'Is leor an Ghaeilge a cheiliuradh mar iarsma'

Bhí alt saoithiúil faoi chúrsaí Gaeilge ag Steven King ar an Belfast Telegraph an tseachtain seo caite

Bhí alt saoithiúil faoi chúrsaí Gaeilge ag Steven King ar an Belfast Telegraph an tseachtain seo caite. Tá King ina chomhairleoir speisialta ag ceannaire Aontachtaithe Uladh agus Chéad Aire Thuaisceart Éireann, David Trimble.

Ní minic scéal faoi chúrsaí Gaeilge ar an nuachtán sin agus ní dócha go gcuirfidh port King as d'úinéir an Tele, Tony O'Reilly. Ní raibh King róbháúil leis an teanga.

Bhí an t-alt féin bunaithe ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Ní raibh drogall ar King tabhairt le fios dá chuid léitheoirí go raibh an teanga i mbaol báis - nó marbh.

Agus cé go raibh King go mór i bhfách le sleachta diúltacha a bhaint as an tuarascáil, níor lig sé an deis thairis spochadh as cuid de mholtaí dearfacha an Choimisiúin, mar shampla, go n-ullmhódh an Rialtas plean náisiúnta athbheochana agus go ndéanfaí teanga oibre den Ghaeilge san Aontas Eorpach.

READ MORE

"Far-fetched" a thugann King air sin.

Thapaigh sé an deis fosta sonc beag a thabhairt d'Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, Martin McGuinness: "It was recently claimed by an eminent academic that a third of funding in the primary school sector in the Republic is taken up by Gaelic. Who knows what the proportion is in the maintained sector here? Perhaps Minister McGuinness will enlighten us and we can be saved from embarking on the same ghastly experiment as the Republic."

Ní gá dó bheith buartha. Duine ar bith atá eolach ar scoileanna Caitliceacha an Tuaiscirt - "maintained" - tá a fhios aige gur beag ar fad an méid acu a theagascann an teanga agus nach mbeidh deifir rómhór ar go leor acu í a chur chun tosaigh mar ábhar.

Is ait gur ghéill King do bholscaireacht Shinn Féin gur "leo" an teanga. Creideann King, is cosúil - mar a chreideann Sinn Féin - nár labhair duine ar bith nach raibh ceangal aige le gluaiseacht na poblachta an Ghaeilge roimh na stailceanna ocrais nó ina ndiaidh.

Amaidí ghlan. Ní hionann an aghaidh phoiblí a chuireann poblachtánigh chun tosaigh den Ghaeilge agus pobal na teanga. Is iomaí sin duine a bhain, a bhaineadh agus a bhaineann leis an teanga nach bhféadfaí cur síos air mar Shealadach.

Chuirfeadh King agus a mhacasamhail ghlas lagmhisneach ar dhuine ar bith ar spéis leis cultúr. Leanann siad den ionannú tuirsiúil idir Gaeilge = Caitliceach/náisiúntóir agus Ultais = aontachtaí/Protastúnach.

Teanga atá i gceist, meán, agus tá an meán sin chomh cumasach claonta, leis na daoine a labhrann í. Tá Marxaigh, faisistigh, sóisialaigh, Caitlicigh, Protastúnaigh agus, fiú, aontachtaithe a bhfuil Gaeilge acu.

Ní chuirfidh tuairimí King mórán iontais ar lucht na teanga sa Tuaisceart. Seanscéal agus meirg air ailt den sórt faoi seo. Ní chuireann siad tada le díospóireacht an chultúir agus na féiniúlachta.

Ní raibh King go hiomlán diúltach, mar dhea. Mhol sé gur cheart an teanga a cheiliúradh mar iarsma: "Perhaps it is time to question whether Irish exists as a living language or is just a historical relic - a relic to be celebrated but a relic nonetheless."

Faraor, ní scríobhann sé cén bealach leis sin a dhéanamh. Rithfeadh sé leat nach féidir ceiliúradh a dhéanamh ar iarsma ach í a chur i mbocsa in iarsmalann, rud nach dual do theanga.

ACH bhí líne bheag san alt a léirigh chomh beartach agus a bhí an cáineadh. Ag scríobh dó ar Ultais, thug King le fios: "Many question whether Ulster-Scots exists at all."

Á. Many, go díreach. San áit a raibh King iomlán cinnte dearfa dá chuid tuairimí ar an Ghaeilge, chuaigh sé ar chúl sceiche le cúrsaí Ultaise a phlé.

Cad chuige? Bhuel, tá David Trimble ar dhuine de na daoine sin a thacaíonn le hUltais - agus is ficsean polaitiúil í an Ultais, cumadóireacht chultúrtha a mbaintear úsáid aisti le cur as d'fhorbairt na Gaeilge trí í a cheangal le canúint nach ann di.

Chead ag daoine a bhfuil fágtha den Albainis in Ulaidh a cheiliúradh - ach tugtar a ceart don Ghaeilge, teanga bheo ar ann di.