Tá agallamh an-spéisiúil leis an fhile Louis de Paor ar an iris Idirlín Beo (www.beo.ie). Agus é ag caint faoi na leabhair a scríobh sé i nGaeilge, fiafraíonn de Paor arbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
Díomá a cuireadh air gur ghin a leabhar ar Mháirtín Ó Cadhain a laghad sin díospóireachta. Díomá a cuireadh arís air gur tharla an rud céanna i gcás shaothar Bhreandáin Uí Bhuachalla, Aisling Ghéar.
Tá de Paor ag scríobh leabhair ar Bhrian Ó Nualláin faoi láthair agus é idir dhá chomhairle cé acu a ba cheart dó leanstan leis an saothar i nGaeilge nó i mBéarla. Tá sé iontach macánta faoi na cúiseanna atá ag cur as dó: "Níor chreideas go bhféadfainn teacht chuig an bpointe go mbeinn ag rá liom féin, "An bhfuil tú as do mheabhair glan bheith á chur seo amach trí Ghaeilge? Má chuireann tú é seo amach i mBéarla beidh deis agat díospóireacht a thosnú, bheith i lár na díospóireachta sin."
"Níl aon dabht fén spéir ná go mbeadh sé níos fearr domsa, do léann na Gaeilge, do Bhrian Ó Nualláin agus don teanga féin dá n-osclóinn é seo amach go dtí an domhan Béarla agus go mbeadh daoine ag freagairt dó."
Tá an ceart ar fad ag de Paor gur mó aird agus gur mó aischothú a gheobhadh a shaothar i mBéarla - ó lucht na Gaeilge ach go háirithe. Is é an chuid is measa den scéal gur duine de ghlúin óg scríbhneoirí na teanga é de Paor, fear atá ag saothrú leis ar ollscoil.
Thuigfeá go maith dá lionn dubh. Tá an dua ceannann céanna i gceist le scríobh i nGaeilge agus atá i mBéarla. Má tá ag teip ar a mhisneach, nach baol fosta go dteipfidh ar an ghlúin a thiocfaidh ina dhiaidh? (Deirim "glúin" ach is é fírinne an scéil é gur duine nó beirt as measc na mílte mac léinn a leanann den scríbhneoireacht ghníomhach.)
"Beatha teanga í a labhairt; buanú teanga í a scríobh," a deireadh lucht na hAthbheochana. Tá sé chomh maith againn an abairt a athrú: "Beatha teanga í a labhairt; buanú teanga í a chraoladh."
Leis an fhocal labhartha - bíodh sé ar raidió nó ar theilifís - an lá, is cosúil.