“GO gCUIRFEADH na meáin Ghaeilge uilig le chéile – TG4, RnaG, na nuachtáin agus na hirisí – chun oiread airgid a bhailiú agus a chuirfeadh ar a gcumas bheith neamhspleách ar fhordheontais stáit.”
Is moladh é sin a rinne an t-iriseoir Páidí Ó Lionáird agus é ag cur tús leis an seimineár "Todhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne" a bhí ar siúl ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Bhí iriseoirí, eagarthóirí agus lucht ollscoile, atá ag plé le hábhar iriseoirí in institiúidí tríú leibhéal, ann chun a dtuairimí a thabhairt. Ach má bhí Ó Lionáird ag súil le tine a lasadh sa phlé leis an mholadh seo bhí an chuma air nár ghlac aon duine i ndáiríre é.
Rinneadh go leor cainte sa seisiún ar maidin, áfach, faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhain le nuachtán Gaeilge bheith istigh i mórnuachtán Béarla mar atá Foinse anois agus é neamhspleách ar mhaoiniú stáit.
Le bliain anuas tá Foinse ar fáil leis an Irish Independent. Sula ndearnadh socrú leis an Irish Independent bhí Foinse á chur le chéile ag foireann bheag ar an Cheathrú Rua agus é maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Labhair triúr cainteoirí faoin chaighdeán ard iriseoireachta a bhí sa nuachtán sin agus faoin chailliúint mhór taithí agus eolais a bhí ann de thairbhe chinneadh an Fhorais deireadh a chur leis an deontas agus airgead mór a chur ar fáil do chomhlacht nua an nuachtán Gaelscéala bhunú.
“Cén fáth an síorghá le hathrú?” a d’fhiafraigh Íte Ní Chionnaith ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. B’údar imní do Róisín Ní Ghairbhí, Choláiste Phádraig, Droim Conrach, cumhacht bheith ag an Fhoras cinneadh mar sin a dhéanamh agus a impleachtaí d’iriseoireacht na Gaeilge san am a bhí le teacht.
An méadú mór ar líon léitheoirí nuachta agus ábhair eile ar an Idirlíon agus an dúshlán atá ag iriseoireacht na Gaeilge dul in oiriúint don athrú seo téama eile ar tagraíodh dó go minic. Cuireadh béim ar chumas na teicneolaíochta pobal scaipthe na Gaeilge a nascadh le chéile.
Chun freastal ar eachtrannaigh a d'fhreastail ar chúrsaí Oideas Gael i dTír Chonaill a cuireadh an iris mhíosúil ar líne, Beo!, ar bun naoi mbliana ó shin. Dúirt an t-eagarthóir, Seosamh Mac Muirí, go bhfuair an iris 10,954 cuairt anuraidh ó 91 tír éagsúil.
Cuirtear an nuachtan Gaelscéal, a thagann amach ar an Aoine, ar fáil ar líne ar an Luan agus cé gurbh údar sásaimh don eagarthóir, Ciarán Dunbar, an nuachtán bheith ar fáil do léitheoirí thar lear ba dhóigh leis go mbíonn díolaíocht an leagain chlóite thíos leis dá bharr sin.
Labhair Ríona Nic Congáil, bunaitheoir an eagrais Scríbhneoirí Úra, faoi phlean nuálach a bhí aici iris Idirlín a bhunú do lucht liteartha agus ar a mbeadh léirmheasanna leabhar, fóram plé, eolas faoi údair agus fhoilsitheoirí.
Cé go ndearnadh go leor plé faoi ghanntanas léitheoirí, dheacrachtaí dáiliúcháin agus oiliúint iriseoirí is beag caint a rinneadh faoi ábhar na nuachtán agus na n-irisí. B’oth le hÍte Ní Chionnaith a laghad anailíse agus iniúchtha a dhéantar iontu.
An Dr Regina Uí Chollatáin ó Roinn na Gaeilge a d’eagraigh an seimineár mar chuid den taighde atá ar siúl aici ar na meáin Ghaeilge. Tá an obair seo urraithe ag Foras na Gaeilge agus tá sé i gceist ag Uí Chollatáin tuarascáil bunaithe uirthi a chur faoina mbráid roimh dheireadh mhí Eanáir.