Molann RTE fograiocht a bhaint de TG4

D'fhéadfadh TG4 bheith ar an chéad chainéal teilifíse Éireannach a bheadh ag craoladh go hiomlán gan fhógraí.

D'fhéadfadh TG4 bheith ar an chéad chainéal teilifíse Éireannach a bheadh ag craoladh go hiomlán gan fhógraí.

Sin ceann de na moltaí radacacha atá curtha ag RTÉ faoi bhráid an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey, i dtuairisc phríobháideach de chuid RTÉ, tuairisc atá feicthe ag an cholún seo.

Is ionann an moladh seo agus an iarracht is déanaí ag ardbhainistíocht RTÉ stop a chur le neamhspleáchas TG4. Is cáipéis théagartha í Irish Public Service Broadcasting: RTÉ and TG4 a thabharfaidh ábhar machnaimh don Aire Dempsey. Níl aon amhras fosta ach go gcuirfidh sé an-chantal orthu siúd atá ag stocaireacht ar son neamhspleáchais le cúpla bliain anuas.

Is sa cháipéis atá an cáineadh is láidre déanta ag RTÉ ar rún an Rialtais neamhspleáchas a bhronnadh ar TG4. Deirtear nach ar leas an Stáit ná na teanga a bheadh a leithéid: "Provision for TG4 (Teilifís na Gaeilge) 'independence' is made in the Broadcasting Act 2001. TG4 independence is also part of the Programme for Government 2002. But RTÉ must question the wisdom of proceeding along this path without due cognisance of the potentially detrimental consequences for Ireland, for Irish public service broadcasting and for the provision of Irish language broadcasting services."

READ MORE

I measc na moltaí is radacaí atá ann, moltar gur stáisiún saor ó fhógraí a bheadh in TG4 feasta faoi mar atá stáisiúin an BBC faoi láthair.

Scríobhtar go mbeadh buntáiste aige seo don stáisiún sa mhéid is nach mbeadh siad ag brath ar mhianta an mhargaidh agus nach gcuirfí a sceideal as a riocht dá réir.

Thabharfadh sé deis do TG4 níos mó cláir Ghaeilge a thaispeáint ag an am is mó ráchairt. De bharr go mbíonn TG4 ag brath ar theacht isteach fógraíochta, creideann RTÉ nach bhfuil ag éirí leis an stáisiún a gcuid spriocanna cultúrtha a bhaint amach. Deir siad go mbíonn TG4 ag brath barraíocht ar chláir Bhéarla i gcroílár a sceidil agus go bhfuil baol ann go dtabharfaidh Coimisiún na hEorpa a ndúshlán dá bharr sin.

Deirtear: "The Irish language schedule is over-dependent on repeat programming and is not presented as a coherent choice of sustained primetime output in Irish."

Scríobhtar fosta: "...it must be recognised that TG4's reliance on English language acquisition has become disproportionate, is not in keeping with its core purpose, and is open to serious challenge at the European Commission ... In considering the State Aid complaint against Ireland, the EU DG Competition specifically raised significant questions concerning the nature of the funding of TG4, and of its intended independence within the context of structural issues concerning the Irish public service broadcasting system as a whole."

Mar mhalairt ar ioncam fógraíochta, molann RTÉ go gcaithfeadh siad féin níos mó dá dteacht isteach ó tháillí cheadúnas teilifíse ar chláir Ghaeilge, go leanfaí leis an mhaoiniú díreach a dhéanann an státchiste ar TG4 agus go gcuirfí céatadán cinnte den Scéim Mhaoinithe Craoltóireachta ar leataobh don stáisiún gach bliain.

Mura mbronnfar neamhspleáchas ar TG4 tá gealltanas tugtha ag RTÉ go gcuirfeadh siad leis an mhéid a chaitheann siadsan ar an stáisiún. Deir siad go gcuirfidh siad 10 faoin gcéad den mhéid a chaitear ar choimisiniú clár ar leataobh do TG4 gach bliain. Bheadh sé seo sa bhreis ar an tsuim a chaitheann RTÉ faoi láthair agus iad ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith uair an chloig de chláracha Gaeilge a sholáthar do TG4 gach lá.

Ní fios an sásóidh gealltanas den chineál seo bainistíocht TG4 agus tá an baol ann go gcuirfeadh sé olc ar an phobal. Thiocfadh dó go n-amharcfadh siad ar TG4 agus ar chláir Ghaeilge mar pholl mór dubh atá ag blí airgid ó chiste an cheadúnas teilifíse. Dfhéadfadh fosta go dtiocfadh maolú ar bhá an phobail le TG4 má bhraitheann an pobal go mbíonn orthu díol as stáisiún nach bhfuil ábalta ioncam fógraíochta a bhailiú.

I measc na moltaí eile sa cháipéis tá: