i mbliana agus ní raibh ach dhá dhráma páirteach ann. Bhí ceathrar sa lucht féachana, ina measc an moltóir.

Chuaigh rudaí chun donais ar fad i mBéal Feirste. Ó thús go deireadh bhí drocheagrú ar an fhéile. Bhí easpa foirne timpeall le cuidiú a thabhairt do na cumainn. Bhí an chosúlacht ann nach raibh treoir nó comhairle ag teacht ón choiste náisiúnta nó ón chomhlachas féin.

Beidh an Fhéile Náisiúnta ar siúl i gCorca Dhuibhne, Co Chiarraí, an bhliain seo chugainn. Ach muna ndéantar athbhreithniú iomlán ar an chóras atá ann faoi láthair, is beag dóchas atá ann do dhrámaíocht na Gaeilge.

Orthu seo ar éirigh leo gradam a bhaint amach i mBéal Feirste, bhí Aisteoirí Ghobnatan, Baile Mhuirne, leis an dráma An Triúr Deirfiúr. Fuair Edward Hutchinson agus Tomas Ó Luing gradaim aisteoireachta d'Aisteoirí Bhreanainn sa dráma An Plean Margaíochta agus fuair Áine Ní Chonaire gradam aisteoireachta sa dráma Bidín.

Is é tAthair Tómas Ó hIceadha a fuair an gradam léiritheoireachta ar son An Plean Margaíochta.