CROBHINGNE:SEA, MÁ sea, tá caint ard ar siúl maidir le heolaithe óga na bliana. Daoine iad ar tugadh meabhair cinn agus cúilfhéith dóibh ó dhúchas. Daoine den scoth. Daoine cruthaitheacha.
Daoine a chonaic an féar ag fás san áit nach raibh roimhe sin ann ach gaineamh. Formhór a mbua is ó Dhia, ó thuismitheoirí, ó sheansíol na sinsear a tháinig. Is tríothu a labhrann éirim an tsaoil.
Cuid éigin dá dteacht in inmhe baineann lena gcuid múinteoirí. Fág tabhartas ó neamh i leataoibh na slí, agus tuismitheoirí tuisceanacha, is beag bronntanas is fearr a gheofaí seachas múinteoir den scoth.
Is beag ag an saol anois an múinteoir seachas giolla chun pointí a fháil. Ardaíonn túis an lae inniu i dtreo na ndéithe nua: réaltascannáin, popamhránaithe deachumtha, lucht an airgid mhóir, an beagán a bhfuil fuil ríogúil ghorm fós iontu.
Níl san mhúinteoireacht ach dréimire chun duine a bhaint amach as an abar.
Is é sin atá ag teastáil ó chách. Meicneoir is ea an múinteoir a dheiseoidh lochtanna an chórais. Luaigh filíocht agus oscailt aigne agus taibhrithe agus sruth na meabhrach agus saoirse machnaimh le formhór na dtuismitheoirí a bhfuil páistí ar scoil acu, agus cromfar ar chlocha a bhailiú le caitheamh.
Giolla is ea an múinteoir, dar leis an saol; dia beag is ea é, dar leis an dalta. Cuid dínn is ea ár gcuid tuismitheoirí, agus dá réir sin, déanaimid neamhaird iontu. Ní cuid dínn ár gcuid múinteoirí, agus dá bhrí sin tugaimid aird orthu.
Is iad na múinteoirí na tuismitheoirí nach raibh riamh againn. Is iad na deartháireacha agus na deirfiúracha iad ar mhaith linn iad a bheith againn. Nó a mhalairt. Chas gach duine orainn san mhúinteoireacht. Múnla amháin againn i dtuismitheoirí.
Agus is iad a bhí againn, gach saghas duine díobh, is iad a bhí againn, tá a fhios agat, bhí siad againn, faoi mar a bhí siad agatsa, agus thairis: An múinteoir a labhair véarsaí filíochta i ngan fhios dó féin
An múinteoir a d’imríodh peil linn sa chlós
An múinteoir nach raibh oiread is leasainm féin aige
An múinteoir a dhíbríomar tar éis trí lá
An múinteoir a smachtaigh sinn laistigh de thrí nóiméad
An múinteoir a bhíodh ag crónán sula dtagadh fearg air
An múinteoir a thagadh isteach maidin Dé Luain agus tinneas boilg air
An múinteoir a théadh abhaile tráthnóna Dé hAoine agus tinneas cinn air.
An múinteoir a shiúlaíodh ar an deisc nuair a bhí pointe le cur abhaile aige
An múinteoir a d’aithin gur daoine fásta ba ea sinn, agus
An múinteoir a thuig nach raibh ionainn ach scraistí smeartáilte
An múinteoir a d’fhéachadh an fhuinneog amach nuair nach bhféadfadh sé an cheist a fhreagairt
An múinteoir a raibh scéalta aige leis an lá a chur thart
An múinteoir a chonaic is nach bhfaca sinn ag ól tobac laistiar den dabhach ola
An múinteoir nach dtagadh isteach sa siopa béal dorais nuair a bhí rudaí le fáil, mar adéarfá, ar iasacht againn
An múinteoir a dhein an cúrsa trí lá na seachtaine, agus a thug oideachas dúinn an dá lá eile
An múinteoir a thuig gurb é lá na gaoithe lá na scoláirí am scrúdaithe
An múinteoir a chuir ceol sna drámaí, agus
An múinteoir a chuir drámaíocht i gceol gach lae
An múinteoir a scríobadh ionga ar an gclár dubh chun sinn a chur as ár meabhair
An múinteoir a raibh saol aige taobh amuigh den bhaile nárbh eol dúinne aon phioc de, seachas an múinteoir a raibh saol aige lasmuigh den bhaile agus arbh eol dúinn gach smut de
An múinteoir a chuaigh tríd an gcúrsa go coinsiasach cé go raibh sé bréan bailithe tinn tuirseach dubh dóite den iomlán
An múinteoir ar lá nua aige gach aon lá
An múinteoir a raibh spreang ina chosa
An múinteoir a raibh an leathar á luascadh de shíor aige, ach nár bhuail aon duine riamh
An múinteoir ar leathnaigh a gháire ó thaobh taobh an tseomra
An múinteoir a d’fhág eolas inár gcroí is inár meabhair is inár dtuiscint
An múinteoir a roinn a ghaois linn go flaithiúil gach lá dá rabhamar ann.
Is ea! Bhí siad againn, gach saghas múinteora go díreach mar a bhí siad agatsa, agus gabhann siad timpeall linn gan stad.