CROBHINGNE:TÁ SEANCHLUICHE a imrítear fós i Meiriceá Láir ar oidhre é ar chluichí a mbíodh éileamh mór orthu sula dtáinig Columbus agus a chuid sibhialtachta an treo.
“Ulama” a thugtar anois air, agus b’é an chéad spórt riamh é inar buaileadh liathróid rubair ó thaobh go taobh.
Is í an t-aon deacracht atá ann ná nach bhfuil sé ceadaithe an liathróid a bhualadh led chosa, ná led lámha, ná led cheann, a fhágann gurb é an tóin, nó an cromán, nó an ghualainn féin na huirlisí is áisiúla.
Bhí de mhíbhuntáiste ann chomh maith go gcuirtí an fhoireann a chaill chun báis, rud a fhágann nach dócha é a bheith oiriúnach do na cluichí Oilimpeacha atá thuas inniu, fós.
Cá bhfios, áfach, tá leathnú ag teacht ar líon agus ar chineál na spórt atá á scaoileadh isteach gach ceithre bliana, agus ní fios cad a bheidh againn i gceann scata Oilimpiad eile. Is trua gan iomáint a bheith ann, mar shampla, mar gheobhaimis bonn óir, an chéad uair ar a laghad.
Mar a chéile leis an mbabhláil sráide, cé go mbeadh sé níos achrannaí é seo a eagrú i lár cathrach móire seachas ar chúlbhóithríní Chorcaí nó Ard Mhacha.
Cuirtear i leith lúthchlis áirithe go bhfuil siad teoranta do thíortha éagsúla, rud atá fíor. Ach tá gach aon chluiche teoranta, cuid acu de bhíthin airgid agus áiseanna, cuid eile toisc gan iad a bheith oiriúnach ceal aeráide nó eile.
Dá gceadófaí rásaí camall, mar shampla, is deimhin go mbeadh dóthain tíortha Arabacha ann chun go mbeadh sé suimiúil dúinn ar fad, agus dá gcaithfí an Astráil isteach sa phota, thabharfadh sé toise idirnáisiúnta ilchríochach dó.
Tá cluichí eile ann a bhíodh forleathan tráth dá raibh ach atá cúngaithe caolaithe anois. Bhíodh leagan éigin den chomhrac tarbh, nó de ruathar na dtarbh, coitianta go leor ar fud na hEorpa go dtí gur tháinig inseamhnú saorga san fhaisean agus gur déanadh tairbh díomhaoin.
Chuirtí béir ag troid ar son spraoi go dtí gur coisceadh é mar imeacht, ní ar son trua ar bith do na béir, ach ar eagla go mbainfeadh daoine pléisiúr as. Tá an drochbhlas céanna ar chomhrac coiligh faoi láthair, ach cé dúirt nach bhfuil taitneamh aeistéitiúil éigin le baint as scaipeadh na gcleití?
Cuid de shamhlaíocht an duine is ea an spórt, agus níl sna cluichí oifigiúla Oilimpeacha ach slisne chaol den tsamhlaíocht sin.
Is mó sin buachaill agus cailín a chaith seachtainí fada ag scutaraíl uisce as piostail phlaisteacha le chéile nuair ba cheart dóibh a bheith ar scoil, agus feictear fós malraigh ag cnagadh cnó capaill – nó alt na lámh – le teann aoibhnis. Tá tarraingt téide chomh hidirnáisiúnta is a d’iarrfaí, agus fós níl aon fheachtas ann lena ligean isteach go hoifigiúil.
Fág an feacadh, an lúbadh, an cromadh, an léimeadh, an preabadh, an síneadh, an stríocadh, an caitheamh, an rith, an t-ardú, agus an t-aclú as an áireamh, mar fheic na bhfeiceanna is ceart aird a thabhairt ar na cluichí.
Mar amharc álainn aibhseach a fhéachaimid orthu, agus is mar amhairc áille aibhseacha is ceart cluichí a ligfí isteach a mheas.
De réir na slaite tomhais sin, ní móide go mbeadh éileamh an-mhór ar rásaíocht phortaigh snorcail, ach amháin sa Bhreatain Bheag. Tá lomadh caorach ar fheabhas dóibh siúd a dtaitneann caoire leo.
Is deacair é a chreidiúint ach tá cluiche a bhfuil rolláil oráistí air, ach lasmuigh de Phort an Dúnáin níl chomh mór sin le rá. Is dá fheabhas is mar atá eitpheil trá leathnocht dóibh siúd a bhfuil an fonn sin orthu, is aistí fós eitpheil trá lán-nocht mar a chleachtaítear é in áiteanna sna Stáit Aontaithe. Faoiseamh é go gcuireann siad éadaí orthu Dé Domhnaigh ar iarratas an mhinistir.
Is lánait liom, áfach, nach ndéantar aon iarracht ar cheann de na spóirt ba mhó éileamh dá raibh riamh ann a athbheochan, spórt a choimeád impireacht le chéile, spórt a shásaigh daoine nuair nach raibh arán féin acu, spórt arb é faoi dear cuid de na staideanna is iontaí ar domhan, spórt a bhfuil an oiread sin airgid déanta ag Hollywood as, is é sin, an ghliaireacht i gcolasaem, nó ina amhlachas d’ionad oiriúnach. Sa saol neamhsheicteach a mairimid anois ann, níor ghá go mbeadh sé teoranta do Chríostaithe amháin, agus tá rogha ainmhithe ar fáil nach raibh riamh ag na Rómhánaigh.
Míbhuntáiste nó dhó a bheadh ann, is fíor, ach níl teora le samhlaíocht an duine rialacha nua a cheapadh. Ar an gcéad dul amach, ní bheadh bonn airgid ná cré-umha ar fáil, ach ór amháin. Agus ní móide go mbainfeadh aon duine é cúpla Oilimpiad as a chéile.