BEOCHEIST:IN AERFORT JFK, chonac bean uaim.
Ina haonar di bhí sise agus roinnt céadta eile, Éireannaigh nó Gaelghaolta a bhformhór, ag feitheamh le bordáil ar eitilt Aer Lingus go Baile Átha Cliath.
Ar an gcéad sracfhéachaint dom níor dhíol suntais í, níor sheas sí amach ón slua glórach, sceitimíneach.
Duine mar chách, ag filleadh ar Éirinn, ar aon dul liom féin i mo thaistealaí aonair, leis.
Níor bhac mé a thuilleadh léi. Isteach liom ar bord i gcorp an eitleáin agus gan aon mhórspéis ná puinn tnútháin agam i dtaisteal os cionn mara ar a raibh taithí agam le blianta.
Le dul tríd na rúibricí athuair, eolas ar shlándáil, deoch-roimh-bhéile, éisteacht le ceol, b’fhéidir, prasbhéile eitilte a ithe, seans suain dá dtitfeadh an t-ádh orm, tuirlingt, bailithe ag an aerfort agus baile.
I lár midheamhna dom, cé a shuigh taobh liom ach an bhean mar chách a leagas straeshúil uirthi ó chianaibhín.
Níor cheileas riamh mo shuim i ndaoine ach ní mór dom a admháil gur fearr liom comhluadar ban.
B’eol dúinn go raibh turas sách fada romhainn agus níorbh fhada go dtiteamar isteach i gconair chomhrá, óir thuigeamar go bhféadfaimis an t-aerbhóthar a ghiorrú dá mba mhian linn beirt.
Gnáthábhar cainte i dtosach gan aon ní as an gcoitiantacht.
Go dtí gur thosaigh sí ag cur síos ar a huncail.
Agus dúirt sí liom go raibh sé ag comhthaisteal léi. Níor thuigeas a cuid chainte go cruinnbheacht.
Ní fhaca mé aon duine ina comhluadar le linn di bheith ag feitheamh chun bordála, ba léir go raibh sí ina haonar.
Caithfidh gur thug sí faoi deara an cruth ceisteach ar mo ghnúis.
“Tá m’uncail os ár gcionn, tá sé sa phróca a thugas liom.”
Láithreach bonn bhí deireadh le gnáthchomhrá agus ar aghaidh léi ag trácht ar shaol an uncail a d’fhag Baile Átha Cliath, a chathair dhúchais, nuair a bhain sé 18 bliain d’aois amach.
Murab ionann is an lá inniu, ní de dheasca gan post a bheith aige a thug sé a chúl le hÉirinn, ní hea, ach toisc go mba dhuine éagsúlta é.
Tríd an gcaint agus an bplé fuaireas amach ón bhean nár bhean mar chách í a thuilleadh, nach bhféadfadh an t-uncail a shaol a chaitheamh in Éirinn a linne, nárbh fhiú dó fiú triail a bhaint as.
Theith sé ón tír a luaithe agus ab fhéidir dó agus níor leag cos ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ná ar fhód dúchais i dtír a shinsear choíche.
Ó chuaigh sé sa seans conas a d’éirigh leis i dtír mhór na ndeiseanna?
Cruatan ar dtús gur éirigh leis post a fháil i gceann de na hollstórais.
Diaidh ar ndiaidh dhruid sé i dtreo chomhluadar fear den chuid is mó.
Thit sé i ngrá le Gearmánach, is chaith a shaol leis go sona sásta go bhfuair seisean bás, le breis is 60 bliain sroichte aige.
Maoleolas ag a chlann in Éirinn ina thaobh, agus an túisce is a ndeachaigh mo pháirtnéir aerthaistil ar eisimirce chun na Stát Aontaithe thug sí faoi dhul i dteagmháil leis.
Chuir sí aithne cheart air den chéad uair, bhuail leis agus leis an nGearamánach go minic, go róspeisialta i dtrátha na Nollag, na Cásca agus Lá Fhéile Pádraig.
Le himeacht aimsire buaileadh breoite an t-uncail, tógadh chun an ospidéil é, agus thug sé sonraí teagmhála a neachta d’údaráis an ospidéil.
Ar ball d’éag sé. Chuaigh cúpla lá thart sular éirigh leis an ospidéal teacht ar a neacht.
Faoi dheireadh cuireadh fios uirthi agus d’imigh léi chun seilbh a ghlacadh ar an gcorpán.
Sula bhféadfadh sí é sin a dhéanamh, bhí uirthi an corpán a aithint lena chinntiú gurbh é an t-uncail a bhí ann.
Ar an drochuair, níorbh ea!
Um an dtaca seo bhí na corpáin curtha i dtarraiceáin i halla na marbhlann agus thóg sé tamall ar na húdaráis oispidéil sular aimsíodh an t-uncail bocht.
Dá mbeadh lá moille eile ar a neacht, agus níorbh uirthi an locht a bheith déanach, cuireadh in iúl di go mbeidís d’éis fáil réidh leis an gcorpán.
Cé gur iomaí cor gan choinne a ropann isteach go míthrócaireach i saol an duine, bhlais an t-uncail a chion féin ina bheo eisimirceach. Is faoi mo chomhthaistealaí a fágadh fadmhian a chroí a chomhlíonadh dó.
Ag ardnóin lá iar dtuirlingt na heitilte dodhearmadta.
Sheas an neacht le próca agus luaithreach a huncail istigh ann ar chiumhais na mara ag Cé an Phoirt Thuaidh.
Ag baile ar deireadh agus anois ina chuid dhílis de bhuneilimint d’fhórsaí an nádúir dhomhanda.