NUAIR IS mian le tráchtaire polaitiúil uaillmhian drochmhianaigh a chur i leith duine éigin sa tsaol poiblí, tarraingíonn sé chuige sampla Mhic Bheatha.
Nuair is áil le namhaid a chéile comhraic a mhaslú mar dhuine nach staonfadh roimh an mbeart is gránna chun a bhealach féin a ghearradh trí chúrsa a réime, is é is dóichíde gurb é Mac Bheatha an eiseamláir is túisce a luafaidh sé.
Chuala mé iriseoir amháin ag cur an Gor dúr Brúnach, príomhaire an oileáin eile, i gcomparáid leis an rí Albanach, go háirithe maidir le crosdáltacht agus le pusacht agus le malaí atá chomh tiubh le coillte Dhùn Sinnein.
Ar na póstaeir atá mar áis fógraíochta do dhráma seo Shakespeare in Amharclann na Mainistreach faoi láthair, feictear dhá láimh agus iad ar sileadh le fuil.
Seo iad na lámha a mharaigh Donnchadh, rí na hAlban, ina leaba agus nach ndéanfadh an t-aigéan mór an fhuil sin a ghlanadh dá lámha, ach ina ionad sin go ndathódh siad “ollfharraigí an domhain, ag iompáil an dubhghlas dearg”.
Ach ní chuige sin mé, ach chun Mac Bheatha féin agus chun sleá a chroitheadh le Shakespeare féin. Scríobh an t-údar an dráma lena léirithe os comhair Séamas VI na hAlban, nó James I Shasana (mar is fearr aithne air), mar bhí sé chomh tugtha do na Stíobhartaigh lofa lena linn is a bhí Aogán Ó Rathaille agus Seán Clárach Mac Domhnaill ina dhiaidh sin.
B’é a theastaigh uaidh ná a léiriú go raibh sinsir Shéamais i dteideal Mac Bheatha a mharú san timthriall gnách sin ina maraíodh ríthe agus rídhamhnaí agus ábhair ríthe a chéile go faíoch.
Dá mbeadh aon fhírinne sa dráma féin, ba cheart gur fuil ghorm seachas fuil dhearg a bheadh á sileadh óna lámha.
Ach is é fírinne an scéil nach bhfuil aon fhírinne stairiúil sa dráma. Ghin scéal Shakespeare ceoldráma le Verdi, dán siomfóineach le Richard Strauss, agus scannáin gan chrích. Is é scéal Shakespeare scéal Mhic Bheatha anois, agus ní Mac Bheatha na staire é.
Fad is a bhí sé ina rí ar Albain bhí síocháin agus síothóilteacht i réim. Sna blianta sin idir 1040 agus 1057 níor ghabh arm Albanach ar bith thar theorainn amach ag creachadh agus ag loscadh, murab ionann agus saighdiúirí Albanacha Pháirtí an Lucht Oibre (Nua). Bhí sé chomh daingean sin ina ríocht gur chuaigh sé ar oilithreacht chun na Róimhe.
Arm aneas as Sasana ar chuireadh ó Dhiarmaid Mac Murchú na hAlban, Maol Choilm Ceann Mór, a mharaigh é sa deireadh. Cé nárbh é an rí Gaelach deireanach ar Albain é, is ina dhiaidh a thosnaigh an cúlú mór cultúir, cúlú atá ar siúl le míle bliain ach nach bhfuil foirceann na críche sroichte aige go fóill.
Ceileann ainmneacha Shakespeare gur cainteoirí Gaeilge ba ea iad seo ar fad. Tá seo i bhfad níos soiléire san aistriúchán Gaeilge a dhein S. Labhrás Ó Súilleabháin ar an dráma, agus a chóirigh Nicholas Williams le déanaí.
Tá againn Domhnall Bán agus Mac Duibh agus Bánchú agus Flaithrí agus Leamhnach agus Aonghus agus eile, amhail is gur aniar aneas a tháinig siad thar Shruth na Maoile, agus b’ea. I bhfad siar.
Ní bhaineann sin aon phioc de dhráma Shakespeare, gan amhras, mar tá sé fós ar na saothair is dorcha agus is diamhaire agus is dubhaoibhní dá chuid.
Is é a bhaineann d’éifeacht an dráma ná léiriú meoin Mhic Bheatha féin. Ar nós gur gamal é Lear agus gurb amadán é Othello, níl craiceann na dóchúlachta ar Mhac Bheatha, pé craiceann eile a chuirtear uime.
Tá chomh simplí leis seo: ní bhíonn droch-choinsias ag dúnmharfóirí. Ní dhúisíonn siad i lár na hoíche ag aifirt a gcuid drochghníomhartha orthu féin.
Ní lú ná sin a shamhlaíonn siad taibhsí a thagann chucu chun iad a chiapadh. Ní mheánn siad fuil na mban san ár suas is anuas lena nglórmhiangas féin ag léimrigh ard san aer.
Ní fheiceann tú málaí an neamhshuain faoi shúile George W. Bush, ná ní chloiseadh Sodom Hussein na gártha goil óna chuid príosún, chomóradh buamadóirí Hiroshima a ngaisce ollscriostach le hósannanaí gach bliain, cén t-aire a shíl nach raibh sé ceart 77 príosúnach a lámhach ar son an stáit?
Thuig Shakespeare gach saghas duine bun barr agus ó sháil rinn ar ais; ach is ró-eagal nár thuig sé in aon chor easpa coinsiasa an dúnmharfóra – beag ná mór.