BEOCHEIST:TÁ LÍNTE sa scannán scéinséara Heat, scannán a raibh an-ráchairt air cúpla bliain ó shin, Pacino agus de Niro mar phríomhcharachtair ann: "You don't live with me, you live among the remains of dead people. You sift through the detritus, you read the terrain, you search for signs of passing..."
Tagann an ráiteas sin aniar aduaidh orainn sa scéal céanna, tá rud éigin aduain ag baint leis; tá sé rófhileata b’fhéidir?
Bean atá ann agus í ag clamhsán lena fear céile (an bleachtaire Al Pacino), fear atá chomh gafa sin lena phost laethúil agus é sa tóir ar na coirpigh is cliste – sa chás seo, Robert de Niro – nach gcaitheann sé a dhóthain ama léi.
Ag scagadh cuid de na hailt a scríobhadh tar éis di bás go hóg i mbliana, d’fhéadfadh an abairt sin a bheith ag tagairt do scéal Whitney Houston, ar dheis Dé go raibh sí.
Tá smionagar a saoil á scagadh agus á bhaint as a chéile cheana féin nuair is ceart dúinn na hamhráin áille a d’fhág sí mar oidhreacht againn a cheiliúradh.
Sea, ar m’anam, tá na scéalta ag teacht amach anois. Chaith sí os cionn 100 milliún dollar ar dhrugaí i gcaitheamh na mblianta, deirtear.
Seans go bhfuil an ceart acu siúd a mhaíonn gurb í seo ré chultúr an bháis i ndáiríre. Ligimid orainn nach spéis linn na fíricí agus na scéalta beaga suaracha sin ach a mhalairt atá fíor is cosúil. “Éag na ngaiscíoch,” mar a deir Dara Leabhar Shamúéil.
Ghnóthaigh Whitney Houston saibhreas as cuimse, bhí saol an liomó bháin aici mar a déarfá, ach fós féin bhí sí chomh tugtha sin do na drugaí go raibh uirthi cuairt a thabhairt ar na ceantair ba shuaraí agus ba bhoichte chun a handúil a shásamh. Ar mhaithe le “meas na gcomharsan” áfach, bhí an fíorscéal á scuabadh faoin mbrat urláir.
Tá tábhacht faoi leith ag an bhfocal beag sin “meas”.
Meas na gcomharsan, meas an chine. In ainneoin an tsaibhris dhochreidte sin a rinne Whitney Houston ina hógbhean di, bhí deamhan amháin ag cur as di nár díbríodh riamh.
Níor thuill sí meas a cine féin riamh, meas an phobail ghoirm sna Stáit Aontaithe. Fiú agus í ag tosú ar bhóthar an cheoil, bhíodh na djanna, go háirithe na gormaigh, ag fonóid fúithi. Ní raibh an ceol a chan sí gorm go leor, dar leo.
Rinneadar mugadh magadh di agus de réir mar a chuaigh sí in airde réime is ea is mó a chuir siad ina leith go raibh sí tar éis a hanam a dhíol, an dubh a chur ina gheal uirthi féin, nach eiseamláir do ghormaigh óga in aon chor a bhí inti, go raibh a fréamhacha stoite aici, a pobal féin á thréigean aici, go mba Uncail Tom í.
Chaithfeá a bheith an-láidir ar fad chun déileáil lena leithéid de dhrochíde. Ní fios cén tionchar a bhí ag na líomhaintí sin a cuireadh i leith Houston gur thug sí droim láimhe lena muintir féin.
Dála shochraid Mhichael Jackson, ba cheiliúradh mór ar cheol agus chultúr an chine ghoirm é sochraid Whitney Houston. Ba cheiliúradh é, ámh, a cheil an méid is a léirigh sé.
Cheil sé na deighiltí móra cultúrtha sin atá níos feiceálaí de réir a chéile sa phobal gorm Meiriceánach.
Is pobal i bhfad níos ilchineálaí ó thaobh na hidé-eolaíochta agus an chultúir de iad gormaigh na Stát Aontaithe ná mar a thug sochraid Houston le fios.
Agus míshástacht le Obama ag dul i dtreise i gcónaí tá líon na ngormach atá ag cur i gcoinne na bpolasaithe sin a bhaineann lena bpobal féin ag méadú.
Áitíonn mórán ceannairí gorma anois nach beartais chun feabhais iad polasaithe Obama agus na nDaonlathach i leith an ghinmhillte, an oideachais agus atógáil an phobail.
Tá na briathra binne ag fear Mhuine Gall i leith mionlaigh, daoine aeracha, inimircigh, agus daoine gorma, a deir siad, ach ní dhéanann sé beart de réir a bhriathair.
Polasaithe Obama maidir le cúrsaí leasa shóisialta, níl de thoradh orthu ach go bhfuil teaghlaigh ghorma á stracadh as a chéile níos minice ná riamh, a mhaítear; maidir le hathnuachan uirbeach, tá móramh den chine gorm níos daingnthe sna geiteonna anois ná mar a bhí riamh.
A chruthúnas air sin ná go bhfuil an dífhostaíocht i measc ógánaigh ghorma níos measa ná riamh, agus duine acu féin sa Teach Bán.
Faoin am a raibh cáil dhomhanda bainte amach ag Whitney Houston (RIP) mar amhránaí bhí tromlach dá comhghormaigh ann nach dtrasnódh an bóthar chun ceoilchoirm léi a fheiceáil.
Ní raibh sé ceart gur leagadh ualach fhéiniúlacht chine ar ghuaillí óga Whitney Houston, áfach. Duine ab ea í sa chéad áit agus níor cheart a cine ná stair a cine a chur roimhe sin.