Gradam Ui Thuama

Is ar ar an scoláire, file drámadóir agus gníomhaí teanga, Seán Ó Tuama, a bhronn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta…

Is ar ar an scoláire, file drámadóir agus gníomhaí teanga, Seán Ó Tuama, a bhronn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, Gradam an Phiarsaigh ag ócáid i gCultúrlann na hÉireann i mBaile na Manach aréir, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Corcaíoch go smior é an Tuamach. Rugadh sa chathair sin in 1926 é agus le linn dó bheith ar an ollscoil ansin chuaigh tuairimí an Ollaimh Dónall Ó Corcora i dtaobh litríocht na Gaeilge go mór i gcion air. In 1950 foilsíodh Nuabhéarsaíocht díolaim filíochta a raibh sé ina eagarthóir air agus ina raibh a rogha féin de dhánta Gaeilge a cumadh idir 1939-1949.

Bhain sé dochtúireacht amach ar an taighde a rinne sé ar amhráin na ndaoine, taighde a bhfuil an leabhar iomráiteach An Grá in Amhráin na nDaoine bunaithe.

Ach bhí iomrá air mar scríbhneoir cruthaitheach chomh maith. Faoileán na Beatha ba theideal don chéad chnuasach dánta uaidh agus tugadh ardmholadh don dráma Gunna Cam agus Slabhra Óir nuair a cuireadh ar stáitse an Damer i mBaile Átha Cliath é.

READ MORE

Ach thar rud ar bith eile tá clú ar Ó Tuama as glúin nua d'filí óga, a bhí ina mic léinn ar ollscoil Chorcaí ag tús na 1970í, a spreagadh chun pinn. Is le linn dó bheith ina Ollamh le Nua-Ghaeilge a tháinig filí Innti ar an saol.

Bhí dlúthchaidreamh idir é agus an file Corcaíoch eile Seán Ó Ríordáin agus in 1978 foilsíodh Filí faoi Sceimhle anailís ar bheatha agus ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin agus Aogáin Uí Rathaille.

Murab ionann agus a lán acadúlaithe eile gníomhaí teanga a bhí ann chomh maith. Bhí sé gníomhach sa bhfeachtas "Let the Language Live" a bhí ar siúl sna 1960í chun brú a chur ar an Rialtas moltaí an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Bhord na Gaeilge agus le linn a thréimhse a eisíodh an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986.

Cuireadh tús le Gradam an Phiarsaigh in 1980 agus is é Seán Ó Tuama an tríú duine agus fiche chun é a fháil. Cuireann na heagraíochtaí Gaeilge ainm duine a mheasann siad idéil an Phiarsaigh bheith curtha chun cinn aige nó aici agus roghnaíonn triúr moltóirí neamhspleácha ó na daoine sin é nó í.