Is fearr rith maith ná drochpholaiteoir

BEOCHEIST: CÉ GUR cheart go mbeimis fós ag baint taitnimh as spiorad agus as dóchas na hathbhliana, is beag den dearfachas sin…

BEOCHEIST:CÉ GUR cheart go mbeimis fós ag baint taitnimh as spiorad agus as dóchas na hathbhliana, is beag den dearfachas sin atá feicthe ag muintir na hÉireann ó cuireadh tús leis an mbliain úr.

Caimiléireacht, mímhacántacht, a thuilleadh caimiléireachta agus a thuilleadh mímhacántachta. Is é an seanphort céanna i gcónaí é agus tá muintir na tíre bréan de faoin am seo.

Díreach nuair a cheaptar go bhfuil na bréaga ar fad cloiste, tagann rún éigin eile chun solais chun an cás a dhéanamh níos measa arís. Tá an tír ar fad báite in éadóchas an chúlaithe eacnamaíochta agus níl ár gceannairí, mar a ghlaonn siad orthu féin, ach ag tochras ar a gceirtlín féin.

Is mór an náire é. Nuair a smaoiním ar chúrsaí reatha na hÉireann na laethanta seo, d’fhéadfainn a bheith ag smaoineamh, i ndáiríre, ar chúrsaí reatha de shaghas éigin eile ar fad.

READ MORE

Ag deireadh an lae, nach ag rith óna n-oifigí , nó as radharc, nó timpeall i gciorcail atá ár gceannairí le tamall anuas anois? Má táid chun an méid sin reatha a dhéanamh, b’fhiú dóibh anailís a dhéanamh ar thréithe an reatha sin. Feicfidh siad gurb ionann na tréithe seo agus tréithe na dea-pholaitíochta.

Tá rud éigin cumhachtach ag baint leis an rith fada. Nuair a théim amach ag rith, is minic a aimsím doimhneacht agus neart ionam féin a chuireann iontas orm uaireanta. Fiú agus mé ar an dé deiridh ar fad, éiríonn liom den chuid is mó gan géilleadh don fhulaingt.

Cuireann cruatan an reatha dualgas orainn creidiúint ionainn féin agus crógacht inmheánach a aimsiú. Baineann neart intinne agus anama go mór leis an scéal seo dar liom. Is gné í seo atá chomh tábhachtach céanna i mo thuairim leis an bhfisiciúlacht féin. Táimid go léir i gceannas ar ár ndearcadh féin agus ní mór dúinn an intinn a thraenáil chun an dearfachas a choimeád chun cinn. Ina leabhar dar teideal What I talk about when I talk about running deir Haruki Murakami i leith an reatha: “Pain is inevitable, suffering is optional.”

Ní hionann é seo agus a rá, ar ndóigh, nach mbíonn nóiméid áirithe ann ina bhfaigheann an diúltachas an lámh in uachtar ar an dearfachas ach má chloítear go ginearálta leis an mana thuasluaite, measaim féin go n-oibríonn sé an chuid is mó den am. Is mar a chéile pian an reatha agus pian na ndeacrachtaí eacnamaíochta atá le sárú ag Éirinn faoi láthair. Tuigimid go léir nach bhfuil an dara rogha ann ó thaobh na péine de, ach tá rogha ag an Rialtas faoin tslí a ndéanann siad an phian seo a láimhseáil.

Creidim go hiomlán i gcumhacht an reatha agus bhí deis agam é seo a mheas nuair a thug mé faoin leathmharatón i gConamara sa bhliain 2009. Ba é seo an rás b’fhaide domsa go dtí sin agus b’ócáid thábhachtach dom í dá bharr.

Bhraith mé ar nós go raibh mé ag dreapadh sléibhe don rás ar fad ach chreid mé ionam féin agus b’fhiú gach soicind den anró don sásamh, don bhród agus don mhuinín a mhothaigh mé nuair a chuaigh mé thar an gcríochlíne. Cé atá chun an fód a sheasamh chun Éire a thabhairt thar chríochlíne na géarchéime seo?

Tháinig na mothúcháin thuasluaite ar ais chugam go tiubh nuair a chuaigh mé chun tacaíocht a thabhairt do m’athair i maratón Chicago i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Ócáid den scoth ab ea í seo, í ar cheann de na maratóin is mó ar domhan. Tháinig na céadta mílte amach ar thaobh na sráideanna chun tacú leis na reathaithe agus iad ar fad ag béiceadh le haon ghuth. Bhí beocht speisialta i Chicago an lá áirthe sin nó mar a déarfadh an Ríordánach, bhí cuisle na cathrach ag preabarnaigh go tomhaiste. Ba léir go raibh daoine tar éis teacht ó chian is ó chóngar chun a bheith mar chuid den ócáid seo.

Is buntáiste eile é sin den spórt áirithe seo. Cé gur spórt aonair é, meallann sé daoine chun teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile. Tá an tacaíocht agus an comhoibriú seo in easnamh faoi láthair i bpolaitíocht na hÉireann. Murab ionann agus aontacht lucht an mharatóin, tá ceannairí na hÉireann trína chéile faoi láthair.

Cinnte beidh tuairimí difriúla ag páirtithe éagsúla, ach faoi mar a bheadh na reathaithe go léir ag féachaint ar an gcríochlíne chéanna, ba cheart go mbeadh aird na bpolaiteoirí dírithe ar spriocanna agus ar aidhmeanna cinnte a bhaint amach.

Tá sé beartaithe agamsa tabhairt faoi leathmharatón eile i mí Aibreáin na bliana seo. Faoi mar a bheidh mise ag súil le bheith fit don lá áirithe sin, tá súil le Dia agam go mbeidh ár rialtas nua in ann a thaispeáint faoin am sin go bhfuil siadsan fit chun an tír a rith!