Beocheist:Nuair a bhain mé na déaga amach rinne mo thuismitheoirí mé a chur go dtí an Ghaeltacht samhradh i ndiaidh samhraidh chun freastal ar chúrsa a mhair trí sheachtaine.
Ba go coláiste samhraidh de chuid Ghael Linn i mBaile Bhúirne i gcontae Chorcaí a chuirtí mé agus súil ag mo mhuintir go bhfoghlaimeoinn scileanna sóisialta is go bhfaighinn mo theanga liom i gcomhluadar mo chomhaoiseanna.
Ba mhó a dhírigh mé ar fhoghlaim na Gaeilge, áfach - nach chuige sin a chuirtear daoine chun na Gaeltachta? - agus is cuimhin liom go maith gurbh í an ghné de na ranganna ab fhearr liom ná na seanfhocail a bhreacadh na múinteoirí síos ar an gclár dubh, na habairtí aicearracha sin atá ar eolas fiú ag daoine nach bhfuil ach smeadar Gaeilge acu. An bhfuil aon Éireannach in Éirinn nach dtuigfeadh nathanna mar "níl aon tinteán mar do thinteán féin" nó "is binn béal ina thost"? (Má tá a leithéid d'Éireannach ann ba chóir dó freastal ar chúrsa samhraidh i mBaile Bhúirne.)
Agus níor rudaí iad na seanráite seo a ndearnadh dearmad orthu a luaithe is na ranganna istigh. I roinnt de na siopaí sa sráidbhaile bhí sraith cártaí poist le ceannach ar a raibh seanfhocal éigin mar aon le léaráid bhreá dhathannach a rinne ciall an tseanfhocail a léiriú.
D'fhág an comhoibriú seo idir na cártaí is siollabas na ranganna go mbíodh liosta fada seanfhocal de ghlanmheabhair agam agus Baile Bhúirne á fhágáil agam agus mo thrí sheachtaine curtha isteach agam.
Ní féidir ach méid áirithe a fhoghlaim laistigh de thrí sheachtaine, áfach, agus níl gach ceann de sheanfhocail na Gaeilge le fáil ar chártaí poist ar a bhfuil léaráidí tarraingteacha, rud a thuigfeadh éinne a thabharfadh sracfhéachaint ar fhoclóir Uí Dhónaill is na seanfhocail raidhsiúla atá le fáil ann faoi cheannfhocail éagsúla.
Ach níor cuireadh ar mo shúile dom a shaibhre atá an réimse seo de theanga na Gaeilge dáiríre go dtí gur tháinig mé ar Timeless Wisdom: What Irish Proverbs Tell Us About Ourselves, leabhar le beirt shíceolaithe atá curtha amach ag Preas Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.
Mar a thugann an fo-theideal le fios, pléann na húdair, Aidan Moran is Micheal O'Connell, an léargas a thugann seanfhocail na Gaeilge dúinn ar mheon is ar charachtar an Ghaeil. An fíor gurb ionann seanráite i ngach tír, mar a mhaígh an Béal Feirsteach Robert MacAdam, tionsclaí a dhíolaim béaloideas is amhráin na Gaeilge, nó an ag Francis Bacon a bhí an ceart nuair a dúirt sé go bhfuil éirim, anam is sprid náisiúin le fáil ina sheanfhocail?
Seachas freagra a thabhairt ar an gceist seo, áfach, téann na húdair i muinín na cainte seachantaí, ag rá nach fúthu, ach faoin léitheoir, atá sé a leithéid de chinneadh a dhéanamh.
Pé tuairim ar a dtiocfaidh an léitheoir tá idir ghreann is lón machnaimh i ndán dó sa leabhar seo. Tá an saothar roinnte i gcaibidlí atá tugtha do sheanfhocail ar ghnéithe éagsúla den saol cosúil le "Bia agus Deoch" is "An Aimsir".
I gcaibidil mar gheall ar ghaolta idirphearsanta tugtar faoi deara gurb é an pósadh an saghas gaoil idirphearsanta is mó a dtagraíonn seanfhocail na Gaeilge dó agus is minice ná a mhalairt na tagairtí sin bheith diúltach.
Smaoinigh ar an spíd a fhaightear ar an mbean nuair a deirtear "bíonn a dteanga ina bpóca ag na mná go bpósann siad" agus "gach ní daor, mian gach bean". Is léir gur cumadh na habairtí sin in aimsir nuair nach raibh na poist chéanna ag an dá chineál is na tuarastail chéanna á dtuilleamh acu.
Ach ní fhágann athruithe radacacha sa tsochaí go rachaidh seanfhocail na Gaeilge i léig. Tugtar "níl aon seanstoca nach bhfaigheann seanbhróg" mar shampla ar sheanrá a luadh le gaolta idir fir is mná amháin lá den saol. Ach dar leis na húdair go bhféadfadh an seanfhocal seo an fhírinne chéanna a nochtadh i gcomhthéacs gaolta homaighnéasacha. An saol ag athrú ach na seanfhocail fós oiriúnach dó.
Cé gur scoláirí iad na húdair tá fanta amach acu ón stíl chasta a bhíonn le fáil minic go leor sa saol acadúil is tá Timeless Wisdom chomh soléite sin go bhféadfadh an té is glaise amuigh ar chúrsaí seanfhoclaíochta é a léamh gan dua, fiú an té nach bhfuil de thaithí aige ar sheanráite na Gaeilge ach na cinn a foghlaimíodh na blianta ó shin sa Ghaeltacht. Chun athleagan de shórt a chur ar sheanfhocal a luaitear sa saothar seo, mairfidh an leabhar nuair nach mairfidh na lámha a scríobh.