TÁ LÉARGAS scanrúil i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh inné, ar a laghad airde atá cuid den státchóras ag tabhairt ar dhualgais reachtúla teanga.
Léiríonn an tuarascáil, mar shampla, gur sháraigh údaráis an Gharda Síochána an dlí nuair nach bhféadfadh ochtar as naonúr Gardaí a cuireadh ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall a n-obair a dhéanamh trí Ghaeilge.
Ag tagairt do chás Ghaoth Dobhair, le linn sheoladh na tuarascála i nGaillimh inné, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin nárbh fhéidir “leis an Stát a bheith ag súil leis go mairfidh an Ghaeilge mar rogha teanga ag an bpobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh”.
Ach dhealródh sé gurb é sin go díreach a raibh an Stát ag súil leis. Dúirt an coimisinéir chomh maith nach raibh stádas na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht “chomh leochaileach riamh agus atá anois”.
Is beag duine a d’easaontódh leis an áiteamh sin agus is as an tuiscint chéanna ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht a fáscadh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
Mar a tharlaíonn sé, fogróidh Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, amárach dhá thionscnamh shuntasacha faoin straitéis chéanna – An Clár Tacaíochta Teaghlaigh agus an próiseas pleanála teanga don Ghaeltacht.
Tiocfaidh An Clár Tacaíochta Teaghlaigh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge agus é mar aidhm ag an gclár nua seirbhísí tacaíochta éagsúla a chur ar fáil do thuismitheoirí chun cabhrú leo a leanaí a thógáil trí Ghaeilge.
Tuigtear don cholún seo go bhfógrófar chomh maith na chéad phleananna teanga Gaeltachta faoin straitéis agus go bhfuil 6 cheantar theangeolaíocha ar leith roghnaithe chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála.
Ba chóir go dtabharfadh an dá fhógra sin ábhar dóchais éigin dóibh siúd atá in amhras faoi dháiríreacht an Rialtais maidir le feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain. Ach ardaíonn tuarascáil an choimisinéara a thuilleadh ceisteanna faoi chur chuige an Stáit i leith shlánú na teanga.
An cheist is bunúsaí acu sin ná, cad is fiú don Stát seirbhís tacaíochta teanga a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta nó pleananna straitéiseacha a cheapadh do cheantair Ghaeltachta munar féidir leis an Stát a chinntiú go bhfuil Gaeilge ag Gardaí na Gaeltachta?
Cad faoin teaghlach i nGaoth Dobhair a mbeadh tacaíocht i nGaeilge uathu ó na Gardaí áitiúla?
Cén mhaith do theaghlaigh Ghaoth Dobhair a bheith cláraithe le scéim tacaíochta teaghlaigh agus feasach ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas nuair gur mó de sheans atá acu Kevin Cassidy a fheiscint ag ardú Chorn Sam Mhic Uidhir i mbliana ná mar atá acu comhrá a bheith acu i dteanga na muintire leis an nGarda áitiúil?
Is cinnte gur beag an mhuinín a bheadh ag duine as cumas an státchórais pleananna uileghabhálacha teanga a chur i gcrích sa Ghaeltacht nuair atá ag teip ar an gcóras céanna seirbhísí chomh bunúsach agus chomh tábhachtach le seirbhís an Gharda Síochána a chur ar fáil as Gaeilge.
Is i mí na Nollag 2011 a rinne an coimisinéir teanga cinneadh foirmiúil nár comhlíonadh na dualgais reachtúla teanga i gcás Ghardaí gan Ghaeilge Ghaoth Dobhair. Agus rinne sé sraith moltaí a bhí le cur i bhfeidhm laistigh de thréimhse naoi mí ag údaráis an Gharda Síochána
Ag labhairt dó leis an gcolún seo ag tús na seachtaine dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go raibh sé “cinnte” go dtabharfadh Coimisinéir na nGardaí aird ar a raibh i dtuarascáil an choimisinéara teanga “go háirithe agus é ag teacht ó fhoinse chomh húdarásach agus neamhspleách le hOifig an Choimisinéara”.
Idir an dá linn, tá léiriú eile ar a laghad airde atá ag cuid den státchóras ar an reachtaíocht teanga sa tuarascáil speisialta a d’fhoilsigh an coimisinéir inné faoin Roinn Coimirce Sóisialaí agus an sárú a rinne an Roinn sin ar dhualgais reachtúla teanga.
Tá an tuarascáil speisialta seo leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gcoimisinéir mar go ndearna an Roinn neamhaird ar a mholtaí – cé nach ndearna sí achomharc ar phointe dlí chun na hArd-Chúirte i gcoinne a chinnidh.
“Ní féidir liomsa níos mó a dhéanamh maidir leis an gcás seo ach tuairisc a thabhairt do Thithe an Oireachtais agus is gnó anois don Oireachtas céimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh,” a dúirt Ó Cuirreáin inné.
Léirigh dhá imscrúdú éagsúla nár chomhlíon an Roinn na dualgais reachtúla teanga maidir le marcanna bónais a thabhairt d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d’ardú céime.
SHÁRAIGH AN Roinn Coimirce Sóisialta an dlí nuair a chinn sí gan marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon a bhronnadh ach amháin ar dhaoine a raibh na céimeanna deiridh sna comórtais bainte amach acu.
“Tá an chosúlacht air go bhfuil an cur chuige lochtach seo de chuid na Roinne coitianta ar fud na státseirbhíse agus gur air sin atá cuid den locht maidir leis an imeallú atá déanta ar an nGaeilge i measc na foirne sa státchóras,” a dúirt Ó Cuirreáin.
Bunaíodh scéim na marcanna bónais sa bhliain 1975 mar mhalairt ar chóras na Gaeilge “éigeantaí” sa státseirbhís ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil aon chóras dáiríre in aon chor anois ann chun aitheantas a thabhairt do státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge.
Cad is fiú, mar sin, aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag iarraidh clann a thógáil trí Ghaeilge muna bhfuil aitheantas le tabhairt do dhaoine sa státchóras a mbeadh ar a gcumas seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar dóibh?
Cad is fiú a bheith ag caint ar chearta teanga nuair atá an córas ar a bhfuil infrastruchtúr na gceart teanga bunaithe in aimhréidh?
Dúirt an coimisinéir inné – ní den chéad uair – gur chosúil go raibh “teipthe tríd is tríd ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga”, córas atá mar chroílár na reachtaíochta teanga.
Thug sé le fios nár dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach scéim teanga nua amháin le linn na bliana 2011 agus go raibh 66 den 105 scéim a bhí daingnithe go dtí seo tar éis dul in éag roimh dheireadh na bliana 2011.
“Ní féidir teacht ar aon chonclúid eile ach go bhfuil cliste anois ar an ngné thábhachtach seo den reachtaíocht teanga,” a dúirt sé.
Ach ní réimse na reachtaíochta teanga amháin atá ag cliseadh ar pholasaí Gaeilge an Stáit.
Cuireadh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge le chéile le go mbeadh cur chuige comhtháite ann sa státchóras maidir le caomhnú agus cur chun cinn na teanga.
Ach tá cuma scaipthe go maith i gcónaí ar an iarracht tarrthála agus cuma an chur i gcéill go minic uirthi chomh maith.
Cé go bhfuil sé ráite go soiléir sa straitéis, mar shampla, gur chóir d’ábhar oidí tréimhsí níos faide a chaitheamh sa Ghaeltacht fógraíodh i mí Feabhra go raibh deireadh á chur ag an Roinn Oideachais leis an deontas a íoctar leis na hábhair oidí céanna chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta.
250,000 cainteoir laethúil lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030; sin an sprioc uaillmhianach atá ag an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
Agus gan amhras beidh dóthain Gardaí, múinteoirí agus státseirbhísigh le Gaeilge le freastal orthu ar fad...