Leamh gan toil

Crobhingne: Tá leabhair léite ag an gcuid is mó againn, go fiú in aghaidh ár dtola.

Crobhingne: Tá leabhair léite ag an gcuid is mó againn, go fiú in aghaidh ár dtola.

Na leabhair scoile sin a raibh mus na múinteoireachta orthu, agus an smearadh dúigh a thug séala na barántúlachta dóibh. Na leabhair athláimhe sin a raibh leamhsaire éigin matamaitice maslaithe le peann luaidhe ar imeall na slí iontu; na grabhróga a rinne lánstad i lár abairte; giota den ubhcháca calcaithe idir dhá alt. B'éigean dúinn iad a léamh.

Dá ainneoin sin, dhein go leor daoine léamh nár bhain riamh le scrúdú ná le cúrsa. Sairsingíodh orainn gur pléisiúr ba ea an léitheoireacht, agus cheannaigh scata ban Éireann PS. I Love You dá bharr.

Léitheoirí craosacha iad a thuilleadh ar féidir leo an difear a fheiscint idir craiceann na bréige samhraidh cois trá agus feoil an gheimhridh i gcorp an dúluachair istigh. Léitheoir earraigh agus fómhair mé féin ar cuma liom dhá thine na Bealtaine. Ó am go chéile choinnínn trácht ar a raibh léite agam, agus chuir sé an dubhiontas orm cad é nár chuimhnigh mé air dar léigh mé de leabhair thar thréimhse ar bith.

READ MORE

Ransaigh mé mo chuimhne go glantseansúil neamhthuairimeach agus rith leabhra áirithe isteach ann. Dírbheathaisnéis leis an scannánaí Luis Bunuel; níor chuimhin liom faic as saothar na gcéadta leathanach ach seo féin: nuair a bhí sé óg go bhfeicidis, é féin agus a chomplacht cois claí de stócaigh chois claí in Andalucia Dheisceart na Spáinne, go bhfeicidís dlaíóg scamaill aonair uaignigh ar crochadh in airde sa spéir ollghorm i bhfad uathu agus go nguídis le fuadar go n-atfadh is go mborrfadh is go séidfeadh an sláimín sin ina bháisteach is ina fhliuchras beo. Ar ala na huaine, d'imíodh as, is ní bhíodh fágtha ach an spéir ghorm-mhallaithe gan chrích.

Dé an chúis a bhfuil cuimhne agam air sin, agus dearmad déanta ar aon phioc den chaidreamh a bhí aige leis an nginias Picasso, agus leis an nginias ba dhá mhó ná é, Salvador Ó Dálaigh? An té eile thall a léifeadh an leabhar sin, is deimhnitheach thar amhras anonn gur eachtraí eile ar fad a ghabhfadh a chuimhne. B'fhéidir gur bhain sé leis na samhraíonta fada abhus faoi spéartha liatha, agus an oscailt bheag ghorm dóchais sin ar íor na spéire nár tháinig ann riamh dó.

Agus léigh mé Dainté, turas fada sin an fhile trí Ifreann na meánaoiseanna agus gan de chuimhne agam air, seachas an tús, ach Ugólínó agus é ag cogan agus ag cnáfairt ar chloigne. Agus síscéalta Thír Chonaill imithe amach thar Thoraigh na meabhrach ó thuaidh, i leataoibh ón ngirseach a fuair cuireadh ón bhfrog sa lios a bheith i láthair ag saolú a clainne, agus ar lean de. Agus gan a bheith ina luí ar shraith íochtar m'intinne ó Montaillou Emmanuel le Roy Ladurie ach gur chomhartha sláinte agus fearúlachta an boladh mascalach neamhnite a thagadh ó allas bruite an choirp.

Ní heol d'aon duine againn an chúis a bhfanann nithe áirithe greamaithe de leite na hinchinne, agus go ngabhann an uile ní eile le calóga an tsaoil. Ní fios cen fáth a bhfanann cuimhní áirithe ag breo inár bhfillteacha, agus a dtiteann fial sreabhnach na díchuimhne anuas ar a bhformhór eile. Ach an oiread leis an inspioráid ní móide gur féidir an chuimhne a ghairm chugat le cruinneas. Cuir slat ar an gcuimhne agus ní bhfaighir ach orlach cam.

Sa chogadh síoraí idir an dúchas agus an oiliúint, is é an dúchas ar leis an lá gach ré solais. Muran féidir linn giob banláimhe a chur leis an bhfad atá ag dul dúinn ó shinsearacht ní móide gur féidir linn an chuimhne atá imithe sa log úd thíos a ghairm ar ais.

Maireann an daba i gcriathar na meabhrach mar gur cuid dínn é nach féidir leis an dearmad beannaithe é a shlogadh. Níl a oiread smachta againn ar an daba sin agus atá againn ar dhath ár gcuid súl ná ar ghéire na smige spuaicí faoi bhun ár mbéil.

Ní hionann sin agus gur cur amú ama gach dá bhfuil léite againn. Na húrscéalta cúlpháipéir sin ar fad sa lochta lasnairde, na nuachtáin gan áireamh Domhnach is Dálach, na hirisí ar shíleamar go raibh tús agus deireadh gach gaoise iontu, an fhilíocht ar fhanamair inár suí á léamh go moiche na maidine, an fhealsúnacht a raibh eochair an tsaoil aici le casadh, b'fhéidir nach bhfanann díobh ach an méid nach bhfuil fanta.

Agus thiocfadh go mb'fhéidir gurb é sin an dríodar is luachmhaire thíos, an ghrúidil ar a bhfuilimid ar fad ar gor. Ráineodh gurb é an díchuimhne úd is diamhaire ar bith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar