CROBHINGNE:LE DEICH lá anuas tá ár gcloigne ramhar le figiúir. Go deimhin, tá figiúir agus staitisticí agus digití fada gan áireamh ag gabháil steallaidh orainn. Go dearfa, is cuma nó bulla báisín leite ár gcuid inchinne le praiseach na mias. Go siúrálta, ní dioscúrsa poiblí go figiúir mar gheall ar na bainc agus ar an gcóras lofa airgeadais.
Ní fiú figiúr ar bith díobh a lua anois, mar beidh a athrach d’fhigiúr ann amárach. Tá measta go gcosnóidh cúrsaí bancaeireachta breis agus €6,000 an duine orainn, idir fhir, mhná, pháistí agus pé inscní eile atá amuigh ansin eadrainn.
N’fheadar an €40 billiún a chosnóidh Banc Angla-Éireann orainn, nó b’fhéidir gur €40 trilliún a bhí i gceist. Pé tomhas a dhéanfar i láthair na huaire, is fearr é a mhéadú faoi thrí agus geall dá réir a chur le Paddy Power.
Ní fiú a bheith leo mar ar éigean go nochtfaidh an aimsir, agus tá amhras orm i dtaobh na staire féin. Beidh na figiúir chruinne curtha san áit chéanna ina gcuirtear na corpáin i bhfolach, agus is fearr a d’oirfeadh foireann árseolaithe dúinn chun na fírinne a fhionnadh ná dream ar bith eile. Ach ní go ceann i bhfad.
Músclaíonn figiúir na haimsire caite seordán i measc mhuintir an lae inniu. Má tá sé i bhfad róluath áireamh a dhéanamh ar mhéid an dochair a dhein cneamhairí an chaipitleachais agus creachadóirí coirpiúla na críche orainn, tá róluath, leis, áireamh a dhéanamh ar na cnoca corpán a fágadh sínte san Iaráic de dheasca ionsaí Mheiriceá agus na hEorpa ar an tír sin.
Ach oiread leis na drochbhuachaillí a ghlasaigh a ndoras féin tar éis na foghla orainn, bíodh de dheimhne agat go mbeidh an cnoc corpán a dhá oiread níos airde ná pé áireamh oifigiúil a dhéanfar.
Ní ag leagadh na bhfoirgneamh folamh shock an’awe a bhí na pléascáin sin a las an spéir dúinn ná na ruathair a dhein cipíní agus smionagar de Falluja.
Ina choinne sin thall, bíonn athmheastacháin á ndéanamh ar fhigiúir na staire riamh is choíche, athmheastacháin a mbíonn leathshúil acu ar pholaitíocht an lae inniu, mar a bhíonn ag an staraí is fearr. Nuair a bhí sorcas na staraithe ar a chamchuaird ar fud na tíre suim bhlianta ó shin agus cuimhní an ghorta á múscailt acu bhí ina dhíospóireacht ar mhilliún nó leathmhilliún nó gan ach an cúpla céad míle suarach féin a chuaigh dá n-éag de thoradh an ocrais mhóir. Dá n-áiteofaí ar son na huimhreach b’ísle ba mhó an seans a bhí ann go bhféadfaí an milleán a leagadh ar Dhia; ach dá mbeadh an figiúr is airde níos gaire don fhírinne, ní fhéadfaí gan lámh Shasana a fheiscint sa ghnó. D’fhéadfaí cosaint a dhéanamh ar chúpla céad míle ceart go leor, ach figiúr níos scanrúla é an milliún.
D’éirigh conspóid den saghas céanna tamall gairid ó shin timpeall ar an mbuamáil a déanadh ar Dhresden i dtreo dheireadh an chogaidh mhóir idir An Ghearmáin agus An tSóivéid Aontaithe (móide roinnt cabhrach aniar, gan amhras).
D’áitítí go bhfuair suas le leathmhilliún saoránach bás ar an oíche chinniúnach bharbartha sin Feabhra 1945 nuair a déanadh caor thine agus oigheann lasrach den chathair. Ach faraoir cráite, d’eisigh coimisiún de staraithe Gearmánacha tuarascáil an tseachtain cheana a d’áitigh nár loisceadh ach timpeall is 25,000 duine sa spóirseach ar fad.
Is dócha go bhfuil sin ceart go leor, mar sin. Chuir an tuarascáil eite dheis na Gearmáine (níl siad imithe ar fad, tá’s agat) le cuthach buile, mar b’fhearr leo dá mba rud é gur maraíodh níos mó fós. Is lánait iad a bheith ag argóint nár cuireadh oiread sin Giúdach agus Giofóg agus Gé chun gáis, agus ag an am céanna iad ag dúil gur loisceadh i bhfad níos mó Gearmánach in Dresden. Ach is ait an mac an bás agus dúisíonn sé loighic mhodartha thall is abhus.
Figiúr uathbhásach céanna is ea líon na mban nach ann dóibh. Tá oiread sin maitheasa agus dul chun cinn déanta ag an bhfeimineachas san iarthar gurb ait leat go bhfuil sé ciúin timpeall ar an ár is mó atá á dhéanamh ar mhná ar fud an domhain. Meastar go bhfuil suas le 100 milliún bean imithe ar throigh gan tuairisc san India agus sa tSín faoi láthair.
An chuid is mó díobh sin níor tháinig siad ar an saol ar chor ar bith sa chéad áit, nó má tháinig fuarthas áit dheas chluthair dóibh i bpoll nó faoi charn aoiligh éigin tar éis lae nó dhó. Is fíor nach cailíní deasa saibhre iad seo agus fadhbanna siopadóireachta acu, ach is féidir le cailíní cneasdorcha agus cneasbhuí saol luachmhar a chaitheamh chomh maith céanna. B’fhéidir gur figiúr ró-ard an 100 milliún sin. B’fhéidir nach bhfuil ann ach 90 milliún, ach cé tá ag comhaireamh?