De réir staidéir a rinne an matamaiticeoir, Donncha Ó hÉallaithe, ar fhigiúirí daonáirimh, bheadh Na Forbacha ar cheann de na ceantair a chaillfeadh a stádas Gaeltachta dá gcuirfí moltaí Choimisiún na Gaeltachta i bhfeidhm. Is ceantar é atá buailte ar an nGallacht ach a bhfuil an Ghaeilge fós beo ann. Páid Ó Donnchú a scríobh.
Tá aithne fhorleathan ar Na Forbacha i measc Ghaeil na tíre seo mar gur ann atá a gceanncheathrúna náisiúnta ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Leathpharóiste é a bhfuil cónaí ar 600 duine ann, suite beagnach 10km ón Fhaiche Mhór, díreach taobh amuigh d'abhantrach na Gaillimhe. Ach, nuair a imíonn na státseirbhísigh abhaile tráthnóna, cén sórt áite í féin?
Go stairiúil, is cuid de cheantar Chois Fharraige é talamh garbh na bhForbacha. Mhair muintir na háite ar feadh na gcéadta bliain sna garrantacha beaga cois cladaigh agus iad ag díol torthaí, uibheacha, móin agus uile i margaí na Gaillimhe.
Níl duine ar bith ag brath ar an saol sin inniu. Is í an fheilmeoireacht is luachmhaire sa lá atá inniu ann ná feilmeoireacht suíomhanna. Má tá féin, bheadh na feilméaraí céanna sciobtha go leor ag rá go rabhadar sách bocht sách fada, agus tá fáilte mhór feartha roimh dheireadh ré na sclábhaíochta anróití, nach mbíonn luaite go minic ag "lucht na timpeallachta".
Mar sin, tá meascán daoine ina gcónaí sna Forbacha: muintir na háite, cuid acu a dhíol an talamh, agus daoine a tháinig isteach "ar phuth ghaoithe" a cheannaigh an talamh céanna. An éisteann siad lena chéile? An labhrann siad lena chéile? Más ea, cén teanga a labhrann siad?
Cé go raibh fáil réasúnta maith sna Forbacha ar mhargaí agus ar chóras trádála na Gaillimhe, is í an Ghaeilge gnáth-theanga sheanstoic na háite atá os cionn dhá scór bliain d'aois.
Is í an Ghaeilge teanga an Aifrinn i gcónaí agus ainneoin brú mhóir, is í atá mar theanga an tseomra ranga freisin. Is é an Béarla a bhíonn le cloisteáil i gclós na scoile, áfach, le beagnach 30 bliain anuas. Cuirtear an milleán ar ghasúir gan Ghaeilge, ach, i ndáiríre, bhí an Ghaeilge ag dul i léig roimhe sin.
Cosúil le Gaeltachtaí eile atá gar don teorainn teanga (agus ní raibh teorainn dubh agus bán ann ariamh) déantar idirdhealú laethúil idir "Gaeltacht" agus "Galltacht" i gúrsaí trádála, cumarsáide, spóirt agus, ar ndóigh, grá.
Tá dílseacht áirithe ag muintir na bhForbacha don Ghaeltacht, ach is dílse i bhfad iad do Chonamara, nó do chontae na Gaillimhe fiú.
Nuair a bhí An Chealtrach ag imirt in aghaidh foireann peile An Ghaeltacht as Corca Dhuibhne i gcluiche ceannais na gclubanna i mbliana, sheas muintir an cheantair seo lenár gcontae féin.
Agus níor stop teorainn na Gaeltachta fear as na Forbacha agus é ar thóir mná chéile! Pósann fir óga na bhForbacha mná as an Spidéal, Indreabhán, Árainn agus Dúiche Sheoighe. Agus Bearna, Maigh Cuilinn, Órán Mór, Acréidh na Gaillimhe.
Caoga bliain ó shin agus níos mó, mar gheall go raibh Gaeilge áirithe i ngach cheantar thuasluaite, ba ghnách le cuid mhaith de na máithreacha óga (agus de bharr ganntanas talún, mná a bhíodh i gceist go hiondúil) athrú chun na Gaeilge muna mbeadh sí acu.
Ach is beag duine ó cheantair taobh thoir de Na Forbacha a bheadh sásta iompú ar an nGaeilge dá bpósfaidís fear de bhunadh na háite anois. Is trí Bhéarla a thógfar an chlann anois mar sin.
I measc na n-argóintí leanúnacha faoi cheisteanna pleanála, dílárnú, agus straitéis spásúil, is léir go bhfuil patrún suntasach amháin le feiceáil sa tír seo ó na 1970í i leith.
Tá roinnt mhaith daoine, go háirithe daoine pósta, atá glúin amháin ón tuath b'fhéidir agus a bhfuil postanna maithe acu i mbailte móra, ag iarraidh cur fúthu amuigh faoin tuath in áit a bheadh in achomaireacht idir 10 agus 40 nóiméad óna láthair oibre.
B'fhearr leis an chéad ghlúin de na comaitéirí seo suíomh a cheannach in áit a mbeadh radharc breá le feiceáil. Áit cois abhainn, b'fhéidir. Nó cois fharraige. Na Forbacha? Díreach an áit!
Ár ndóigh, bhí cuid mhaith de fheilméaraí na háite sásta suíomhanna a dhíol. Agus tuige nach mbeidís? Tá daoine óga ón nGaeltacht curtha trín gcóras oideachais tríú leibhéil ag airgead ón gciste nua seo.
I gcaitheamh na 1970í, na 1980í agus na 1990í, bhíodh suíomhanna i ngach baile sna Forbacha ar díol. Tá daonra na bhForbacha comhdhéanta anois de dhaoine ó na tithe seo - meascán de sheanmhuintir na háite agus iad siúd a bhíonn ag taisteal chun na hoibre i nGaillimh.
Mar sin féin, tá scéal na teanga i measc na gcomaitéirí chomh casta céanna le scéal na teanga i measc an lucht áitiúil. Tháinig cuid mhaith daoine go dtí Na Forbacha mar gheall gur Ghaeltacht í.
Tugaim faoi deara go dtagann cuid mhaith réabhlóidithe teanga go dtí Na Forbacha ar feadh cúpla mí; ansin tagann díomá orthu faoi staid na teanga sa cheantar, agus imíonn siad siar i dtreo talamh teanga níos saibhre - thiar in Indreabhán.
Tagann roinnt daoine amach anseo freisin nach bhfuil tuairim acu go bhfuil siad ag ceannach tí nó suímh sa Ghaeltacht.
Amanta, filleann siadsan soir ar a ndúchas freisin tar éis dóibh a fháil amach nach bhfuil céad fáilte ann dá gcuid nósanna gallda. Idir an dá fhoirceann seo, is iondúil go mbíonn ardmheas ag "na strainséirí buana" seo ar an teanga cé nach labhartar í sa tobán te Ceanadach atá in Óstan Chósta Connamara.
Cé go bhfuil an tÚdarás agus an Roinn lonnaithe sna Forbacha, is beag tionchar atá ag ceachtar acu ar an mbagairt is mó atá ar an teanga faoi láthair - drochphleanáil nach bhfuil ag feiliúint don teanga.
Tá biadán ann gur gairid go n-aistreofar cumhacht na pleanála sa nGaeltacht ó na Comhairlí Contae go hÚdarás na Gaeltachta, ach ní thabharfadh a leithéid d'aistriú cumhachta mórán misnigh dúinn tar éis an fiasco a tharla maidir le díol Thithe Saoire Eanach Mheáin.
Mar sin féin, tá comharthaí dearfacha ann go bhfuil na hoifigí ar an gCoisméig Mhór ag díriú i dtreo an bhlais Ghaelaigh le tamall anuas seachas ar bhloc stroighin na monarchan.
Port coitianta é an "phleanáil teanga" ag lucht an mhaorlathais anois agus chuirfeadh duine ar bith a thuigeann na torthaí dearfacha a bhféadfadh a theacht uaidh fáilte roimh an athrú meoin seo.
Tá Áras an Chontae den tuairim nach bhfuil sna Forbacha agus an chuid eile den Ghaeltacht ach forbairt ribíneach agus gur cheart "baile beag" a thógáil ar stráice den leathpharóiste.
Níor éirigh le haon dream sa tír seo baile Gaelach den chineál seo a thógáil ariamh ach is cuma le lucht pleanála ceannródaíoch Chontae na Gaillimhe faoi sin.
An dtuigeann an lucht pleanála go bhfuil dúchas agus gréasáin shóisialta chomh tábhachtach céanna le soilse tráchta, agus le píoba séarachais? An dtuigeann siad go bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge i ngréasán sóisialta na Gaeltachta?
Dá mbeadh slánú agus athbheochan na teangan ag brath ar thoil pholaitiúil, bheadh sé bainte amach blianta ó shin, ach ní hamhlaidh atá.
Caithfidh muintir na Gaeltachta an cúram sin a ghlacadh orthu féin agus i nGaeltachtaí teorannacha mar Uíbh Ráthach, Ros Goill agus Na Forbacha, tá muintir na háite, le tacaíocht ón Stáit, ag tabhairt faoin obair.
Sna Forbacha, mar shampla, tá an grúpa Ag Casadh na Taoille tar éis 30 duine - máithreacha óga a bhformhór - a chur ar ais i dtreo sheanteanga na háite trí ranganna agus oícheanta sóisialta le Gaeilgeoirí áitiúla a eagrú. Agus, le cúnamh Dev Óig, táimid dóchasach go mbeidh rath ar ár gcuid oibre.
Níor choinnigh na haolchlocha áitiúla Gaeilge Ó Méith beo agus is baolach nach gcoinneoidh carraigeacha móra eibhear na bhForbacha í beo ach an oiread. Cé gur fíor a rá nach féidir gréasán Gaeilgeoirí a chur i gcomparáid leis an bhfíor-Ghaeltacht, i gceann 50 bliain ní bheidh an Ghaeltacht, aon chuid de, mar a bhí sé 50 bliain ó shin.
I mo thuairimse, is é cúram na glúine seo againne ná an Ghaeilge a fhágáil chomh sláintiúil agus is feidir don ghlúin atá le teacht.
An féidir leis an Rialtas an Ghaeilge a choinneáil beo sna Forbacha? Ní dóigh liom é. An féidir le muintir na bhForbacha, le cúnamh ón Rialtas, an teanga a thabhairt réasúnta slán don chéad ghlúin eile? Is féidir, cinnte.
Sin na Forbacha mar atá sí, mar a bhí sí. Áit teorannach.
Tá Páid Ó Donnchú páirteach sa ghrúpa pobail, Ag Casadh na Taoille