Ba cheart Iontaobhas uile-Éireann a bhunú le forbairt a dhéanamh ar chúrsaí gaelscolaíochta, a dúirt ceannaire an SDLP, Mark Durkan, agus é ag seoladh cáipéis nua moltaí, Comhoibriú Thuaidh/Theas - Tá Ciall Leis, i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste Dé Luain.
Déantar roinnt moltaí sa cháipéis faoi chás na Gaeilge agus faoin teanga san earnáil oideachais.
Thug Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain, le fios le déanaí go raibh earnáil an oideachais faoi scrúdú. Baineann impleachtaí leis an scrúdú sin don Ghaeilge. De réir an SDLP, tá "an chuma ar an scéal go bhfuil deireadh le maoiniú rialtas Thuaisceart na hÉireann d'fhorbairt na gaelscolaíochta ó thuaidh, gléas a bheidh san Iontaobhas úr le foinse úr airgid a bheith ann d'fhorbairt soláthar úr".
Ba cheart fosta fóram thuaidh/theas don ghaelscolaíocht a bhunú. Bheadh de chúram ar an eagras seo: eolas, dea-chleachtadh agus comhoibriú a chothú; áiseanna teagaisc agus foghlama a mheas agus a mhalartú agus deiseanna caidrimh agus eolais ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta a éascú.
Ag díriú ar an Tuaisceart amháin, léiríonn an páirtí imní faoi chaighdeán agus líon na dtéacsleabhar Gaeilge atá ann; níl "freastal cuí á dhéanamh ar fhoghlaimeoirí sna meánscoileanna Béarla, áit a bhfuil líon mór acu. San am i láthair, níl ach beagán leabhar ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí Gaeilge le freastal ar an réimse leathan cumais atá sna daltaí."
Creideann an SDLP go bhfuil géarghá le hinfheistiú suntasach airgid in áiseanna teagaisc i scoileanna Béarla, áiseanna ina n-áiríonn siad téacsleabhair, bogearraí ríomhaireachta agus ar-líne.
Pléann an doiciméad ceist choigilteach Scrúdú Cáilíochta na Gaeilge agus molann comhoibriú idir Coláiste Marino agus institiúid tríú leibhéal sa Tuaisceart leis an scrúdú a chur ar fáil mar chuid de thraenáil inseirbhíse. Moltar fosta polasaithe teangacha in Éirinn "a iniúchadh i gcomhthéacs na hEorpa agus na n-oileán seo".
Sheol an t-eagras Gaeilge i mBéal Feirste, Pobal, a gcuid moltaí d'Acht Teanga do Thuaisceart Éireann an tseachtain seo caite. Scríobhann an Seanadóir Maurice Hayes sa réamhrá: "Ní aontaím féin le gach rud a mholtar, ach ní chuige sin atáimid. Is é rud is mithid anois ná díospóireacht oscailte ina mbeadh na haisteoirí uilig páirteach, as a dtiocfadh acht a chuirfeadh ar chumas rialtas na Breataine cloí lena dhualgais faoi chonarthaí áirithe idirnáisiúnta, acht a thabharfadh cabhair is cosaint do Ghaeilgeoirí sa Tuaisceart agus iad ag déileáil le forais phoiblí, acht a chaomhnódh is a neartódh an Ghaeilge is na pobail labhartha Gaeilge mar aicme faoi leith i mórphobal ilchultúrtha."
Molann an cháipéis oifig Choimisinéir Teanga a bhunú agus déantar moltaí eile i réimse an oideachais, na meán cumarsáide, na seirbhíse poiblí agus i measc na bhforas polaitiúil.