Forbairt na Gaeilge 1958 - 2008 ba theideal do Scoil Gheimhridh Chumann Merriman a bhí ar siúl i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, an deireadh seachtaine seo caite. Mheas go leor daoine ar an bhealach ann gurbh ábhar tur tirim é chun an 40 bliain ó bunaíodh an cumann a chomóradh ach d'éirigh leis na cainteoirí beocht a chur san ábhar agus go leor ábhar cainte a spreagadh i measc a lucht éisteachta.
I 1958 a foilsíodh Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil agus is é a bhíonn mar lámhleabhar ag formhór daoine a bhíonn ag scríobh i nGaeilge.
Agus coiste le bunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Chaighdeán bhí an lámhleabhar sin faoi chaibidil ag an Ollamh Nicholas Williams sa chaint oscailte agus ag beirt de na cainteoirí ag an siompóisiam "Beatha Teanga a labhairt; buanú teanga a scríobh" maidin Dé Sathairn.
Labhair Máire Ní Fhéinneadha, a bhfuil tréimhse nach beag caite aici i múineadh scoile sa Ghaeltacht, ar an dóigh a dtagann cuid de na rialacha gramadaí sa Chaighdeán salach ar an chaint a chloiseann na daltaí ag a muintir sa bhaile. Is féidir leis sin mímhuinín a chothú i ndaoine óga ina gcumas Gaeilge féin, dar léi.
Ach níl sí ar son Caighdeán nua a chruthú. Tá an chuid is mó den Chaighdeán an-mhaith dar léi agus tá an-mheas aici ar na daoine a chuir le chéile é. Is dóigh léi áfach gur gá trí rud a leasú ann: an riail faoi urú nó séimhiú tar éis réamhfhocal agus na rialacha faoin ghinideach agus faoi uimhreacha.
Rialacha gramadaí sa Chaighdeán Oifigiúilnó "an leabhar beag glas" mar a thug sé air, bheith ag teacht salach lena bhfuil leagtha síos i bhFoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (FGB) is cúis le mearbhall bheith ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí dúchais araon agus iad i ngleic leis an teanga scríofa, a dúirt Antain Mac Lochlainn, aistritheoir agus oiliúnóir aistritheoirí.
Mar shampla, 'ní ionann' agus 'ní amhlaidh' atá sa Chaighdeán ach 'ní hionann' agus 'ní hamhlaidh' i bhFoclóir Uí Dhónaill. Thug sé neart samplaí eile de "phúcaí seo na héiginnteachta" mar a thug sé air.
Go dtí le gairid bhí sé ar son tús áite a thabhairt don fhoclóir mar foilsíodh é beagnach 20 bliain tar éis an Chaighdeáin ach nuair a cuireadh athchló air i 1979 níor athraíodh aon rud i bhfianaise a raibh i FGB.
Labhair sé fosta faoi mhíréir idir foinsí tagartha eile atá in ainm is a bheith údarásach, an Coiste Téarmaíochta, focal.ie agus dreamanna eile. Ceann de na samplaí a thug sé ná an easpa treorach maidir le péirí ainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal eile, leithéid 'Oifigeach Shaoráil Faisnéise' nó 'Oifigeach Saoráil Faisnéise'.
"Ceann de na cúraimí is práinní in aon athbhreithniú a dhéanfar ar an Chaighdeán ná slacht a chur ar an mhíréir sin ar fad," a dúirt sé.
Scríbhneoireacht don scáileán, gné de scríbhneoireacht na Gaeilge atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas, b'ábhar do chaint Pádhraic Uí Chiardha, leas-cheannasaí TG4 tráthnóna Dé Sathairn. Agus mar a bheifeá ag súil ó dhuine a bhíonn ag plé leis an meán seo léirigh sé a chaint le hábhar físiúil.
Is beag taighde, a dúirt sé, atá déanta ar ról na scríbhneoireachta don scáileán, ná ar ról scripteanna raidió, ar fhorbairt na teanga. Is le scannáin Ghael Linn, Mise Éire, Amharc Éireann, srl, a cuireadh tús leis an scríbhneoireacht don scáileán i nGaeilge agus mheall an dúshlán scríbhneoirí óga. Orthu sin bhí Breandán Ó hEithir a raibh bua ar leith aige mar scríobhaí don scáileán.
Thug sé aitheantas fosta do Mháirtín Ó Conaola ar an deasc nuachta in RTÉ as an oiliúint a chuir sé ar iriseoirí chun scríobh don scáileán. Dar ndóigh, thug bunú Theilifís na Gaeilge spreagadh úr do na scriptscríbhneoirí. Ceird ar leith is ea scríobh don scáileán a bhíonn ag brath ar fheabhas na bhfocal seachas ar a líon.
Ní mór don scríbhneoir ligean leis na pictiúir a scéal a insint, rud nach dtagann go héasca le scríbhneoirí Gaeilge seanbhunaithe. Agus i gcás scripteanna a chur ar fáil do shobaldhrámaí ar nós Aifric agus Ros na Rún ní mór don scríbhneoir bheith toilteanach oibriú le meitheal.