BEOCHEIST:"BLIAIN IMEACHT na nAirí" a bheidh i 2011 más teist uirthi líon na n-airí a d'fhógair go raibh siad ag imeacht as an saol polaitiúil ó thús na hathbhliana.
Deimhniú cinnte atá ann go bhfuil an cluiche beagnach thart nó ar a laghad go bhfuil an moltóir ag breathnú ar a uaireadóir agus an fheadóg ina bhéal aige.
Tá talamh slán á dhéanamh de anois go mbeidh athrú rialtais ann tar éis an chéad toghcháin eile agus go mbeidh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag rialú an Stáit. Is í sin an teoiric, cibé ar bith, agus tá ionadaithe an dá pháirtí sin ag stánadh díreach isteach in aon cheamara teilifíse a chuirtear orthu agus iad ag geallúint na gréine agus na gealaí dúinn.
Sea, beidh siadsan “ionraic oscailte” agus feagrófar aon cheist, éagosúil leis an dream atá istigh anois. Gearrfaidh siadsan caiteachas an Rialtais ar na seirbhísí poiblí. Tabharfaidh siadsan aire dóibh siúd sa bpobal atá beo ar an mbeagán nó beo ar éigean ar throllaithe sna hospidéil mhóra.
Cuirfidh siadsan deireadh leis an tSeanad agus déanfaidh siad an córas polaitiúil ó bhun go barr a athrú ionas go mbeidh an Dáil níos éifeachtaí. Rachaidh siadsan ar ais chun na hEorpa agus chuig an IMF agus gheobhaidh siadsan margadh i bhfad níos fearr ná mar a fuair an rialtas reatha.
Ar ndóigh, is aoibhinn leis na daoine a chreideann na geallúintí seo go léir. Ábhar faoisimh dóibh go mbeidh dream éigin eile i gceannas. Is fada an pobal ag fanacht le racht feirge a chur díobh féin in olltoghchán. Le déanaí léirigh comhfhreagraí polaitíochta amháin meon spéisiúil agus é ag trácht ar phobalbhreith eile a léirigh titim eile ar thacaíocht Fhianna Fáil. Dúirt sé glan amach gur chúis eile a bheadh ann go gcuirfeadh an Rialtas olltoghchán ar an mhéar fhada, chomh fada agus ab fhéidir.
Más é sin meon Mikawberiúil an Rialtais agus má cheapann lucht straitéise Fhianna Fáil go mbainfeadh siad buntáiste éigin as moill a chur ar olltoghchán, tá dul amú orthu. Níl aon rud a chuirfeadh fearg níos mó ar an bpobal ná a bheith ag féachaint ar Bhrian Cowen ar spraoi sa Teach Bán Lá ’le Pádraig fad is atá an chuid eile de na hairí ar turasanna costasacha go tíortha eile.
In ainneoin na raiméise faoi thábhacht na gcuairteanna seo chun an tír “a dhíol” thar lear, d’fheicfeadh daoine air mar chomhartha soiniciúil drochmheasa eile ó airí rialtais atá ar a mbealach amach. Déarfar go bhfuil siad ag iarraidh an deor deiridh a shú as an umar.
Ach an cheist atá ag dó poill níos mó in acmhainn chreidiúna cuid mhór de na daoine atá anois ag éisteacht le geallúintí an fhreasúra ná an bhfuil siadsan chomh soiniciúil céanna? Tá cúiseanna ann go mbeadh amhras orthu.
An phríomhchúis ná go mbíonn sé de nádúr comhrialtais go gcuirtear clár aontaithe polasaithe le chéile. Má bhíonn easaontas géar idir an dá pháirtí, tagtar ar “chomhréiteach”. Go tobann bíonn tábhacht níos mó le rialtas nua a chur le chéile ná le haon gheallúint a thug ceachtar acu don bpobal.
Mar shampla, an bhfuil geallúint Fhine Gael go gcuirfidh siadsan deireadh leis na mílte jabanna sa tseirbhís phoiblí le creidiúint? Tá, má thagann siad i gcumhacht mar pháirtí aonair. Ach más cuingithe le Páirtí an Lucht Oibre atá siad, is beag an baol. Tá greim an fhir bháite ag na ceardchumainn ar Pháirtí an Lucht Oibre fós agus tá níos mó den bpobal ag aithint na faidhbe sin agus ag breathnú ar Fhine Gael láidir mar rogha níos fearr.
Cheana féin, tá an dallamullóg cainte agus an débhrí a thug an rialtas deireanach go dtí ardphointe ealaíne, ag sileadh ón dá pháirtí faoin moladh go ndúnfaí an Seanad.
Tá a fhios acu beirt go gcaithfear íobairt a dhéanamh ar altóir dhíoltas an phobail. Ar bhealach, tá an Seanad á úsáid mar chomhla chun an fhearg phoiblí a dhíriú i dtreo éigin eile seachas ar phá, ar chostais, ar choinníollacha compordacha agus ar líon na dTeachtaí Dála.
Fiú i gcás mholadh simplí Fhine Gael go gcuirfí an cheist i reifreann agus go ndúnfaí síos an Seanad más toil leis an bpobal sin, tosaíodh láithreach ar chúiseanna a fháil nach bhféadfaí an reifreann a reachtáil ar lá an toghcháin. Ach, níos spéisiúla fós, thosaigh urlabhraithe ón dá pháirtí ar éalú ó fhreagraí díreacha faoi agus ar chaint faoi “chóthéacs athbhreithnithe an chórais iomláin”.
Aistrithe, ciallaíonn sé sin coiste Oireachtais eile a chuirfidh tuarascáil ar fáil i gceann deich mbliana. An teachtaireacht a bhí á chur chuig a gcuid seanadóirí féin, ar ndóigh, ná “tá sibh i bhur gcodladh is ná dúisítear sibh”
Plus ça change...