Na Náididí

CROBHINGNE: TÁ AN chuma air an tráth seo athbhliana go bhfuil ceangal orainn féachaint siar agus breithiúntas gaoismhear a thabhairt…

CROBHINGNE:TÁ AN chuma air an tráth seo athbhliana go bhfuil ceangal orainn féachaint siar agus breithiúntas gaoismhear a thabhairt ar ar tharla le bliain anuas. Níos measa ná sin, tá ceangailte orainn féachaint thar ghualainn siar deich mbliana, leis, lenár smut beag de léas solais nó doircheachta a chaitheamh ar ar tharla ó thús na haoise.

Is léir nach bhfuil na tuartha go maith, agus is fíor go ndúirt tairngreachtaí Cholm Cille go raibh an t-ord nádúrtha le cur bunoscionn taca an ama seo, fág míle bliain ann nó as. Bhí a fhios agam féin sin, gan duillí tae ná cártaí draíochta a bhac, nuair a chuir Cill Chainnigh an t-ord nádúrtha mar a bhí ceaptha ag Dia bunoscionn agus tóin thar ceann. Rath ní bheidh orainn go gcuirfear an méid sin ina cheart.

Seachas é sin, áfach, is fearr an t-amharc fada ná an ceann gearr. Lem intinn bheag féin, is dóigh liom go bhfuil an 20 bliain úd ó thurnamh an Chumannachais róghairid le haon bhreith a thabhairt.

Ceapadh um an tráth sin go raibh deireadh na staire sroichte chugainn. Go raibh an lá ag an daonlathas Eorpach agus ag an gcaipitleachas Angla-Mheiriceánach. Ach bhí deireadh na staire chugainn, leis, abraimis sa bhliain 1912. Impireachtaí go lándaingean ina seasamh gan freasúra. Agus i 1946, nuair a bhuaigh an Rúis agus a cuid comhghuallaithe ar na Naitsithe Gearmánacha. Agus thart ar 1990, nuair a thit an Cumannachas Sóivéideach as a chéile.

READ MORE

Ach tá tochas sa duine, agus déithe a fuair bás ag aiséirí gach re lá. An tochas atá ortsa, is féidir a leigheas le scríobadh chrobhingne; ach ní féidir tochas na staire a leigheas gan craiceann a roiseadh agus cloigne a chur ar spíce. Ní beart go stracadh ó chéile.

Is cuma nó amaidí é tréimhsí na staire a chuntas de réir chóras na mblianta a ceapadh don Chríostaíocht sa bhliain 532 dar leis an gcuntas a cheap Donncha Beag ag an am. Níor thosnaigh an 17ú haois abhus anseo go dtí Cath Chionn tSáile i dtús na bliana 1602. An 18ú haois in 1691. An 19ú haois in 1798. An 20ú in 1884. An 21ú, níor thosnaigh fós, nó ní féidir linn breith uirthi.

Tá línte liombó á scríobh ó fhoirceann na staire, mar dhea, in 1989 agus athbhreith bhéiste éigin i lár na náididí. Ní heol dúinn cad í an ghin í sin. Bhí an chuma air ar feadh tamaill bhig go raibh an 100 bliain ar fad amach anseo le bheith faoi chumandracht na Stát Aontaithe. Ach dhein siad an gnáthbhotún a shíolraíonn den uabhar – go raibh daoine a raibh filleadh beag orthu, nó tuáillí ar a gcloigeann, nó bruasa móra, nó seithe dhorcha – go raibh daoine eile amuigh ansin nár ghéill dá gcleacht gan a bheith chomh daonna leo.

Nuair adeirimid “chomh daonna leo,” is é a chiallaímid de ghnáth, gan a bheith chomh carthanúil, ná chomh caomh, ná chomh críostúil sa chiall bhunaidh den fhocal sin. Ní hé sin atá i gceist agamsa.

Na daoine sin lasmuigh den “chuallacht idirnáisiúnta”, is é sin, na muintireacha nach ngéilleann don reacht, is iad atá gach pioc chomh daonna le cách a chéile. Táid chomh sásta buamaí a scaoileadh anuas ar phobal cathrach, is ionsaí a dhéanamh ar shibhialaigh neamhchiontacha, is céasadh coirp a dhéanamh ar leanaí is ar amhrasáin is atáimidne. Ach níl aon fhocail againn air seo, seachas focail thuirsiúla sheanchaite na sceimhlitheoireachta.

Na smaointe móra cheana táid i leataoibh: an Cumannachas, an Chríostaíocht, an Daonlathas Sóisialach, an Chothramaíocht, Cearta an Duine. Ba cheart go mbeadh na tuairimí a tháinig ina ndiaidh chomh cortha curtha leo: an Caipitleachas, an Margadh Naofa, an Eacnamaíocht Bheannaithe, an Bancslánú.

Ach is iad an lucht tuairimíochta céanna atá i mbun an tsiopa. Nuair a thit falla Bheirlín, bhí comhartha dearfach le feiscint agus samhail chorpartha le meabhrú timpeall ar an athrú saoil áirithe sin. Nuair a theip ar an gCaipitleachas ní raibh de shamhailchomhartha ann ach daoine dífhostaithe ina scuainí siar, agus ní bhíogann sin an tsamhlaíocht chomh mór. Dá mba gur leagadh bainc agus gur cuireadh cloigne bhaincéirí ar spíce, is mó an seans a bheadh ann go n-aithneofaí an t-athrú saoil. Ní hé go bhfuil a leithéid sin á mholadh go háirithe agamsa, mar adéarfá.

Ach tá an dealramh air nach dtuigimid fós an scéal. Ní thuigimid gur ligeamar do na daoine ramhra an tsaill a roinnt dóibh féin. Ní thuigimid gur ligeadar dúinn mairiúint ar fad i mbolgán na haimsire láithrí. Ní thuigimid nach feas fós dúinn fós an aois ina mairimid.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar