BEOCHEIST:"Ag glaoch ar an nGaeltacht! Ag glaoch ar an nGaeltacht!"
Mothaím ar nós Lord Haw Haw, le linn an dara cogadh domhanda, ag craoladh as pluais éigin san Iarthar chun mír bolscaireachta a chur i láthair an phobail.
Bhíodh lucht éisteachta mór ag an Lord Haw Haw céanna, ach níl a fhios agam an mbíodh mórán daoine ag tabhairt aird ar bith air.
Is rud amháin é lucht éisteachta nó lucht léitheoireachta bheith agat, is rud eile ar fad é aird an lucht éisteachta nó an lucht léitheoireachta sin bheith leat. Níl mórán níos measa b’fhéidir ná bheith i do dhuine gan aird.
Tá frustrachas ag baint leis, pian fiú, agus is í an cheist ná céard is féidir a dhéanamh faoi i ré seo na cumarsáide. Ní bolscaireacht ábhar na teachtaireachta seo a leanas ach fíric lom.
Go deimhin, bheadh fonn orm seasamh ar chnocán éigin i Rosmuc, mar shampla, le meigeafón i mo lámh agam ag béiceadh: “A mhuintir Rosmuc, tá sibh ag cailleadh an tsaibhris Ghaeilge atá agaibh agus tá sibh dall air.”
Is í an cheist ná an dtabharfaí aon aird orm?
Tá pobal na Gaeltachta, ag áireamh mhuintir Rosmuc, ag siúl go bríomhar i dtreo titime thar an aill teangeolaíche agus gan aird ar bith acu air.
Is é an dea-scéala ná gur féidir an pobal a chur ar chosán malartach tarrthála ach caithfidh an cur chuige bheith an-straitéiseach agus ar fhócas teann.
Téarma eile a bhí coitianta le linn an dara cogadh domhanda ná impiriúlachas. Bhí impiriúlachas tréan ag baint le muintir na Seapáine go háirithe mar a bhain sé leis an gcaoi ar chaith siad leis an gCóiré, áit a rinneadh iarrachtaí leanúnacha teanga an Chóiré a chriogadh.
Bhí brúidiúlacht agus céasadh uafásach ag baint leis an gcur chuige. Ar ndóigh, is iad muintir na Breataine Móire a fuair gradam an “bhoinn óir” mar a bhain sé le himpiriúlachas mar scaip siadsan é gach uile áit eile agus feiceann muid a luach in Éirinn fós inniu.
Tá impiriúlachas ag baint leis an nGaeltacht freisin, nach bhfuil ag cabhrú ach oiread, agus caithfear aghaidh a thabhairt air.
Tabharfaidh mé dhá shampla den saghas ruda atá i gceist agam, agus níl aon aimhreas orm ach go bhfuil léitheoirí amuigh ansin gur tharla seo dóibh, mar is iomaí uair a dúradh liom é.
Is é sin, in amanna diúltaíonn muintir na Gaeltachta go coinsiasach Gaeilge a labhairt le foghlaimeoir Gaeilge nó fiú le duine le Gaeilge mar gur léir dóibh nach de bhunadh na Gaeltachta an duine atá i gceist.
Cuimhním ar ócáid nuair a chuaigh cara liom ag an siopa áitiúil, i bpobal i gceartlár na Gaeltachta ag lorg bainne agus siúcra.
Rinne sí iarracht an gnó a dhéanamh trí Ghaeilge i gcanúint Bhaile Átha Cliath agus an freagra a tugadh ar an bhfiosrú ó chainteoir líofa Gaeltachta ná “Is it milk and sugar that you want?”
Ar ócáid eile bhí mé ag léacht agus d’fhógair cainteoir iomráiteach Gaeltachta le linn na léachta nach raibh dualagas ar an duine seo Gaeilge a labhairt.
Tá – an freagra lom ar an racht sin. Tá dualgas orainn uile an acmhainn teanga atá againn a roinnt agus bheith foighneach leis an bhfoghlaimeoir nó an díograiseoir ach is lámh in ár mbás teangeolaíche féin a bheidh ann má thugann muid, agus tugann, droim láimhe leis an té atá ag déanamh iarrachta, dá laghad í.
Is trua liom a rá nach bhfuil na Gaeltachtaí féin gan locht nuair a thagann sé go dúshlán an bhuanaithe teanga agus tá sé in am acu bheith airdeallach ar an ndroch-chleachtas atá luaite.
Meas tú an tuirse atá i gceist? An tuirse a bhaineann leis an gcinicis agus an sceipteachas maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag caitheamh leo mar phobal teanga.
Más ea, éirímis as an sceipteachas mar tá jab le déanamh againn ní amháin ar mhaithe linn féin ach ar mhaithe le mór-roinn na hEorpa agus pobail eile Ghaeilge níos faide ó bhaile. Cuid den fhadhb, ar ndóigh, ná go bhfuil daoine sa chóras, sa tír, atá ag plé le ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge nach gcreideann sa táirge féin.
Tá a fhios acu cé hiad féin agus thógfadh sé an-mhisneach uathu seilbh an chiste agus an sparáin maoine agus airgid a ligint uathu ag páirtí eile a bhainfeadh leas teangeolaíche níos fearr as. Tá agus beidh go leor le déanamh, nach bhfuiltear ag déanamh inniu, chun leasa na Gaeilge sa Ghaeltacht le go mbeidh torthúlacht níos fearr ar ár gcuid iarrachtaí.
Éalóidh mé as an bpluais anois le dóchas nach gcrochfar mé.