RUGADH WALTER Helmut Fritz sa bhliain 1929 in Karlsruhe na Gearmáine agus dhein staidéar in Heidelberg ar an litríocht, ar an bhfealsúnacht agus ar nuatheangacha. Chaith sé tamall ina oide sular luigh isteach ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha.
Úrscéalta agus aistí scríofa aige. Aistritheoir nótáilte, leis, é agus i measc na scríbhneoirí atá aistrithe go Gearmáinis aige tá Alain Bosquet, Jean Follain, Philippe Jaccottet, René Menard agus Claude Vigée. Mórán duaiseanna bronnta air, ina measc an Georg-Trakl Preis.
File grá den scoth é Fritz, im thuairimse. Faightear séimhe neamhchoitianta ina chuid dánta grá. Nuair a bheireann sé ar mhóimintí éalaitheacha neamhbhuana is minic an cur síos aige orthu – agus ar an dúlra is an timpeallacht – ina cheiliúradh spioradálta ar an gcaidreamh a bhíonn idir fear agus bean.
Mionghluaiseacht
do láimhe,
mionfhánaíocht
do láimhe
trí aer an tsamhraidh
os cionn an bhoird seo,
agus gloine sú líomóide agat
á hól
is tú ag cabaireacht
is ag breathnú ar an maidin,
tine shéimh
ar foluain.
Is ionann an teideal agus an chéad líne. Is amhlaidh a bhrisfeadh teideal aontacht an dáin, go seasfadh sé lasmuigh de. Aon ghluaiseacht orgánach amháin atá sa dán, d’fhéadfá a rá. Bíodh is go bhfuil go leor ag tarlú sa dán, tarlaíonn gach aon rud mar aonad líofa leochaileach leanúnach amháin agus beireann Fritz ar an sruth síodúil sin go seoigh, dar liom.
Déarfadh daoine áirithe gur tuairisc rómhaol atá faighte againn uaidh agus nach bhfuil tábhacht ar bith leis mar dhán ach bheadh dul amú orthu. Tá “kleine Wanderung”/ “mionfhánaíocht” míorúilterach ar fad mar chur síos ar lámh na mná: tá beirthe ag Fritz ar mhóimint atá chomh héalaitheach sin nach dtabharfadh mórán daoine eile faoi deara in aon chor í. Cúram na filíochta – agus cúram an ghrá – gach aon ní a thabhairt faoi deara. An ealaín nach bhfuil airdeallach comhfhiosach is ag plé le taibhrimh agus ciméara atá sí.
Féach mar a ghluaiseann an dán ón ngloine sú liomóide go dtí an ghrian, ón talamh go dtí an spéir (mar a tharlaíonn go minic i haiku, abair); agus an mbraitheann tú séimhe an dáin? Faightear an nóta séimh sin tríd síos sna dánta grá aige. Tá misneach aige mar ní téamaí faiseanta iad an tséimhe ná an sonas i nualitríocht an Iarthair.
Sa chéad dán eile tá an ghile in uachtar arís, mar a bheadh pictiúr de chuid na nImpriseanaithe ann. Is minic a rith sé liom go mbeadh dánta de shaghas eile againn i gcorpas na nuafhilíochta Gaeilge dá mbeadh tionchar níos mó ag na dearcealaíona orainn ach sin scéal eile:
Coiscéimeann solais
ar an slí.
Mall, gasta,
tá ina shamhradh.
An uair chomh nocht
le púróg.
Feicim ag teacht thú,
do chuid éadaigh ag lonrú.
Líne an-simplí ar fad is ea “dein Kleid leuchtet”/ “do chuid éadaigh ag lonrú”. Tá filí áirithe ann agus scanraíonn an tsimplíocht an t-anam astu. Is dóigh leo nach bhféadfadh filíocht ná ealaín a bheith ann in éagmais na castachta; caithfidh an saothar a bheith saothraithe, a deir siad, nó foclach, tathagach. Breall atá orthu. Ní haon bhuntáiste é a bheith foclach. Agus d’fhéadfadh easpa tathaig a bheith chomh tábhachtach nó níos tábhachtaí ná an tathag féin. Ba cheart dóibh foghlaim conas “do chuid éadaigh ag lonrú” a scríobh. (Ar ndóigh, ní chothaíonn an tsimplíocht tionscal na dtráchtas ollscoile!)
Tá sé deacair, fíordheacair, stíl shimplí a chleachtadh má tá drochnósanna foghlamtha agat agus má tá na drochnósanna sin molta ag níos mó ná criticeoir “údarásach” amháin. Más rud éigin “trom” atá uait cuimhnigh nach bhfuil aon ní faoin spéir níos troime ná an folús. Dúirt an Máistir Yogiraj dá gcrapfaí an domhan ina mhirlín agus meáchan ollmhór an domhain ann i gcónaí agus ansin é a chur ar an meá is an folús a chur ar an dtaobh eile de, dúirt sé go mbeadh an folús i bhfad Éireann níos troime ná é. Ní chuirfeadh eolaí ar bith ina choinne, ar ndóigh. Na móimintí éalaitheacha seo a mbíonn Walter Helmut Fritz sa tóir orthu cad is ea iad ach an folús.
Ní hé go bhfuil bandia déanta aige dá ghrá geal sa chéad dán eile ach féach nach féidir í a dheighilt mar sin féin ó shíorchruthú an domhain:
An mhaidin á fógairt féin
os comhair na fuinneoige
le cliotar chosa na gcolúr,
ach scaipeann do lámha
an chéad solas.
Tagann teas sa lá
trí danáil
agus filleann an samhradh as an nua
ar do cholainn.
Ceann de na móimintí éalaitheacha a fhaighimid sa dán thuas ná anáil na mná. An bhfuil aon rud chomh héalaitheach leis an anáil? An bhfuil aon rud chomh bunúsach léi, chomh comónta eadrainn go léir?
Maith dhom é má luaim an Máistir Yogiraj arís. Deir seisean gur rud chomh bunúsach is ea an anáil go ndéanaimid dearmad uirthi nó go ndéanaimid talamh slán di, faoi mar a ghlacann an leanbh lena mháthair gan chuimhne.
Ach meabhraíonn sé dúinn cé chomh tábhachtach is atá an anáil nuair a luann sé Geineasas, fíorthosach an tSean-Tiomna: “Fásach folamh ab ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí...”
I bhfocail eile, i dtosach báire bhí an anáil ann. Eiliminteach, a Watson dhil.
Dán thar a bheith simplí is ea an chéad dán eile ach má osclaíonn tú do chroí is d’anam dó feicfidh tú an fhairsinge ann:
Is tú an tigh
ina gcónaím.
Is tú an chathair
ina mairim.
Is tú an tír
a siúlaim tríthi.
Tigh, cathair, tír.
Dá mbeadh sé foclach bheadh an dán loite aige. Conas a dhéanfá níos casta, ní níos simpli é? Liric fhoirfe is ea í mar a sheasann sí agus i gcomhthéacs na ndánta eile aige ina bhfuil an ghné fhisiceach agus an ghné mheitifisiciúil dá fhís ag teacht le chéile go feillbhinn.
Tá súil agam go bhfuil léargas beag éigin tugtha agam daoibh ar an rud a dtugaimse an grá Fritziúil air.
anáilbreath – bunúsachbasic – comhfhiosachconscious – comhthéacscontext – dúlranature – fealsúnachtphilosophy – foclachverbose – folúsvacuum – leochaileachtender – liriclyric – síodúilgentle – sruthstream – tábhachtimportant – timpeallachtenvironment