Crobhingne: Na pléascáin atá ag bodhradh do dhá chluais lasmuigh ded fhuinneog nó agus tú ag siúl na slí le roinnt seachtainí anuas is pléascáin iad ar cuireadh tús leo nach mór ceithre chéad bliain ó shin.
Pléascáin bheaga dheasa sholasmhara iad a bhformhór suas is anuas leis an bpléasc a bhí ceapaithe ag Guido Fács (nó Guy Fawkes mar is fearr aithne air) tá trí chéad is a nócha naoi mbliana lúide lá amháin ó shin ann.
Bíonn comhairleoirí ealaíne agus bardais bhaile agus lucht eagraithe imeachtaí cultúrtha le bior ar a súile ag faire a seans ar dháta suaitheantasach ar an bhféilire. Is mé atá rompu ag moladh gur chóir tosnú ar ullmhú a dhéanamh le comóradh a dhéanamh ar dhuine de na daoine is mó a dhein iarracht ar bhuille a bhualadh ar son an chreidimh chóir nuair a chrom sé ar thithe pairliminte Shasana a shéideadh san aer ceithre chéad bliain ó shin nach mór ach nárbh ámharach mar a ráinig.
Má tá Lundy loiscthe níl orlach féin fágtha ag Guy bocht ach é idir mhíle thine Bhealtaine leis na blianta. I measc na Sasanach féin is cuma nó banlaoch í Siobhán na hAirce agus an tsaint a bhí aici smut den Fhrainc a bhaint díobh, agus is geall le scannall é mar ar chaith a gcuid eisfhearimirceach le mná bochta na mbostún i mBoston aimsir Salem nuair a bhí na cumannaigh á gcur chun báis.
B'ionadh leat mar sin nach bhfuil athscríobh staire déanta ar Guido nó ar Guy ar chosúil le Ben Ó Loideáin a linne féin é, fág nach raibh pluais aige le dul i bhfolach ann.
Duine dínn féin é Guido. Chaith sé tamall in arm eachtrannach ar son an airgid mar a chaitheann saighdiúirí go minic. Is fíor go raibh idéalachas áirithe ag baint leis agus é ag troid ar son na Spáinne sna blianta deireannacha den 16ú haois, agus nach ar son an airgid amháin a dhein sé a chuid amhsóireachta.
Ina choinne sin, bhí sé breá sásta foréigean a úsáid in aghaidh na dlí idirnáisiúnta agus an fhírinne a lúbadh timpeall ar mhuineál a chomhcheilge. Dá dtabharfaí os comhair cúirt an chirt san Háig inniu é gheofaí neamhchiontach é - is é sin, dá mbeadh sé ar an taobh a bhuaigh.
Ach ní raibh. Bhí sé worstáilte insan ghéim. Fuarthas eolas ar an bplota púdair i bhfad roimh ré in ainneoin nárbh aon phúdarphuf é Guido féin ná a chuid comhcheilgeoirí eile.
Is chuige sin a leagadh ar an raca é, rud a chuir síneadh fada ar a theanga. An gheonaíl phéine a lig sé as, bhí sé ar fad de réir dlí, agus ní foláir nó gur thug sin sásamh éigin dó.
Dá mba rud é gur éirigh leis, machnaigh go maith ar an toradh a bheadh ann: forlámhas na bProtastúnach díbeartha láithreach, Spáinnis á labhairt ar fud na críche, a gcloigne fós ar Shéarlas a hAon agus ar St Ruth, faithne Chromail gan puinn tráchta, i mainistir naomh céir ar lasadh is Te Deum á chanadh gan baol ná eagla, Jane Austen ina seirbhíseach seirgthe searbh seasc, Fr Murphy ag corraíl a chuid carraigreacha ina phríobháid féin, croí agus colainn Uí Chonaill a bheith san aon áit amháin, Churchill ina bhrícléir gairmiúil, Iain Páislig ina phríomhfháidh Éireann agus boglaíonn an mheabhair dá réir.
Nach mithid anois do na Sasanaigh fás suas agus aghaidh a thabhairt ar a gcuid oidhreachta Caitlicí féin? Nárbh é ba lú ba ghann dóibh mar chuid den aontú Angla-Éireannach agus ar son na síochána agus na dea-thola tathaint go deas orthu leithscéal a ghabháil ar son a bhfuil de Chaitlicigh curtha chun báis acu leis na céadta bliain, a iarraidh orthu aitheantas oifigiúil a thabhairt do na mílte sin do-áirithe Sasanach a throid ar son na hÉireann agus tabhairt orthu an tseamróg a chaitheamh an tráth seo bliana, a ndúchas poblachtánach a mhóradh mar mhalairt ar an líorac ríogúil, agus go ró-áirithe a dheimhniú go n-imreofaí iomáint in Lords.
Is róbheag nach bhféadfaí dealbh de Guido Fawkes a thógáil lasmuigh de thithe na parlaiminte i Londain agus i mBaile Átha Cliath mar chéadghníomh an athmhuintearais.