Ko Un - bolcán fuinnimh na filíochta ón gCóiré

RUGADH KO Un sa bhliain 1933 in Gunsan sa Chóiré. D’fhulaing sé céasadh sa Chogadh Cóiréach (1950-53)

RUGADH KO Un sa bhliain 1933 in Gunsan sa Chóiré. D’fhulaing sé céasadh sa Chogadh Cóiréach (1950-53). I lár an chogaidh (1952) deineadh manach Zen-Bhúdaíoch de agus chaith sé blianta fada ina fhánaí, ag brath ar an déirc.

Foilsíodh dánta leis sa bhliain 1958 agus d’fhill sé ar an saol sa bhliain 1962. Throid sé ar son na saoirse, in aghaidh dheachtóirí an deiscirt. Cuireadh faoi ghlas go minic é. Cuireadh tréas ina leith agus gearradh príosún saoil air.

Ag deireadh an chogaidh chaith sé seal ina reiligire. Dearbhú na beatha an toradh a bhí ar a theagmháil leis an mbás. Breis is 130 leabhar uaidh, filíocht, aistí, aistriúcháin, drámaí, ficsean.

Ainmníodh go minic don Duais Nobel é. Tá lucht leanúna mór aige agus níl de naimhde liteartha aige ach naimhde na spontáineachta; gheofá criticeoirí den saghas sin i ngach tír. Mórshaothar leis is ea Deich Míle Beatha, dánta a chuireann síos ar gach duine (beo nó marbh) a thug cuairt air agus é i gcillín dorcha.

READ MORE

Thug sé cur síos ar an gcillín sin in agallamh a cuireadh air sa bhliain 1999:

“Ní raibh fuinneog ar bith ann. Bhí sé chomh dorcha sin nuair a múchadh na soilse nach raibh tú in ann an buicéad fuail a fheiceáil sa chúinne.

“Ba gheall le brionglóid é an dorchadas agus sa dorchadas sin, sa stoiteacht sin, tháinig daoine ar cuairt chugam – mo thuismitheoirí, mo sheantuismitheoirí, cairde, daoine a casadh orm is iad ag gabhál an bealach, daoine nár casadh riamh orm, pearsana staire

“Labhair mé leis na haghaidheanna sin a tháinig chugam. Theastaigh uaim iad go léir a thaifeadadh i bhfilíocht. Mheasas ag an am go gcaillfí mé ach thugas móid dá mairfinn go scríobhfainn dán do gach duine acu. An misean sin a thug an neart dom leanúint ar aghaidh...”

30 imleabhar atá sa tionscadal sin, 4,000 dán a cumadh laistigh de 25 bliain. Feictear domsa go bhfuil sé ar cheann de na tionscadail litríochta is neamhchoitianta agus is uaillmhianaí ar tugadh riamh faoi.

Níl aithne agamsa ná agatsa ar na daoine a gcuireann Ko Un síos orthu ach tar éis duit na dánta seo a léamh braithfidh tú go bhfuil sáraithne agat orthu.

Braithimse, ar aon nós, gur fearr an aithne atá agam anois ar fhear díolta na mbord anseo ná go leor daoine a bhfuil saghas aithne agam orthu nó a mhaíonn go bhfuil saghas aithne acu ormsa:

Uair nó dhó in aghaidh na bliana, gach aon bhliain,

tugann fear díolta na mbord cuairt ar an mbaile seo againne.

Bean is ea díoltóir na gciseán cáithe

ach ní mór do dhíoltóir na mbord

deich gcinn de bhoird nó dosaen

a iompar thart leis

mar sin fear is ea é, gan dabht,

fear a bhfuil aghaidh an tsladaí air

is féasóg sconribeach.

Canann sé a mhuintir féin ina dteanga féin, teanga atá saor ó thionchar allúrach:

An aintín sin linn

a phós mo dhuine ag Eathar Sorae

ár nAintín Ye-bok

is a gáire

gáire mar anraith fuar péacán pónairí

ár nAintin Ye-bok

aintín fhuar a chaoin a dóthain, muis.

Chaithfeá bá a bheith agat léi agus le gach éinne eile a chuireann Ko Un inár láthair go grámhar is fós go neafaiseach. Tagraítear dó sa Chóiré san iolra toisc a liacht sin guth aige; déarfadh an fear Zen gur aon ghuth amháin é ag péacadh thall is abhus ar fud na síoraíochta.

DUINE DE mhórfhilí an domhain é Ko Un, fear ar casadh gach aon saghas duine air; gach aon saghas duine ab ea é féin, easaontach, oide, druncaeir, manach Zen, foclóirí, fear céile, athair, cime – cime a chuir aithne ar chimí eile, gach saghas cime ó Kim Dae Jung a bheadh ina uachtarán ar an tír sna nóchaidí go dtí an trodaí úd a thug leanbh ar an saol sa phríosún roimh dhul chun a crochta di.

Is ionann iad go léir, uasal is íseal, is canann Ko Un iad mar a chanfadh feithid.

Deir an file gur thosnaigh sé ag cumadh dánta agus iad mar a bheadh toim fhéir ann ag fás i measc na bhfothrach a d’fhág an Cogadh Cóiréach ina dhiaidh, cogadh inar cailleadh ceithre mhilliún duine.

I réamhrá le leabhar leis (1991) scríobh sé: “Má osclaítear m’uaigh roinnt blianta i ndiaidh mo bháis, ní lán dem chnámha a bheidh sí ach de dhánta a scríobhadh i ndorchadas an tuama sin...”

Tabhair gealtachas ar an saghas sin cainte más maith leat. Níl dóthain gealt againn. Dá mba Ghael é Ko Un déarfaí go raibh Suibhne Geilt tagtha ar ais inár measc.

Conas a ghlacfadh an Roinn Oideachais leis? Cén tuairim a bheadh ag na hollscoileanna agus na coláistí oiliúna ina leith? An mbeadh sé ar shiollabas ar bith? Ba chuma sa riach leis, a déarfainn.

Ní maith le Ko Un féachaint ar dhán díreach mar théacs i ndíolaim ná ar scáileán Idirlín mar is dóigh leis go mbaineann an dán le fairsinge na cruinne is le fairsinge an ama.

Baineann sé féin leis an bhfairsinge sin. Baineann gach duine. An Búdaíochas a mhúin é sin dó, an Búdaíochas a shlánaigh é. Bheadh lámh curtha ina bhás féin aige murach é.

Deir Gary Gach faoina chuid dánta gur geall le bheith ag snámh é is tú á léamh, mar iasc atá aineolach ar uisce – agus go tobann, an phreab a bhaintear asat nuair a bhlaiseann tú an t-aigéan ar fad in aon deoir amháin.

Sa chuntas croineolaíochta a fhaighimid uaidh deir se gur saolaíodh ina láir é i gceantar Mhuir Chaisp sa bhliain 1125 R.Ch. Níor saolaíodh ina dhuine é go dtí 17 R.Ch, an uair úd ina sheaman sa tSibéir.

Tábhairneoir ab ea é sa bhliain 1302 – ní cuimhin leis cén tír. Agus mar sin de go dtí a shaol reatha nuair a saolaíodh é sa bhliain 1933 agus an Chóiré faoi smacht na Seapánach.

Nuair a d’fhiafraigh múinteoir scoile de cad ba mhaith leis a dhéanamh amach anseo ar seisean: “Ba mhaith liom a bheith im Impire ar an tSeapáin.” Bheadh sé i dtrioblóid ón lá sin ar aghaidh.

Bolcán fuinnimh é Ko Un a dúirt go n-éireodh sé as an scríbhneoireacbht dá gceapfadh sé go raibh a thorthúlacht ag cur isteach ar cháilíocht agus ar fhiúntas a shaothair.

Beag an baol:

Lá amháin thógas cloch dhuirlinge

ó thrá na Mara Thoir is chuireas im phóca í

ach léim sí amach is í ag béicíl.

Agus í ag imeacht san imigéin

ní raibh gíocs aisti.

Níl aon eolas aici faoi na mothúcháin láidre a shantaím.

Tá scata faoileán amuigh ar an teiscinn

a phiocfadh amach is a shlogadh focail gan bhrí.