Litreacha

BHÍ LÁ idirnáisiúnta na litearthachta ann uair éigin an tseachtain seo caite

BHÍ LÁ idirnáisiúnta na litearthachta ann uair éigin an tseachtain seo caite. B’fhéidir nár thug mórán daoine faoi deara é mar bíonn lá idirnáisiúnta éigin ann le gealadh gach lae.

Trí lá ó shin, mar shampla, bhí an Lá Idirnáisiúnta um Chosc ar Fhéinmharú againn, agus Dé Sathairn beidh Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais, cé nach dócha go dtógfar aon cheann de sin in áiteánna áirithe. Ó am go chéile chomh maith bíonn Lá na Seanórach, Lá na Seanbhan, Lá Teilifís Dhomhanda, Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe...

Bheadh lá idirnáisiúnta litearthachta níos tábhachtaí ná go leor eile, toisc gurb í an litearthacht a thóg daoine aníos as sloc an aineolais, agus atá á thabhairt ar ais arís in aineolas de shaghas eile. Ní minic a chuimhnítear gurb í an réabhlóid ba mhó a tharla san 19ú haois gur teagascadh léitheoireacht don mhórphobal nach raibh sí acu roimhe sin.

Ní hé amháin nach raibh léamh ná scríobh ag formhór de phobal an domhain i rith an ama ghairid sin ar féidir daoine a thabhairt orainn, ach níorbh eol do dhaoine go raibh léamh agus scríobh ann.

READ MORE

Níorbh fhéidir an saol luaineach a cheapadh i litreacha fuara ar pháipéar, ná ar sheithe daimh, ná ar choirt adhmaid féin roimhe sin, go fiú más féidir anois.

Is de shuimiúlacht mhór é go bhfuil Cúba ar an tír is foirfe litearthacht ar domhan de réir na Náisiún Aontaithe, agus ní fada uaithi miontíortha ar imeall na slí ar nós na hEastóine agus na Laitvia ar éigean dóibh dul i ngleic le dhá theanga éagsúla, agus dhá chóras scríbhneoireachta.

Go deimhnitheach, is díol níos mó suime fós é, gurb iad na tíortha iarShóivéideacha is airde réim i gcúrsaí litearthachta, agus ní móide gur tógadh iad ar fad le Cogadh is Síocháin ná leis Na Deartháireacha Karamazov féin.

Na tíortha is laige léitheoireacht baineann siad leis an gcuid is táire den Afraic, agus i gcásanna eile tíortha atá á roiseadh as a chéile ag bronntanais an aeir uainne, ar nós na hAfganastáine.

Deirtear go léadh na manaigh a gcuid scríbhneoireachta, nó na scríbhinní beannaithe os ard, nó neachtar acu, go mbíodh a mbeola ag gluaiseacht fad na huaine. Rud níos nua fós, mar sin, is ea an léamh taoithneach, an léamh ciúin, an léamh príobháideach agus tú i gcaidreamh led intinn féin.

Is beag rud is iontaí ná dul i leataoibh na slí, leabhar id ghlaic agat, tumadh isteach ann, agus dul ag snámh sna focail a sheolann amach ar an bhfarraige mhór tú, ligean don rafta tú a chur i dtír ar oileáin nár shamhlaigh tú riamh, tú a mhúchadh i dtaibhreamh nár aislingíodh fós, balsam a shmearadh ar d’intinn nár cheap tú a bhí a dhíth.

Ceann de mhíorúiltí an tsaoil is ea an cumann seo leat féin agus le duine eile nár theangmhaigh riamh leat. Tugann litreacha na haibítre beathaí eile dhuit lasmuigh ded bheatha féin; is iad mac na beatha iad. Is é dúshlán an mhóráin anois é leabhar a léamh ó thúis deireadh. Teilifís, twittireacht, dlúthdhioscaí, didirídodaireacht ó húm go hám an ceannasaí faoi láthair.

Chuala gur cuireadh drámadóir i mbun ceardlainne scríbhneoireachta tráth. Cruinníodh na hábhair scríbhneoirí isteach in aon tseomra amháin. Iad timpeall ar bhord. Peann agus páipéar bán leata os a gcomhair. Tháinig an drámadóir múinteora isteach agus maide mór draighin ina láimh aige. Chrom ar iad a phleancadh duine ar dhuine leis an maide agus gach aon liú as: “Scríobhaigí, a bhastarda, scríobhaigí!”

B’é a bhí á áiteamh aige nach raibh le déanamh chun ceird na scríbhneoireachta a fhoghlaim ná a bheith ag scríobh.

Ar an gcuma chéanna, ritheann liom gur cheart daltaí a chur isteach i seomraí ar leith, lampa leorsholais a bheith acu, buidéal uisce agus leabhar, agus gan iad a scaoileadh amach go mbeadh an leabhar léite acu. Níor ghá dóibh cloch a bheith ar a mbolg acu ná aon phianpháis a fhulaingt, gan amhras, ach ba ghátar go léifí an rud a dtuigtear le leabhar, go fiú shaight ar bith le Jane Austen, nó Luaithreach Angela féin a bhfuil aistriúchán breá déanta air ag Pádraic Breatnach air, mar le leabhar fliuch féin.

Táimid fós ar na tíortha is airde litearthacht ar domhan, ar comhchéim leis an bhFionlainn, an Íoslainn, an bhFrainc, an nGearmáin, an Eilbhéis, an mBanríocht Aontaithe agus eile. Níl aon ghéarchéim abhus nach féidir le hábhar dea-léitheoireachta a réiteach.

Is é a cheapann an tAire Spion agus Sumanna gur fadhb teicnící nicí nicí múinteoireachta é. Is é nach dtuigeann sé ná go bhfuil an réiteach san léitheoireacht féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar