Deireadh aistir fhada. Tá an lá samhraidh te agus tá tart orm. Anseo i gclós ciúin leabharlann na mainistreach, cloisim uisce ag sileadh. Tá fuarán ann. Is breá an t-uisce rí-fhuar ó bhroinn na talún lá dá leithéid agus coisceann sé mo thart. Féachann dealbh Naomh Otmar anuas orm agus mé ag slogadh an uisce.
Naomh Otmar, Gearmánach, a bhunaigh an mhainistir de réir an scéil. Ach ní raibh in Otmar ach comharba Naomh Gallus nó Gall. Manach Gaelach ab ea Gallus. Chuaigh sé thar lear sa seachtú haois le hais Naomh Columbán agus bhí sé ag teagasc i dtuaisceart na hEilvéise, mar a thugtar ar an tír sa lá atá inniu ann.
Theastaigh ó Ghallus éirí as an bhfánaíocht, agus bhí sé ar intinn aige cur faoi áit éigin agus bheith ina dhíthreabhach. Chaith sé oíche amháin san áit ar a dtugtar St Gallen inniu. Is as an naomh Gaelach a ainmníodh an mhainistir agus an chathair.
Fiú munar mhainistir Ghaelach í le fírinne, ba bhreá le cléir na Gearmáine ag an am naomh Gaelach bheith ina fhondúir mainistreach acu.
Ní raibh deireadh le tionchar na nGael anseo le bás Naomh Gallus. A mhalairt. Bhí mainistir St Gallen suite ar bhóthar na Róimhe, agus ba mhinic manaigh Ghaelacha ag teacht ar cuairt anseo agus iad ar a mbealach go dtí an Chathair Naofa nó ag filleadh ar ais go hÉirinn.
D'fhágadar cuid mhaith lámhscríbhinní anseo agus bhíodar ag múineadh i scoil na mainistreach agus ag déanamh lámhscríbhinní úra, ó b'iad na Gaeil an dream is fearr ag an gceird sin.
An lámhscríbhinn is cáiliúla dá gcuid ná an Codex Sangallensis. Seo lámhscríbhinn de ghraiméar Laidine a chum Priscian, múinteoir mór gramadaí i mBiosáintiam.
Mhair an graiméar seo mar phríomhthéacs do scoláirí na Meánaoise agus fiú níos déanaí. Tá an lámhscríbhinn féin le feiscint i leabharlann mainistreach St Gallen go fóill.
Tá cur síos ar an lámhscríbhinn agus pictiúir de sa leabhar úd The Irish Hand ag an Bhráthair Tadhg Ó Néill. Tá gluaiseanna go leor i Sean-Ghaeilge idir na línte agus roinnt dánta scríofa ar imeall na leathanach.
Míníonn an chuid is mó de na gluaiseanna an méid atá sa téacs Laidineach. Ach déanann cuid eile díobh tagairt don aimsir, do chineál an dúigh agus an pháir, don ab.
Tá a fhios againn fiú amháin cé hiad na scríobhaithe a d'oibrigh ar an saothar seo. Tá a n-ainmneacha agus a lorg fágtha ar an lámhscríbhinn de réir a chéile - Maelpatricc, Coirbbre, Donngus, Finguine agus Cobthach - manaigh óga is dócha i mainistir áit éigin in Éirinn go luath sa naoú haois.
Mar is in Éirinn a scríobhadh an lámhscríbhinn de réir dealraimh agus thug manach Gaelach leis í agus é ag dul ar peregrinatio ar an Mhór-Roinn. Thug sé leis go mainistir St Gallen í agus is sa leabharlann anseo a d'fhan sí ó shin i leith.
Tá deireadh leis an mhainistir féin i St Gallen le fada. Dúnadh i rith Réabhlóid na Fraince í. Is ar éigean gur éirigh leis an ab deiridh an leabharlann a thabhairt slán.
Oifigí rialtais cantún St Gallen is mó atá i bhfoirgnimh na mainistreach anois, agus tá cuid eile díobh i ndeoise St Gallen, mórthimpeall ar fhaiche mhór ar a dtugtar Klosterhof nó Clós na Mainistreach uirthi go fóill.
Ní foirgnimh ón Mheánaois iad sin fiú. Le fírinne, is beag rud atá fágtha ón tseanmhainistir mheánaoiseach. Níl ach seanfhalla amháin fágtha go bhfios dom. Ach feictear rudaí iontacha anseo a shíolraíonn ó ré sa stair atá i bhfad níos déanaí ná sin.
An Ardeaglais thar aon rud eile. Ní fheicfeá eaglais bharocach níos mó ná níos áille ná í seo. Is i lár an 18ú haois a tógadh í, beagnach ag deireadh ré na mainistreach. Gan trácht ar an Stiftsbibliothek, leabharlann na mainistreach, go mórmhór halla barocach na leabharlainne atá mar mhúsaem ina dtionóltar taispeántais lámhscríbhinní go rialta.
Tugaim cuairt ar an leabharlann agus tá turas tionlactha ar siúl. Cuireann duine de chuid fhoireann na leabharlainne seoda an bhailiúcháin in iúl do scata cuairteoirí. Gearmánaigh is ea a bhformhór.
Agus é ag caint, ní foláir don scoláire tagairt a dhéanamh go minic do na manaigh Ghaelacha a bhíodh ag saothrú anseo ar feadh na gcéadta bliain.
Ar deireadh cuireann Gearmánach amháin ceist: "Ja, warum die Iren?" (Cén fáth na Gaeil?)
Déanann an scoláire iarracht ról na manach Gaelach a mhíniú, é ag tagairt dá n-éirim sa Laidin agus i gceird na scríbhneoireachta.
Tagann an cheist chugam arís níos déanaí: cén fáth na Gaeil? Ceist mhaith agus ní furasta freagra cruinn agus iomlán a thabhairt uirthi. Cén fáth gurbh iad daoine ó thír bheag suite ar imeall na hEorpa a chothaigh an léann clasaiceach agus an creideamh Críostaí agus a thug ar ais don Eoraip iad sa Ré Dhorcha?
Ní túisce go raibh an Chríostaíocht glactha ag na Gaeil ná gur bunaíodh mainistrí, gur cothaíodh an léann agus gur ath-easpórtáladh thar lear é. Cad a bhí sna Gaeil ag an am a spreag iad chun dul chun cinn chomh tapa sin agus éifeacht chomh mór sin bheith acu ar an Eoraip?
Is cinnte nár thosaigh éirim seo na nGael ex nihilo le teacht na Críostaíochta. Caithfidh go raibh bunús léinn agus eagraíocht scoláirí ann cheana. Bhí na draoithe ann.
Is é is dóichí gurbh iad na draoithe, sainaicme léannta, a d'iompaigh ina manaigh agus a líon na hinstitiúidí léinn nua. Táim ag ceapadh go ndearna an Eaglais margadh leis na draoithe. Ghlac na draoithe an creideamh nua, agus ghlac an Eaglais iad mar chléir.
Bhí smacht, disciplín, éirim aigne, esprit de corps agus córas scoileanna ag na draoithe cheana agus ní fada gur bhaineadar amach fios na Laidine agus cumas na scríbhneoireachta.
Ar an taobh eile, thugadar bua thar barr dá dteanga féin: thosnaíodar ag scríobh na Gaeilge.
Ní raibh i litríocht scríofa na Gaeilge ar dtús ach gluaiseanna léannta ar na lámhscríbhinní Laidine agus corrdhán.
Idir an dá linn, bhí saghas eile cléire i mbun oibre nach raibh ina chléir eaglasta: na filí. Bhíodh baint ag an dream seo leis na huaisle níos mó ná leis an Eaglais.
Uaireanta bhíodh aighneas idir an chléir agus an bhairdne, ach don gcuid is mó mhair siad go síochánta lena chéile. Sainaicme ab iad na filí agus iad síolraithe ó shainaicme réamh-Chríostaí na ndraoithe.
Agus sinn ag féachaint ar stair intleachtúil na nGael, is léir go raibh "aos dána" ann a chothaigh an teanga agus an léann dúchais i gcónaí riamh.
An draoi, an manach, an file: sin múnla do-athraithe an intleachtaí Ghaelaigh, agus ní féidir linn é a chaitheamh uainn inniu ach oiread.
Traidisiún léannta atá ann, le smacht agus disciplín, meadarachtaí casta agus stór focal deacair. Traidisiún uasal, freisin: ní raibh líon mór san aos dána riamh, is dócha, agus ní raibh ach drochmheas acu ar lucht an aineolais, .i. ar na gnáthdhaoine.
Traidisiún agus mórtas ag baint leis: bhí an Ghaeilge ar comhchéim leis an Laidin - volgare illustre a bhí inti i saothair léannta sa Mheánaois cheana, nuair nach raibh sé de mhisneach ag lucht léinn na náisiún eile saothar a bhreacadh síos gan dul i muinín na Laidine.
Cad is féidir le haos dána Gaelach, más ann dó, a dhéanamh ar son na hEorpa inniu? Is fíor go bhfuilimid ar an imeall arís - ar imeall na hEorpa agus ar imeall an chultúir idirnáisiúnta.
Tá teangacha eile chomh cumhachtach sin nach bhfuil mórán spáis fágtha dúinne chun ár dteanga agus ár smaointe féin a scríobh. Gach rud a scríobhaimid beagnach, is gluais é ar ráiteas i dteanga éigin eile.
Ní mór dúinn an rud céanna a dhéanamh is a rinne na manaigh tráth: bheith ag gabháil don gcultúr ar bhonn idirnáisiúnta, ag gabháil do théacs mór na hEorpa atá á chumadh in aghaidh an lae, ach gluaiseanna Gaeilge a scríobh idir na línte agus rainn Ghaeilge a scríobh ar imeall na leathanach.
Tá an téacs sin leictreonach anois. Hipirtéacs atá ann. Tá sé ollmhór ilteangach. Níl lár ná teorainn leis. Ní saothar údair é mar a bheadh leabhar ann. Tá sé inathraithe ag na húsáideoirí. Bíonn leibhéil éagsúla ann, téacsanna ag tagairt do théacsanna eile ach cliceáil orthu. Tá interstices go leor ann chun bheith ag scríobh iontu.
Ní miste dúinne ár ngluaiseanna a chur ansin, ag míniú téacs ár gcomhaimsire dúinn féin, nó ag magadh faoi. Bíodh na gluaiseanna léannta, pearsanta, greannmhar nó searbhasach. Bíodh siad ceannairceach agus easumhal.
Tig linn a rá nach bhfuil gach rud i gceart san Eoraip nua agus i gcúrsaí an domhain, a rá go bhfuil níos mó ná dearcadh amháin ar an saol - agus lorg na nGael a fhágáil ar théacs na hEorpa arís.