Rinne Comhairle Contae na Gaillimhe cinneadh ar 2u Deireadh Fomhair cead pleanala a thabhairt chun sceim tithiochta a thogail sa gCeathru Rua, ar an gcoinnioll nach mbeadh ina gconai sna tithe ach daoine le Gaeilge, a scriobhann Donncha O hEallaithe.
I measc na gcoinniollacha ata ceangailte leis an gcead a tugadh do Phadraig Lee chun 12 teach conaithe ar chostas iseal a thogail, ta ceann ann a chuireann iachall ar an bhforbroir teacht ar shocru dli leis an gcomhairle ag a mbeidh se mar aidhm na tithe a choinneal "for the exclusive use of occupants who have an appropriate competence/fluency in the Irish language".
Ceaptar gurb e seo an chead chas inar ceadaiodh sceim tithe i nGaeltacht na Gaillimhe o ghlac an chomhairle le Plean Forbartha nua i mi na Bealtaine seo caite. Ta se raite sa phlean nach dtabharfar cead do aon fhorbairt a d'fheadfadh dochar a dheanamh don Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht.
Tharraing na moltai go leor cainte, cruinnithe, achrainn agus conspoide ag an am. Duradh go gcuirfeadh na moltai, a raibh baint ag an Chomhairleoir Pol O Foighil lena ndreachtadh, bac ar imircigh ar filleadh abhaile le teaghlaigh gan Ghaeilge.
Ta an chomhairle ag gniomhu de reir Alt 10.2(m) den Acht Pleanala 2000 a deir go bhfuil dualgas reachtuil ar chomhairle contae ar bith, a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina churam, feachaint chuige go mbeidh cosaint "oidhreacht teanga na Gaeltachta" mar chuspoir ag an gcoras pleanala.
Is mar thoradh ar stocaireacht chiuin chliste a rinne Comhdhail Naisiunta na Gaeilge, le linn don Bhille Pleanala bheith os comhair an Oireachtais, a tugadh aitheantas reachtuil do chosaint na Gaeilge faoin gcoras pleanala den chead uair riamh o bunaiodh an Stat. Roimhe sin, ni fheadfadh comhairle contae iarratas a dhiultu sa Ghaeltacht ar chuinsi teanga amhain.
Sa Raiteas Tionchar Teanga, a seoladh isteach in eindi leis an iarratas pleanala a rinne Padraig Lee, duradh i gcas deich gcinn den 12 teach a bhi beartaithe go mbeadh lascaine 10 faoin gcead sa phraghas ceannaithe le fail ag cainteoiri Gaeilge "ar feidir leo a chruthu go bhfuil siad measartha liofa sa teanga".
Duradh i litir chomh maith go n-usaidfi an critear ceanna is a usaideann Roinn na Gaeltachta i gcas deontas tithiochta na Roinne le liofacht na gceannaitheoiri a mheas.
Ach nior ghlac an chomhairle leis an meid sin.
Chuaigh an Oifig Pleanala nios geire orthu, a ra go gcaithfi teacht ar shocru dli lena chinntiu gur daoine le Gaeilge amhain a bheadh sna tithe.
Is ceist eile e cen chaoi a gcuirfear e seo i bhfeidhm. Ta se raite ag an chomhairle go bhfuil se i gceist breathnu ar usaid a bhaint as "Language Enurement Clause". An bhfuil rol d'oifigigh Roinn na Gaeltachta sa phroiseas measunaithe teanga?
Ta speis faoi leith dha chur sa chas seo sa Spideal, mar go bhfuil iarratas ar 30 arasan i gceartlar an tsraidbhaile agus iarratas eile ar 51 teach ar imeall an tsraidbhaile os comhair na comhairle.
I gcas iarratas ar bith sa Ghaeltacht den chineal sin is cosuil go gcuireann an chomhairle litir amach ag lorg breis eolais ina ndeirtear an meid seo:
"Please note that the planning authority have concerns regarding the potential threat to the linguistic and cultural heritage of the Gaeltacht that the proposal, if permitted, may constitute."
Iarrtar ansin sonrai eolais "of the methods of evaluation (from a cultural and linguistic perspective) of the potential buyers of the proposed dwellings".
Ar ndoigh, muide a bhfuil conai orainn i gceantar an Spideil, tuigeann muid an scrios ata deanta ar an nGaeilge mar theanga pobail le blianta beaga anuas ag sceimeanna tithiochta.
Ma leagann an chomhairle na coinniollacha ceanna sios i gcas na n-iarratas pleanala sa Spideal, d'fheadfadh go mbeadh se mar thoradh air go neartofai seasamh na Gaeilge sa Spideal aris, de bharr Alt 10(m) den Acht Pleanala agus de bharr chur chuige misniuil Chomhairle Contae na Gaillimhe.
Is leachtoir Matamaitice e Donncha O hEallaithe in Institiuid Teicneolaiochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Ta conai air i nGaeltacht Chois Fharraige.