File pobail na Breataine Bige abhus in Eirinn

Dán Breatnaise, a chum sé féin, a fheiceáil scríofa ar bhalla leithris i dteach tábhairne in Aberystwyth, b'shin an rud is mó…

Dán Breatnaise, a chum sé féin, a fheiceáil scríofa ar bhalla leithris i dteach tábhairne in Aberystwyth, b'shin an rud is mó is mó thug sásamh don fhile iomráiteach, Ifor ap Glyn, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bhí Ifor ap Glyn ar camchuairt in Éirinn an tseachtain seo caite agus bhí deis ag an iriseoir seo éisteacht leis ag léamh ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, agus labhairt leis i ndiaidh na hócáide.

Is file é a chreideann go bhfuil feidhm shóisialta leis an fhilíocht chomh maith le feidhm ealaíne. Teastaíonn uaidh an fhilíocht a thabhairt ar ais i saol an phobail agus feictear dó go bhfuil an ról céanna aige féin mar fhile agus a bhí ag na filí anallód.

A ndála siúd, cleachtann sé an fhoirm véarsaíochta traidisiúnta, englynion, chun comóradh a dhéanamh ar ócáid nó chun aor a dhéanamh nó chun an pobal a ghríosú chun gnímh.

READ MORE

Is dóigh leis go bhfuil an fhilíocht i bhfad níos lárnaí i saol mhuintir na Breataine Bige ná mar atá i Sasana agus luaigh sé an clár raidió Breatnaise, Talwrn, ina mbíonn dhá fhoireann in iomaíocht fhileata lena chéile.

Nuair a bronnadh an gradam is airde filíochta san Eisteddfod air féin, ceithre bliana ó shin, bhí an oiread sin measa ag muintir a bhaile féin, Caernarvon, air go mbíodh deochanna á seasamh dó i ngach tábhairne ina dtéadh sé go ceann seachtaine. Bíonn díol níos fearr ar leabhair fhilíochta Bhreatnaise sa Bhreatain Bheag ná mar a bhíonn ar leabhair fhilíochta Bhéarla.

Ach ní leor leis bheith in ann a rá go bhfuil an fhilíocht i riocht níos sláintiúla sa Bhreatain Bheag ná mar atá i Sasana. Teastaíonn uaidh í a thabhairt do phobal níos fairsinge fós. Ar chúiseanna nach raibh neart ar bith acu orthu níl Breatnais ag 4/5 de mhuintir na Breataine Bige. Chomh fada agus a bhaineann sé leis féin is leo an teanga an oiread chéanna agus is leis féin í.

Ba mhaith leis fosta filíocht na Breatnaise a thabhairt lasmuigh den Bhreatain Bheag ionas go mbeadh guth an mhionlaigh Breatnaiseoirí le cloisint i dtíortha eile. Ach chun teacht ar phobal níos fairsinge ní mór dul i muinín an aistriúcháin agus, cé go dtuigeann sé na cúiseanna atá ag filí áirithe le gan a a saothar a aistriú go Béarla, níl sé féin ina choinne.

Ach nuair a labhraíonn Ifor ap Glyn faoi aistriúchán tá dhá chineál aistriúcháin i gceist aige - aistriú ó theanga go teanga agus aistriú ó mheán amháin go meán eile.

Is léiritheoir teilifíse é agus mar gheall air sin tá roinnt áiseanna agus uirlisí ar fáil dó a chuireann ar a chumas léiriú físe dá dhánta, mar aon le fotheidil Bhéarla, a thaispeáint ar scáileán ag an am céanna agus a bhíonn sé féin ag aithris na ndánta.

Bhain sé leas as na teicnicí seo ar fad agus é ag déanamh cur síos ar a shaothar i gColáiste Phádraig. Taispeánadh físeán, a rinne sé féin, den chnuasach filíochta, Golau yn Gwyll (Solas sa Chlapsholas), a bhuaigh coróin an Eisteddfod, agus ba mhór an cuidiú é do dhaoine gan Breatnais tuiscint a fháil ar an fhilíocht agus léargas breise a fháil ar aigne an fhile.

Ba mhór idir an léiriú seo agus na hócáidí filíochta leadránacha a bhfuil taithí againn orthu anseo in Éirinn ina léann an file a shaothar i nGaeilge agus ansin aistriúchán Béarla ina dhiaidh.

Bunaithe ar thaithí Ifor ap Glyn mar mhúinteoir Breatnaise d'fhoghlaimeoirí fásta atá na dánta sa chnuasach Golau yn Gwyll agus tá léargas le fáil iontu ar dhearcadh cainteoirí dúchais i leith foghlaimeoirí agus ar dhearcadh foghlaimeoirí i leith na teanga.

Ní amháin go dtugann sé seo léargas breise ar an fhilíocht ach ní bhíonn ar an lucht freastail éisteacht leis an bhundán i mBreatnais agus ansin aistriúchán Béarla ina dhiaidh.

Luaigh sé filí áirithe atá ar aithne aige nach léann ach an t-aistriúchán, rud atá, dar leis, thar a bheith mí-ionraic. Cuireann sé an-tábhacht leis an aithriseoireacht agus tá bua iontach aisteoireachta aige féin a chuireann go mór leis an chur i láthair. Baineann sé úsáid as ceol chun rithim agus atmaisféar a chur in iúl. Is ó bheith ag cumadh liricí do bhanna ceoil a thosaigh sé féin mar fhile.

I Londain Shasana a rugadh é agus bhí cónaí air ansin go dtí go raibh sé 19 bliain d'aois. Ach ba í an Bhreatnais teanga an teaghlaigh. Agus é ag fás bhíodh thart faoi 20 séipéal i Londain ina mbíodh seirbhisí i mBreatnais iontu.

Ach bíodh go raibh daoine de gach uile chine ag cur fúthu i Londain agus é ag fás aníos, ní dheachaigh sé i bhfeidhm air go raibh teangacha éagsúla á labhairt acu go dtí go ndeachaigh sé chun scrúdú O-Leibhéal a dhéanamh sa Bhreatnais.

Bhí buachaill, a raibh aithne aige air le cúig nó sé de bhlianta, ag déanamh scrúdú Ioruaise san ionad céanna. Is ansin a fuair sé amach gurb í an Ioruais a labhraíodh a chara lena mhuintir sa bhaile agus fuair an cara amach gurbh í an Bhreatnais teanga a mhuintire féin.

Tar éis dó an scoil a fhágail rinne sé staidéar foirmeálta ar an Bhreatnais in Ollscoil Caerdydd.