Is giofóga sinn go léir - agus is maith sin

CROBHINGNE: NUAIR A loisceadh teach i gCill Mhic Bhúith, Co Chill Chainnigh, i dtús Aibreáin na bliana seo ní dócha go raibh…

CROBHINGNE:NUAIR A loisceadh teach i gCill Mhic Bhúith, Co Chill Chainnigh, i dtús Aibreáin na bliana seo ní dócha go raibh sé i gceist ag lucht na lasracha go ndóifí daoine ina mbeatha.

Ní móide go gceapfadh siad go raibh aon bhaint ag an ngníomh a dhein siad leis an UileLoscadh a chuir, cá bhfios, níos mó ná 300,000 duine den lucht siúil agus de na giofóga isteach sna hoighin le linn an mhórchogaidh cheana idir an Ghearmáin agus an Rúis.

Seans maith gurbh fhearr le muintir ná háite nach ndóifí an teaghlach de ghiúdaigh, de ghormaigh nó de ghiofóga lucht siúil a bhí le bogadh isteach ann, ach cá bhfios arís, nuair a thagann an tigh ar an tairne, nuair is crua don chailleach...?

Chun a gceart a thabhairt d’Fhine Ghoul, chuir polaiteoir áitiúil amháin i gcoinne an loiscthe toisc gur chosain an teach an oiread sin airgid ar an gcomhairle contae. Da mba theach i bhfad níos saoire a bhí ann, seans go mbeadh an dóiteán ceart go leor.

READ MORE

Tar éis an tsaoil, nó tar éis an tsaoil eile, tá sé huncaí deoraí tithe a dhó go talamh má tá giúdaigh, gormaigh nó giofóga le bogadh isteach iontu, agus má tá siad déanta de chré agus de chliatha.

Liosta le háireamh na gníomhartha gránna a déanadh in aghaidh na ngiúdach, na ngormach agus na ngiofóga in Éirinn le suim bhlianta anuas. Dhiúltaigh na Bráithre Críostúla giúdaigh, gormaigh agus giofóga a ligean isteach ina scoil i gCluain Meala de réir chás cúirte níos túisce i mbliana.

Suim bheag blianta ó shin déanadh ionsaí ar ghiúdaigh, ghormaigh agus ghiofóga i dteach tábhairne i nGleann na Madadh, áit a raibh na maidí agus na madraí amuigh go tiubh in éineacht.

Agus mar phaor mullaigh, gheibhimid an tAire Timpeallachta, Pilib Hógán, ag maíomh nach lonnófaí teaghlach giúdach, gorm ná giofógach i ngar do dhaoine measúla ina dháilcheantar féin. Gan amhras, ní raibh sé i gceist gur gníomh ciníoch a bheadh sa mhéid sin.

Má deir na daoine a thogh tú agus a thug guth duit gur cheart daoine, nó go fiú giúdaigh, gormaigh, giofóga agus gaeil a chur amach ar thaobh na sráide nó a chur an loch amach, tá dualgas ort na tuairimí sin a sheachadadh ar aghaidh agus déanamh dá réir. Níl aon dualgas ort seasamh ded chuid féin a bheith agat, mar is pilibín tú, agus is pilibíní na daoine a thogh tú.

Is fíor, gan amhras, go bhfuil cás acu, na pilibíní seo atá ar a sé mhilliún dícheall in aghaidh go mbeadh teach cónaithe ag giúdaigh, ag gormaigh, ag giofóga, ag gaeil nó ag géanna in aice lena dtithe beannaithe féin.

Mar tá sé cruthaithe go heolaíochtúil agus thar amhras anonn go bhfuil srón fhada ar chuid acu, srón gheancach ar chuid eile, nach níonn siad iad féin, go n-itheann siad a n-óige, go sciobann siad cuid bhan na gcomharsan, go bhfuil siad ag iarraidh smacht a fháil ar an domhan go rúnda, gurb iad faoi deara peacaí an tsaoil, agus go bhfuil siad, bhueil, sea, abraimis, gan a bheith go deas.

Ina choinne sin, n’fheadar, mar adeirtí. Níor mhiste liom féin go mbeadh giúdaigh, gormaigh, giofóga, gaeil, géanna agus gandail ina gcónaí béal dorais liom, nó siar an bóthar, nó timpeall an chúinne. Tuigim go maith do na pilibíní, mar pilibín, i bhfoirm, is ea mé féin.

Is furasta dhom smaoineamh ar na cineálacha daoine ar fad nár mhaith liom a bheith i neas dom: baincéirí a scrios an tír agus iarthar domhain, tógálaithe na bpócaí domhaine, geallghlacadóirí stocmhargaidh nár dhein lá oibre seachas a bheith ag brú cnaipí, airí rialtais d’Fhine Ghoul nár mhaith leo a bheith in aice liomsa, daoine a bhfuil práta ina mbéal, lucht leanta a mbíonn geansaí Chiarraigheadha orthu agus boladh dá réir, iriseoirí nár chuimil smaoineamh riamh leo, aos mhiosúr a chur ar intinn, caipitlithe caocha caomhacha, sóisialaithe a thóg an súp, ainrialaigh a ghéill do theoiric...

Is é is truamhéalaí faoin bpilibíneacht, ná nach dtuigeann sí faic. Is iad na giofóga, an lucht siúil, an bunchló atá againn go léir.

Níl aon phréamhacha againn, ach amháin san Afraic agus sna crainn. Ní meacain ná cabáiste sinn. Ní rútaí atá inár gcosa. Táimid siúlach, gluaisteach, de shíor ag bogadh.

Is giofóga, gormaigh, gaeil, giúdaigh, géanna, gandail, gamail, gintlithe, garlaigh sinn go léir. Agus nach iontach é sin!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar