'Is údar mór imní é meath leanúnach na Gaeilge mar mheán teagaisc i scoileanna Gaeltachta..." a dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, agus é ag seoladh athbhreithniú 2006 an eagrais arú inné.
"Is ábhar é seo a gcaithfidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta déileáil leis go práinneach. Tá an tÚdarás toilteanach oibriú leis an Roinn sin chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile chun déileáil leis an bhfadhb seo mar pháirt de chomhthéacs leathan teanga chun tacú le stádas agus úsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta," a dúirt Ó hAoláin.
Thacaigh stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh, lena raibh le rá ag Ó hAoláin ach dúirt: "Tá taighde déanta agus is gníomh atá de dhíth ag an bpointe seo."
Mhol Coimisiún na Gaeltachta sa bhliain 2002 "infhaighteacht córais oideachais chuimsithigh ar gach leibhéal ina dtugtar tosaíocht don Ghaeilge mar chéadteanga na Gaeltachta" agus bhí staidéar cuimsitheach ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna na Gaeltachta déanta, a dúirt sé.
Bhí an Chomhdháil ag iarraidh go dtiocfadh "na páirtithe leasmhara cuí le chéile, agus go háirithe pobal na scoileanna Gaeltachta (naíonraí san áireamh), idir múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí, chun plean gníomhaíochta a chur le chéile le spriocanna insroichte a leagan síos leis an bhfadhb seo a réiteach sula mbíonn sé rómhall".
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge agus iarrthóir don Seanad, Dáithí Mac Cárthaigh, gur cheart go mbeadh polasaí láidir teanga ag gach scoil sa Ghaeltacht a thabharfadh treoir shoiléir do dhaltaí: "Caithfidh tú an Ghaolainn a labhairt ar scoil Gaeltachta." Ba chóir don Roinn Oideachais tuilleadh cúntóirí a chur ar fáil agus clubanna óige a bhunú agus bhí ról ag an Údarás sa ghné sin.
Chosain urlabhraí thar ceann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a gcuid oibre i ráiteas i mBéarla: "Improving students' competences in spoken and written Irish is a major policy priority of the Department and a range of measures have been taken in this regard, with plans for further actions to take effect in the near future." Bhí an tAire Oideachais, Mary Hanafin, "determined to ensure that Irish is taught in schools in a way that is interesting and relevant..."
Mar sin féin, dá olcas cúrsaí Gaeilge ar scoil, chreid Ó hAoláin go raibh "dea-chomharthaí beogachta agus athbheochana i gcuid de réimsí tábhachtacha na Gaeilge ... mar theanga pobail sa Ghaeltacht le feiceáil. Ag éirí as cur i bhfeidhm chéimseach forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá níos mó agus níos mó daoine ag feiceáil an bhuntáiste atá leis an teanga do chuspóirí gairmiúla agus fostaíochta."
Dúirt Ó hAoláin gurbh í 2006 an bhliain ab fhearr a bhí ag an Údarás ag cruthú postanna ó 1998 agus go raibh dul chun cinn suntasach déanta ó athrú fostaíochta ó earnáil na déantúsaíochta go cruthú fostaíochta i réimsí difriúla d'earnáil na seirbhíse.
Cruthaíodh 1,186 post nua in 2006 agus sábháileadh a thuilleadh postanna, rud a chiallaigh gur baineadh amach 295 post iomlán glan, an líon is airde ó 1998. Tá 7,953 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis agus bhí siad gar do sprioc a bplean straitéisteach fostaíochta cúig bliana.