Montagnola, sráidbhaile Iodáileach i dTicino, deisceart na hEilvéise. Sléibhte agus fíonghoirt agus solas na gréine ar Loch Lugano. Os mo chomhair tá an Casa Camuzzi, an seanteach barocach ina mbíodh Hermann Hesse ag saothrú agus é ina chónaí anseo.
Tá músaem beag in aice leis. Is féidir athdhéanamh a fheiceáil ar sheomra oibre Hesse lena leabharlann agus a dheasc scríbhneoireachta agus an seanchlóscríobhán air. Tagann cuid mhaith daoine ar cuairt agus cloisfidh tú Gearmáinis á labhairt go rímhinic ar an tsráid, cé gur i réimse na hIodáilise atá tú, ar ndóigh.
Tá Montagnola suite in airde ar an Collina d'Oro, Cnoc an Óir, ar leathinis i lár Loch Lugano. Agus mé ag siúl amach ón bhaile arís, tá an loch thíos fúm agus tá na cnoic mórthimpeall dúghlas lena bhfásra méith. Feicim an Iodáil féin i bhfad uaim ar an taobh eile den loch. Tá dath dearg ar na sráidbhailte beaga uile, lena ndíonta leacán agus ballaí ócraithe.
Tá i bhfad níos mó ina gcónaí ar an Collina d'Oro ná mar a bhí nuair a tháinig Hesse anseo den gcéad uair sa bhliain 1919. Tá a lán tithe saoire ann. Tá fobhailte Lugano ag leathnú amach go dtí bailte na tuaithe.
Tá séipéal SantAbbondio, teach an phobail don gceantar, suite i sráidhbhaile Gentilino in aice le Montagnola. Nuair a fuair Hesse bás i 1962, cuireadh é i reilig SantAbbondio le hais an tséipéil. Cuireadh a bhean chéile Ninon ansin freisin tamall ina dhiaidh.
Ba Ghearmánach é Hesse ó dhúchas ach chaith sé an chuid is mó dá shaol san Eilvéis, an chuid deiridh de anseo i dTicino. Ba bhreá leis an áit agus na daoine agus an cultúr Iodáileach.
Bhí sé chomh táirgiúil is a bhí riamh mar scríbhneoir agus é ina chónaí anseo: aistí, dánta agus úrscéalta, ina measc saothar mór a chríonnachta, Das Glasperlenspiel. Is aisteach an rud é ar bhealach gur mhair Hesse anseo i réimse na hIodáilise ach gur lean sé ar aghaidh leis ag scríobh i nGearmáinis. Níor scríobh sé aon rud in Iodáilis go bhfios dom.
Smaoiním ar scríbhneoir eile a chuaigh ar deoraíocht in áit ar labhraíodh teanga eile seachas a theanga dhúchais féin, a chaith an chuid eile dá shaol ansin ach a chuaigh i muinín teanga nua - Samuel Beckett.
Bhí cónaí air i bPáras ó 1937 i leith agus thosaigh ag scríobh i bhFraincis - cé go mbíodh sé ag scríobh cuid áirithe i mBéarla roimhe sin.
Tá sé ráite ag Beckett gur thosaigh sé ag scríobh i bhFraincis sna 1940í díreach toisc nach raibh an teanga ar a thoil aige go fóill ag an am.
Is amhlaidh gur theastaigh uaidh scríobh i stíl an-simplí agus níor éirigh leis é sin a dhéanamh i mBéarla, a theanga dhúchais, toisc na focail bheith ag teacht chuige go ró-éasca agus go rófhlúirseach.
Ní hé an Béarla féin a bhí á chaitheamh uaidh, ach nós teanga dhúchais, an teanga gur féidir le duine scríobh inti gan cuimhneamh beagnach.
Nocht Beckett urlabhra an duine ina chuid drámaí. Chaolaigh sé í go dtí nach raibh inti ach gnáthchaint gan blas ná snas na litríochta uirthi. Ba é an chaint an t-aon rud amháin a bhí fágtha don duine gan dóchas, caint fhadálach gan mórán brí, b'fhéidir, ach comhartha go raibh an cainteoir fós ar marthain.
Ní dóigh liom go raibh Beckett tugtha don Ghaeilge riamh ach tuigeann scríbhneoir Éireannach thar éinne eile go bhfuil níos mó ná teanga amháin ann agus go bhfuil rogha le déanamh.
B'fhusa don Bhéarlóir Éireannach Beckett ná don Ghearmánach Hesse, is dócha, a theanga dhúchais a chaitheamh uaidh agus gabháil do theanga eile. Ní teanga 'náisiúnta' é an Béarla do scríbhneoir Éireannach, fiú más í a theanga dhúchais í, toisc an Ghaeilge bheith ann freisin. Bíonn sé ag saothrú ar 'theorainn teanga', rud nach bhfuil fíor i gcás scríbhneora Shasanaigh ná Mheiriceánaigh.
Den bheirt sin, Hesse agus Beckett, chloígh duine amháin lena theanga dhúchais agus chuaigh an duine eile i muinín na teanga iasachta.
Cén fáth go dtéann scríbhneoir ar deoraíocht in áit a labhartar teanga eile? Uaireanta, bíonn ar dhuine é sin a dhéanamh.
Smaoinigh ar na teifigh go léir ó aimsir na Naitsithe go dtí an lá atá inniu ann - daoine a raibh orthu dul thar teorainn nó thar sáile agus bheith ag plé le teanga nó teangacha nua, "ag athrú tíortha níos minice ná bróg", mar a scríobh Brecht, duine amháin de na teifigh sin.
Ach is cinnte go bhfuil scríbhneoirí ann a shocraíonn uathu féin ar dhul chun cónaithe i dtír iasachta mar a bhfuil teanga nua á cleachtadh ina dtimpeall.
Ba chadhain aonraic an bheirt siúd, Hesse agus Beckett, maidir lena dtíortha féin. Níor thaitin Éire na 1930í le Beckett ar chor ar bith.
Is cinnte go raibh Hesse ar deoraíocht óna thír féin, go mórmhór sna 1930í. Níorbh fhéidir leis dul ar ais go Gearmáin na Naitsithe agus bean Ghiúdach aige, agus é féin i gcoinne gach ruda a bhí á mhaíomh ag Hitler agus a lucht leanúna: cogadh, ciníochas, deachtóireacht.
Ach nárbh fhearr leis cónaí in áit éigin san Eilvéis Ghearmánach agus a theanga dhúchais a chleachtadh go fóill? Ina ainneoin sin, d'fhan sé i réimse na hIodáilise.
Tá traidisiún fada scríbhneoireachta sa Ghearmáinis ar an Iodáil. San 18ú haois, thugadh daoine mar Goethe cuairt ar an Iodáil chun an ealaín chlasaiceach a fheiceáil agus chun saoirse aigne a bhaint amach dóibh féin freisin trí aithne a chur ar thír agus chultúr eile ar fad. Ó Goethe go dtí Thomas Mann, bhain Gearmánaigh úsáid as cultúr na hIodáile chun a gcultúr féin a aimsiú.
Tá baint leis an Fhrainc ag scríbhneoirí Éireannacha mar an gcéanna, ó Sheathrún Céitinn agus Pádraigín Haicéad go dtí Beckett féin.
Tugann an Fhrainc agus an cultúr Francach seans do scríbhneoir Éireannach neamhspleáchas inmheánach a bhaint amach ó Shasana agus ó chultúr an Bhéarla.
Tá sé ráite ag George Steiner, fear a bhfuil taithí aige agus a lán scríofa aige faoi théama an dátheangachais liteartha, go mbíonn an Fhrainc mar "chóimheáchan" do Shasana riamh i ndearcadh an scríbhneora Éireannaigh.
Nuair a bhíonn scríbhneoir ina chónaí in áit a bhfuil teanga eile á labhairt seachas a theanga dhúchais - cuma an gcloíonn sé lena chéad teanga nó an dtéann sé i muinín na teanga iasachta tagann athrú ar a chuid scríbhneoireachta.
Bíonn sé mar dheoraí óna theanga féin. Faigheann sé neamhspleáchas óna theanga dhúchais, rud nach mbíonn ag scríbhneoir a fhanann sa mbaile de ghnáth.
Ar feadh na gcéadta, bhíodh traidisiún liteartha ag baint le gach teanga, agus bhí na scríbhneoirí sásta cloí leis an traidisiún sin.
Ach sa 20ú haois tháinig scríbhneoirí áirithe chun tosaigh a mheas an traidisiún bheith ina ualach trom, ualach a chuir as dóibh agus iad ag iarraidh foirmeacha liteartha nua a chruthú.
Cónaí i réimse teanga iasachta - an teanga iasachta a roghnú mar mheán cumarsáide fiú - nach bealach dearfa é sin chun an traidisiún dúchais a chaitheamh uait?
Cuma an scríobhann sé ina theanga féin (Hesse) nó i dteanga nua (Beckett), bíonn tionchar éigin ag deoraíocht teanga ar scríbhneoireacht an údair.
Dílárú teanga agus aigne is toradh léi. Tuigeann sé nach féidir scríobh ach i dteanga áirithe agus go bhfuil rogha aige mar scríbhneoir - rogha teanga.
Bíonn gach scríbhneoir cumasach ar thóir deiseanna nua dá theanga féin i gcónaí. An duine a scríobhann i níos mó ná aon teanga amháin, tá saoirse aige nach bhfuil ag an scríbhneoir aonteangach.
Má scríobhann tú i dteanga áirithe, glacann tú an traidisiún liteartha a ghabhann léi.
Más teanga iasachta atá i gceist, glacann tú traidisiún iasachta. Nó b'fhéidir go bhfuil uait deireadh a chur le gach traidisiún agus tosú arís as an nua - mar Beckett.
Cinnte, is deoraí agus fánaí é an scríbhneoir go minic; strainséir nach bhfaigheann dídean ina bhaile féin; fáidh nach nglactar leis ina dhúchas féin.
Go minic, ní foláir dó dul thar teorainn.