Ná bíodh uaigneas ort - tá Gaeilge ag gach aon duine sa Stát

CAD É mar atá tú ar maidin? An bhfuil tú sona? An bhfuil do chroí éadrom agus fios agat go bhfuil 1

CAD É mar atá tú ar maidin? An bhfuil tú sona? An bhfuil do chroí éadrom agus fios agat go bhfuil 1.77 milliún duine eile sa Stát le Gaeilge de réir dhaonáireamh 2011?

Is mór an tógáil croí é gan amhras. Sin tú – ar nós mórán Gael eile – ag mothú rud beag uaigneach go dtí gur chuala tú an dea-scéala – 1.77 milliún cainteoir Gaeilge sa Stát.

Bí ag caint ar nuacht a mhisníonn an t-anam. Agus tá na huimhreacha ag ardú – más fíor do na huimhreacha. Tá níos mó daoine le Gaeilge anois ar an saol ná mar a bhí ann tamall roimhe seo.

An mothaíonn tú súile na ndaoine sin ar fad i do chuideachta agus tú ag léamh an cholúin seo? Ar bhraith tú gurbh ionann an colún uaigneach Gaeilge seo a léamh agus cuairt a thabhairt ar oileán iargúlta i lár fharraige mhór an Bhéarla? I bhfad uainn a leithéid. Is mó gur cosúil le cuairt a thabhairt ar Nua-Eabhrac é an colún seo a léamh. Tá súile na gcéadta mílte duine sáite ann. Níl tú leat féin. Níl. Tá 1.77 milliún duine eile amuigh ansin.

READ MORE

Seans nár éirigh leat nasc a dhéanamh leo ar fad ar Facebook ach ná bíodh eagla ort.

Seans nár cheannaigh siad leabhar ar bith a scríobh tú nó nár bhreathnaigh siad do chlár faisnéise ar TG4 faoi chamaill sa Sahára nó nár éist siad leis an chlár raidió sin a bhí agat faoi ghnásanna gnéis sa Mhongóil ach ná bíodh imní ort.

Más sa chathair atá tú, oscail an fhuinneog agus beannaigh i nGaeilge don chéad duine atá ag dul thar bráid.

Aithneoidh sé láithreach an Ghaeilge bhinn bhlasta sin agat agus ní fada uait anamchara úr. Ná bíodh drogall ort Gaeilge a labhairt leis an tiománaí bus nó leis an díoltóir ticéid sa stáisiún DART.

Gach seans go bhfuil siad i measc an 1.77 milliún le Gaeilge. Bíodh “aithníonn cainteoir cainteoir eile” mar mhana agat anois agus go deo.

Labhair Gaeilge leis na daoine sin ar fad nár labhair tú Gaeilge leo go dtí seo: an múinteoir scoile; an sagart; an ministir; an dochtúir; an garda; an feidhmeannach; an t-oibrí bóthair; an fear cánach. Tá an teanga acu de réir an daonáirimh. Tá siad ar bís lena húsáid; tá siad ag fanacht leis an deis.

Ná bí chomh ciniciúil sin choíche. D’éirigh leis an Stát, leis na heagrais, leis na múinteoirí, leis na pleananna a cuireadh i gcrích agus leis na pleananna nár cuireadh i gcrích.

D’éirigh leis an chaint ar fad an chaint ar fad a dhéanamh beo. D’éirigh leis an chaint san aer agus an chaint cois cuain agus an chaint sa chathair agus an chaint sa sráidbhaile agus an chaint sa chumann agus an chaint faoi rún agus an chaint os ard agus an chaint ionraice agus an chaint mhí-ionraice agus an chaint mholtach agus an chaint cháinteach.

Ní caint go caint agus tá an chaint anois ag caint. Tá an teanga ar choirnéal na sráide ach í a labhairt.

Agus más sa Ghaeltacht atá tú, cad chuige ar chaith tú an oiread sin ama ag ceilt na teanga ar chuairteoirí? An eagla a bhí ann go gcaillfí na deontais sa chás go gcluinfí barraíocht Gaeilge sa Ghaeltacht?

Sin mise – colúnaí ciniciúil – ag ceapadh gur ag cúlú a bhí an teanga sa Ghaeltacht.

Sin mise ag éisteacht le daoine a bhí ag rá liom go raibh rás na teanga rite, go raibh páistí na Gaeltachta ag caint Béarla i gclós na scoile, go raibh an tseanghlúin agus a gcuid Gaeilge imithe ar shlí na fírinne agus go raibh an teanga, dá bharr sin, chomh tanaí le bonn ar bhróg mhac an bhacaigh, go raibh ceantair Ghaeltachta ann a bhí chomh beag leis an seomra suí féin.

Sin mise ag tabhairt cuairteanna ar cheantair Ghaeltachta agus gan le cluinstin iontu ach Béarla.

Arú, is mór an donas é – is léir go bhfuil fadhb le mo chluasa agam. Is léir go bhfuil siad fabhtach. Ní chluinim ach Béarla sa chathair agus Béarla sa Ghaeltacht ach níl ann ach nár éirigh liom teacht a fhad le duine amháin den 1.77 milliún duine le Gaeilge.

Ach nach cuma faoi sin anois? Tá 1.77 milliún duine le Gaeilge sa Stát de réir na staitisticí oifigiúla agus cé mise le dúshlán na staitisticí oifigiúla a thabhairt?

Tá an lá agus an oíche agus an tseachtain agus an bhliain agus an céad leis an chúis.

Ní glórtha atá i do chloigeann agat, sin iad na comharsana ag caint Gaeilge.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times