File cumasach; duine ionraic, coinsiasach, idéalach

CÁ RAIBH tusa oíche Mháirt, 4ú Meitheamh 1974?

CÁ RAIBH tusa oíche Mháirt, 4ú Meitheamh 1974?

Más cuimhin leat is cinnte go bhfuil tú ag teannadh ar an leathchéad faoin am seo nó go bhfuil tú ag aois nach cuimhin leat tada i dtaobh na bliana úd ar aon chaoi.

Bhuel, más duine tú gur suim leat litríocht na Gaeilge, tharla rud tábhachtach an oíche sin san ardchathair.

Ó stáitse Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath le linn oíche filíochta d’fhógair an file Béarla Michael Hartnett don domhan mór is d’éinne eile a bhí ag éisteacht go raibh sé chun a chúl a thabhairt d’fhilíocht an Bhéarla agus a aghaidh a thabhairt feasta ar fhilíocht na Gaeilge.

READ MORE

Ní gá a rá go raibh na meáin ó chuile chearn den domhan dírithe air a thúisce agus a d’oscail sé a bhéal!

Mar fhile Béarla ag an am ní bheadh sé luaite san abairt chéanna le Kinsella, Kennelly, Heaney, Longley, Montague, Mahon nó Muldoon ach fós bhí sé ard go leor i gcéimlathas na héigse Béarla.

Bhí sé chun dul ó Michael Hartnett go Mícheál Ó hAirtnéide agus éirí as a bheith ag cumadh ranna trí mheán an Bhéarla.

Bhí sé chun é féin a phurgú ó phurgóid an Bhéarlachais agus gortghlanadh a dhéanamh ar a aigne fhileata. Gníomh buile nó gníomh gaile is gaisce?

I have made my choice

and leave with little weeping:

I have come with meagre voice

to court the language of my people.

(A Farewell to English)

Ní raibh sé chun a bheith ina fhile dátheangach. Bhí sé chun an Béarla a chaitheamh uaidh ar fad.

Cé go raibh a shaol caite aige go dtí an pointe sin ag scríobh trí mheán an Bhéarla agus feiniméan Innti imithe sa fhraoch uaidh, fós bhí claonadh láidir ann i gcónaí chun scríobh as Gaeilge.

Bhí na mórfhilí léite aige agus é faoi gheasa, ní foláir, ag Eoghan “an Bhéil Bhinn” Ó Súilleabháin, ag Aogán “Athair na nAislingí” Ó Rathaille, ag Pádraigín Haicéad agus ag filí a raibh nasc acu le Luimneach, a chontae dúchais féin – Dáibhí Ó Bruadair agus filí na Máighe: Aindrias “An Mangaire Súgach” Mac Craith agus Séan Ó Tuama an Ghrinn.

Le linn dó seal a chaitheamh i Londain sna 1960í luatha chuir sé aithne mhaith ar an bhfile agus an t-amhránaí ar an sean-nós, Caitlín Maude, agus eatarthu beirt scríobh siad dráma don stáitse, An Lasair Choille.

Léiríodh an dráma sin sa Taibhdhearc ar dtús agus ina dhiaidh sin in Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna éagsúla eile.

Tá sé ar chúrsa litríochta ainmnithe na hArdteistiméireachta faoi láthair. Tá an chosúlacht ar an scéal gur chum Hartnett an dráma don chéad uair as Béarla agus gur aistrigh Maude go Gaeilge ansin é.

Dráma an-mhaith, an-fhileata. Tá mian na saoirse pearsanta agus guth uaigneach an ealaíontóra nach n-éisteann éinne leis mar phríomhthéamaí ann. Tá an chuma ar an scéal, áfach, go raibh díomá nach beag ar Hartnett nuair nár thug lucht na Gaeilge níos mó tacaíochta don dráma.

Go gairid tar éis dó a fhógra cinniúnach a dhéanamh agus dúshlán na Gaeilge a thabhairt, d’fhág Hartnett agus a chúram an ardchathair agus d’fhill ar Ghleanntán an Teampaill agus cheannaigh teach ann, gar dá cheantar dúchais féin, An Caisleán Nua Thiar.

Theastaigh uaidh a bheith níos gaire do dhúchas na teanga. Is ait liom féin nár thug sé aghaidh ar Ghaeltacht éigin mar is cinnte go mbeadh níos mó Gaeilge le clos san ardchathair ag an am ná mar a chloisfeá ina cheantar dúchais féin.

Cé gur thiontaigh sé chun na Gaeilge, is léir go raibh fadhbanna aige maidir le “maorlathas na teanga”:

“My main and most simple reason for changing to Gaelic is that I love the language. (I have no interest in Conradhs, Cumanns, Coimisiúns or churches.)”

Arís, is ait liom é sin. Níor theastaigh uaidh aon bhaint a bheith aige le Gluaiseacht Athbheochan na Gaeilge ná leis an gcréatúr bocht sin “An Gaeilgeoir Oifigiúil”.

Déanaim amach go raibh íomhá sheanchaite ina aigne aige de ghluaiseacht na Gaeilge, íomhá a bhí athraithe cuid mhaith i lár na 1970í.

Roinn mé féin ardán le Hartnett, Davitt agus Eithne Strong i gCorrán Grattan in Inse Chór ag “Oíche Cheoil agus Filíochta in Ómós do Mhícheál Ó hAirtnéide” Dé Céadaoin 2ú Bealtaine 1990, ócáid a d’eagraigh Craobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge.

Bhíodh léamhanna filíochta ar siúl rialta go leor i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair freisin ag an am sin.

An bhliain dár gcionn, 1991, roghnaíodh trí dhán dá chuid le bheith sa chnuasach deifinídeach den “fhilíocht is fearr a cumadh sa Ghaeilge le 100 bliain anuas” (Coiscéim Na hAoise Seo, eag. Seán Ó Tuama agus Louis de Paor) – onóir nach beag d’fhile a bhí éirithe as a bheith ag scríobh as Gaeilge le seacht mbliana ag an bpointe sin.

Sa réamhrá don chnuasach dúirt An Tuamach an méid seo ina thaobh, áfach: “Tá a ghuth fileata níos gléiní, níos nádúrtha, b’fhéidir, ina dhánta Gaeilge ná ina chuid dánta Béarla ...

“Ina dhiaidh sin dá nádúrtha an guth a d’aimsigh sé dó féin nuair a d’iompaigh sé ón mBéarla, agus dá mhealltaí an fhéith liriciúil a tháinig chun cinn ina shaothar, is minic gur deacair leis an t-ábhar a ionramháil go sásúil ná a shlánú go críochnúil trí mheán na Gaeilge.”

Sa bhliain 1984 d’fhág Hartnett Teampall an Ghleanntáin agus a chúram ina dhiaidh agus d’fhill ar an ardchathair ina aonar agus chuir sé faoi amuigh in Inse Chór.

Faoin mbliain 1985 bhí ceithre chnuasach dá chuid bundánta Gaeilge foilsithe ag an Gallery Press agus Coiscéim.

Chaith sé an chuid eile dá shaol ag scríobh filíochta Béarla go príomha agus ag aistriú saothar filí Gaeilge go Béarla. D’fhoilsigh Gallery an tríológ sin, Ó Bruadair (1985), Haicéad (1993) agus Ó Rathaille (1998).

Sa tréimhse idir 1984 agus an bhliain a cailleadh é, d’fhéach Hartnett air féin mar fhile dátheangach.

Creidim féin gur duine ionraic, coinsiasach, idéalach a bhí ann agus file cumasach sa dá theanga.

Ceapaim go raibh sé lándáiríre faoin gcinneadh a rinne sé i 1974 agus nach geáitsíocht phoiblíochta a bhí ar bun aige.

Pé ar bith bhí an fhadhb óil a bhí aige imithe ó smacht ar fad agus cailleadh é ar thairseach na Mílaoise Nua i 1999 in aois a 58.

Gach bliain ó 2000 bíonn Éigse Michael Hartnett ar siúl sa Chaisleán Nua Thiar agus gach re bliain bronntar Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide ar fhile Gaeilge éigin. Anuraidh nochtaíodh dealbh den fhile sa chearnóg ina bhaile dúchais.

Na réalta bheith dall, an ghaoth bheith balbh,

raghaidh an ghné sin liom sa talamh

is eibhear a scéimhe millte le salann.

(Gné na Gaeltachta)

D’fhoilsigh an Mercier Press, Corcaigh, A Rebel Act le Pat Walsh ar na mallaibh. Is fiú go mór é a léamh.


Údar agus file é Mícheál Ó Ruairc. Tá Tóraíocht Taisce, úrscéal do dhéagóirí 12-15, díreach foilsithe ag Cois Life.

céimlathaspecking order – gortghlanadhclearout – claonadhtendency – faoi gheasaenthralled – tacaíochtsupport – cinniúnachfateful – dúshlánchallenge – maorlathasbureaucracy – seanchaiteold fashioned – ionramháilhandle/manage – go príomhaprincipally – tríológtrilogy – geáitsíocht phoiblíochtapublicity stunt – tairseachthreshold