IS ÁBHAR imní é ag an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go bhfuil "folús" á chruthú nach bhfuil ag teacht le forálacha ná le rialacháin reachtúla Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Faoin reachtaíocht, caithfidh comhlachtaí poiblí leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí i nGaeilge de réir na ngealltanas a thug siad sa chéad scéim teanga acu ach níl dualgas orthu na seirbhísí sin a fhorbairt sa chás nach n-ullmhaíonn siad scéim nua.
Agus é ag seoladh a thuarascáil bhliantúil do 2008 Dé Luain, dúirt Ó Cuirreáin gur chuir sé in iúl do Roinn na Gaeltachta "go raibh imní orm go raibh an baol ann go bhféadfadh sé go gcaillfeadh an tionscnamh ina iomláine an luas a bhí faoi, rud a d'fhéadfadh bheith ina bhuille an-mhór".
I bhfreagra scríofa chuige, dúirt Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh sé féin agus a Roinn tiomanta le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus spriocanna na reachtaíochta a bhaint amach.
D'aimsigh scáthghrúpa na n-eagras deonach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ábhar imní, misnigh agus dóchais sa tuarascáil chéanna.
Thug siad "ábhar dóchais" ar thoil an phobail gearáin a chur faoi bhráid an choimisinéara ach bhí siad buartha faoi thuairim Uí Chuirreáin go raibh "folús" á chruthú.
Dúirt leas-stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh go raibh an chuma ar an scéal go raibh Éamon Ó Cuív agus a Roinn "ag tarraingt na gcos" maidir le daingniú scéimeanna an Achta, rud a bhí "scannalach amach agus amach".
Dúirt Ó Ceithearnaigh gur faoi Roinn na Gaeltachta a bhí sé "dea-shampla a léiriú i dtaobh a díograise i leith an Achta, ní hamháin don phobal ach don 650 comhlacht poiblí atá ag breathnú ina treo don dea-shampla céanna".
Sé cinn de ranna rialtais - Roinn na Gaeltachta ina measc - agus sé cinn de ghníomhaireachtaí stáit eile a sháraigh reachtaíocht le linn 2008 a raibh sé mar aidhm aici an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn.
Tuairim is 600 duine a rinne gearán le Ó Cuirreáin faoi na deacrachtaí a bhí acu teacht ar sheirbhísí Gaeilge, mar shampla, ábhar foilsithe bheith i mBéarla amháin. Laghdú de 4 faoin gcéad a bhí ansin i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin agus chuir Ó Cuirreáin fáilte roimh an laghdú.
Níorbh aon leithscéal é an lag trá eacnamaíochta gan seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, a dúirt Ó Cuirreáin: "Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
"Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é."
Dúirt sé gur mhol sé bealaí éagsúla d'eagraíochtaí stáit le costais a laghdú ach caighdeán ard seirbhísí Gaeilge a choinneáil, mar shampla, úsáid níos mó a bhaint as an Idirlíon, ábhar a fhoilsiú go leictreonach agus foireann a earcú a bhí dátheangach.
Eolas: www.coimisineir.ie