Tuarascáil:Tá áit lárnach ag féile na Cásca i gcultúr na Polainne, rud a mbeifí ag dréim leis i dtír ina bhfuil traidisiún Caitliceach chomh láidir sin.
Ach thabharfadh Caitliceach ó Éirinn difríochtaí suntasacha faoi deara idir cleachtadh na féile seo sa Pholainn agus ina thír dhúchais.
Tá an bhéim fós ar chúrsaí creidimh sa Pholainn, murab ionann is Éire ina mbíonn cúrsaí ceannaíochta chun cinn sna seachtainí roimh an gCáisc féin.
Is gnách fós le roinnt mhaith Polannach an Carghas a dhéanamh agus ní deacair teacht ar fhianaise leis sin. Is lú i bhfad an méid daoine a bhíonn istigh sna tithe tábhairne is sna clubanna oíche, go háirithe lasmuigh de na cathracha is mó.
Ní beag uimhir na bPolannach óg a dhéanann an Carghas ar an ól is ar an damhsa. Ach braithim athrú ar an staonadh seo. Déarfaidh daoine áirithe leat: "Téim go dtí an teach tábhairne ag an deireadh seachtaine i rith aimsir an Charghais, ach ní bhím ag ól ná ag damhsa."
Is déarfadh daoine eile: "Tugaim cuairt ar an teach leanna agus ólaim gloine beorach, ach ní théim ag damhsa."
Ar an Satharn Cásca triallann beagnach gach teaghlach Polannach ar theach Dé. Bíonn séipéil ar fud na tíre plódaithe ó mhaidin go faoithin ar an lá seo, scata daoine brúite isteach san fhoirgneamh naofa a luaithe agus dornán daoine imithe amach as an áit.
Tugann gach teaghlach ciseán go dtí an séipéal agus istigh sna ciseáin seo bíonn earraí bia a bheidh coisricthe ag sagart.
Is é an saghas bia a bhíonn á gcoisricean de ghnáth ar Shatharn Cásca ná arán, uibheacha cruabhruite, feolta fuara, salann, piobar agus Uan Cásca, milseán a dhéantar as siúcra. Itear an bia coiscrithe seo an lá dár gcionn, Domhnach Cásca, i gcomhair bricfeasta nó ag am lóin.
Is go maith is cuimhin liom an chéad Cháisc a thug mé le teaghlach Polannach. D'éirigh an cúigear againn maidin Dhomhnach Cásca. Shuigh mé chun boird ar a raibh pláta amháin le cúig phíosa bheaga uibhe, cúig phíosa ghearra feola is cúig stiall bheaga aráin.
D'fhéach mé ar an bpláta agus an codladh fós gan bheith díbeartha go hiomlán ó mo shúile. Rith sé liom gur bhocht an chuma a bhí ar an mbricfeasta seo.
Ba chinnte nach raibh cothú cúigir ann. Ach dá mba ea féin, níor chóir staonadh ón mbia. Bhí mé fós glas ar ghnéithe de chultúr na Polainne is níor theastaigh uaim aon mhasla a chur ar éinne.
Níor theastaigh uaim tabhairt le tuiscint gur mheas mé easpa bia bheith curtha ar an mbord. Shín mé mo lámh amach i dtreo an bhricfeasta mar sin is shlog mé siar an chéad phíosa aráin le hubh is le feoil in aon ailp amháin.
Níor bhain sin mórán den ocras díom, áfach. Ba go tapa a leag mé lámh ar an gcéad phíosa eile mar sin. Agus é seo á chogaint go fuinniúil agam, chonaic mé go raibh an teaghlach go léir ag stánadh orm. An gáire ag briseadh ar bheirt acu agus dreach iontais ar an mbeirt eile.
"Cad tá á dhéanamh agat?"
"Táim ag ithe bricfeasta."
Mar a tharla, níorbh é sin an bricfeasta in aon chor. Is é a bhí ann ná blaiseadh beag de bhia a bhí le roinnt eadrainn agus guíonna na Cásca á dtabhairt dár chéile.
Ní raibh fágtha anois ach trí phíosa de gach blúire bia is bhí ar bhean an tí dhá cheann díobh a ghearradh ina dhá chuid le go mbeadh cúig phíosa ann arís, píosa i gcomhair gach duine a bhí ag an mbord. Is contúirteach an meascán é dríodar an chodlata is difríochtaí cultúrtha.
Éagsúlacht chultúrtha amháin a tharraingeodh aird an Éireannaigh ná nach mbíonn uibheacha Cásca á ndíol sna siopaí sa Pholainn. Is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith Polannach ann nár chuala trácht riamh ar na huibheacha seacláide Cásca a fhaigheann leanaí Éireannacha ón gCoinín Cásca.
Nuair a mhíním gur táirgí seacláide iad seo i bhfoirm uibheacha folmha féachtar orm go díchreidmheach is fiafraítear go magúil díom an bhfuil bronntanas éigin lasitigh de na huibheacha folmha seo.
Is léir go dtuigeann Polannaigh uaim gurb iad 'Kinder eggs' móra an ghné den Cháisc is tábhachtaí le leanaí na hÉireann.
Ní bhaineann nósanna Cásca na hÉireann siar as gach Polannach, áfach. Tá a cion féin den taisteal déanta ag Anna Zaporowska agus níl sí chomh magúil faoi na huibheacha móra seacláide dá bharr sin: "Tá a leithéid de rud san Iodáil chomh maith."
Ar na rudaí ba mhó a chuirfeadh ionadh ar eachtrannach sa Pholainn ná an nós a chleachtar ar Luan Cásca ar a dtugtar smigus-dyngus. Ba dhóigh leat gur duine de lucht Monty Python a chum na focail sin agus ní beag an áiféis atá ag baint le nós smigus-dyngus.
De réir an traidisiúin seo ní mór do bhuachaillí cailíní a fhliuchadh ar Luan Cásca le go mbeidh siad torthúil ó thaobh iompar clainne de. An tuiscint atá ag roinnt ban ar smigus-dyngus ná nach bhfaighidh siad fear muna bhfliuchfar iad.
Ar ndóigh, braitheann cuma an fhliuchta ar an té atá á dhéanamh. Dhéanfadh athair cailín óig a mhéara a chur faoin sconna is cúpla braon uisce a chaitheamh i dtreo a iníne. Ach is minice fliuchadh beith níos troime. Mar shampla d'fhéadfadh buachaill óg gloine lán uisce a dhoirteadh ar cheann a dheirféar agus í fós faoin mbraillín.
Amach as na muineacha is isteach sna driseacha a théann cúrsaí fliuchta agus cailíní na Polainne tagtha amach as a n-árasáin ar Luan Cásca.
Bíonn gearrstócaigh ag feitheamh ag pointí straitéiseacha cosúil leis an stad bus, buicéid is soithí nach iad líonta le huisce ina nglac acu agus iad ar bior le fliuchadh a thabhairt don chéad chailín a rachaidh thart.
Agus cónaí ar fhormhór Polannach in árasáin ilstóracha bíonn deiseanna ag buachaillí toirmisc uisce a chaitheamh ón dara is ón tríú hurlár. Deir Polannaigh liom nach ngortaítear mná ar a ndoirtear uisce ón airde sin ach ní chreidim iad.
De réir traidisiúin ní cóir fliuchadh a thabhairt ach do chailíní atá singil nó neamhphósta. Dar le Kasia Przybylska go gcloítear leis an riail seo amuigh faoin tuath, "ach sna cathracha déantar ionsaithe uisciúla ar mhná de gach saghas, beag beann ar aois ná ar stádas sibhialta".
Agus fliuchadh trom faighte ag cailín rachaidh sí abhaile is tarraingeoidh sí athrú éadaí uirthi. Agus í tagtha amach arís agus éadaí tirime uirthi, tá gach seans go ndoirtfear uisce uirthi dara huair.
Ní dhéanfar iontas de go mbíonn drogall ar an gcineál banda a dtithe is a n-árasáin a fhágáil ar Luan Cásca. Comhairlíonn Przybylska gur ciallmhaire i bhfad an turas go dtí an séipéal a dhéanamh i ngluaisteán: "Is fearr an bus a sheachaint, más féidir in aon chor."
Ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go n-éalófar ó fhliuchadh fiú ansin. Tuigeann Przybylska féin é sin: "Bliain amháin bhí dream gearrstócach ina seasamh go daingean lasmuigh den séipéal agus buicéid uisce acu. Cuireadh fios ar na póilíní."
Ní ionadh gur mar 'Luan fliuch' is fearr aithne ar Luan Cásca sa Pholainn.
áiféis nonsense - blaiseadh taste - féile festival
fuinniúil energetic - táirge product - uisciúil watery