BEOCHEIST:Bhain an chonspóid is deireanaí faoi thoradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin macalla as cuimhne a bhí curtha i dtaisce agam le fada. Lá fuar fliuch dorcha i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, i 1978 a bhí ann nuair a phlodaigh ionadaithe as gach cearn de thionscal na hiascaireachta isteach san óstán is mó ar an mbaile.
Bhí siad ann ó Phort Láirge, ó Chorcaigh, ó Ghaillimh agus ó na Cealla Beaga, leoga ó aon áit a mbíodh iasc á dtabhairt i dtír ag an am. Séard a thug chomh fada sin ó bhaile iad ná seans chun breathnú idir an dá shúil ar an bhfear a bhí ag bagairt a slí bheatha a bhaint díobh.
B'annamh go dtugadh Coimisinéir Eorpach cuairt ar Éirinn san am sin. Ach bhí éirithe leis an Aire Iascaireachta Brian Ó Luineacháin duine de na bocanna móra, Finn Olav Gundelach as an Danmhairg, a mhealladh chun aghaidh a thabhairt ar iascairí a bhí i mbun feachtais mhóir chun teorainn 50 míle a fháil thart ar chósta na hÉireann. Theastaigh uathu báid eile a choinneáil amach as na huiscí seo go deo agus gurbh acusan amháin a bheadh an ceart iascaireacht a dhéanamh iontu.
Feachtas láidir a bhí ann agus, ar dtús, chonacthas go raibh tacaíocht Fhianna Fáil acu. Ach de réir mar a thugadh Brian Ó Luineacháin cuairt ar an mBruiséil, d'éiríodh sé níos soiléire go raibh ag teip air aon dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh Gundelach agus mandairíní an Chomhphobail. Cuireadh Brian bocht faoi léigear. Sa deireadh, ní fhéadfadh sé dul áit ar bith gan scata feargach iascairí ag scairteadh air agus ag léirsiú faoin "díol amach" a bhí le teacht, dar leo.
Is í sin an chúis gur shocraigh sé ar an gcruinniú mór a reachtáil i Leitir Ceanainn chun seans a thabhairt do na hiascairí labhairt leis an gCoimisinéir Iascaireachta é féin suas lena phus. Ansin b'fhéidir, thuigfeadh siad caighdeán an fhir chrua a bhí ag margaintíocht ina aghaidh agus b'fhéidir go dtuigfeadh Gundelach neart na feirge a bhí in Éirinn faoi phlean an Chomhphobail Eorpaigh.
Dáiríre, is maith an rud gur thug sé Gundelach leis mar bhí fonn trodach ar na hiascairí agus nuair a d'éirigh an tAire chun labhairt bhí rabharta drochmheasa roimhe. Ní fhéadfaí é a chloisint ar feadh tamaill agus ba léir nach raibh fonn rómhór air fanacht ina sheasamh. Mar sin, chuir sé Gundelach i láthair an lucht éisteachta.
Sheas Finn Olav Gundelach, fear meánaosta tanaí fionn agus culaith liath air agus chuaigh i dtreo an mhicreafóin. D'éirigh an raic níos measa. Anois bhí an diabhal eachtrannach a bhí ciontach as an bhagairt ar fharraigí na hÉireann os a gcomhair. Bhí an targaid aimsithe acu sa deireadh. Bhéic siad agus scairt siad agus bhuail fir mhóra throma a gcuid bróg ar an urlár.
Bhí cuma chontúirteach ag teach ar an gcruinniú agus ba léir an eagla a bhí ar na haghaidheanna ar an ardán ... ach amháin ar aghaidh Gundelach. Sheas sé ansin mar a bheadh ardmháistir ann ag stánadh ar na haghaidheanna feargacha agus d'fhan sé mar sin go dtí gur mhaolaigh ar an torann. Ansin labhair sé agus má shíl duine ar bith go dtiocfadh guth beag tanaí as an bhfear beag tanaí, bhí dul amú orthu. Is le guth láidir gan chreathán gan eagla a dúirt sé: "Sea cloisim sibh agus tuigim bhur bhfearg."
Ba leor é sin chun tost níos mó a fháil agus bhí an bhearna faighte aige a theastaigh uaidh. Thug sé fúthu agus mhínigh sé go raibh praghas ar na buntáistí a bhí le fáil ag Éirinn as an Eoraip agus go raibh sé in am acu é sin a thuiscint.
Cuireadh isteach air ó am go chéile ach rinne sé cás láidir ar son sheasamh na hEorpa faoi chúrsaí iascaireachta. Is nuair a cuireadh isteach air i dtreo dheireadh a óráide, gur chaill sé foighid agus gur dhúirt sé rud a bhain macalla as an díon agus a d'fhág tost ar an slua.
"Tá mé tagtha anseo," a dúirt sé, "chun teachtaireacht an-simplí a thabhairt: you cannot dine á la carte at the community table."
Ar an mbealach amach as an gcruinniú bhí beirt iascairí as deisceart na tíre os mo chomhair ag labhairt faoi "mo dhuine" Gundelach.
"Cad é a mheas tú de?" arsa duine amháin. "Diabhal glic," a dúirt an duine eile, "ní chuirfeá suas in aghaidh a leithéid ach muicí as Maigh Chromtha."
Ní bhfuair mé amach riamh cad iad na tréithre a bheadh ag muicí as Maigh Chromtha a thabharfadh an lámh in uachtar dó ar leithéidí Gundelach. Ach tá a fhios agam muna raibh sé ag teastáil go dtí seo, go bhfuil géarghá leis anois.
Fógra: ag teastáil: muicí ó Mhaigh Chromtha. Iarratais go hoifigí an Rialtais.