Na saoithe

CROBHINGNE: ANSIN, NUAIR a rugadh Íosa i mBeithil Iúdáia i laethanta Héaróid rí, tháinig saoithe ón domhan thoir, agus féach…

CROBHINGNE:ANSIN, NUAIR a rugadh Íosa i mBeithil Iúdáia i laethanta Héaróid rí, tháinig saoithe ón domhan thoir, agus féach, an réalta a chonaic siad sa domhan thoir ghluais sé rompu go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na háite ina raibh an leanbh.

Agus nuair a chonaic siad an réalta tháinig ardáthas orthu. Agus chuaigh siad isteach sa teach agus fuair siad an leanbh, agus a mháthair Muire, agus Iósaef, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.

Agus bhí áthas orthu mar nach bhfuair siad mórán ó na haoirí caorach a bhí tar éis filleadh chun an chnoic. Agus ba mhór an chabhair an túis chun boladh an asail agus na bó a mhaolú, mar b’asal agus ba bhó thar a bheith nádúrtha iad. Agus chuimil siad an miorra díobh féin agus den leanbh, mar bhí boladh álainn caoin as sin, leis, agus thiocfadh sé áiseach dóibh dá mbeadh sé ag cur na bhfiacal.

Agus d’fhéach Iósaef le mearbhall ar an ór, óir ní fhaca sé riamh roimhe sin é. Agus bhí sé á láimhsiú go faichilleach, mar bhí loinnir uaidh.

READ MORE

“Cad is féidir liom a dhéanamh leis seo?” d’fhiafraigh sé de na saoithe, agus muc ar gach mala aige.

Bhí a fhios acu gur saor adhmaid simplí ba ea Iósaef, agus dá réir sin, bhí foighne acu. “Ór is ea é,” arsa Baltasar, agus ba dhóigh leis gur leor é sin mar mhíniú.

“An féidir linn é a ithe?” arsa Iósaef leis, mar bhí ocras ag teacht orthu arís, agus gan muintir an bhaile a bheith róchairdiúil. “Is eagal liom go mbrisfeadh sé ár gcuid fiacla.”

“Ní féidir go baileach,” arsa Melchior, “ach tá sé luachmhar mar sin féin.”

“Bheadh sé go deas ar an matal, ceart go leor,” arsa Muire, “níl oiread sin ornáidí againn. Is maith liom an snas atá air.”

“Ach níl cuma ná crot air,” arsa Iósaef, “ní fhéadfainn mo chuid uirlisí a chur ag obair air chun dealbh dheas a dhéanamh as. Níl ann ach meall.”

“D’fhéadfá é a infheistiú,” arsa Gaspar le hosna, “sin é is fearr i gcónaí a dhéanamh le hór. Tá’s agat, cúrsaí eacnamaíochta.”

“Labhair go simplí liom,” arsa Iósaef leis, “tá Aramáis an-mhaith agaibh mar dhaoine críonna anoir, ach níor chuala mé riamh na focail sin. Cacnamaíocht? Cad é a thug tú ar an rud eile sin: - in -eis-tú?”

“Is ea,” arsa Gaspar arís. “D’fhéadfá é a infheistiú, agus a thuilleadh óir a fháil, nó a thuilleadh airgid, más maith leat?”

“Ach conas san?” d’fhiafraigh Iósaef, na roic ag fás ar chlár a éadain, “ní go rómhaith a thuigim tú.”

“Ceart go leor,” arsa Gaspar arís, “féach air mar seo. Abair gur cheannaigh tú cúpla camall leis an ór seo. Ansin d’fhostófá cúpla fear. Ansin, dhíolfadh fir earraí dhuit de dhroim na gcamall sin. Ansin, gheobhadh tusa airgead de bharr an díola a dhéanfadh siad siúd. Sin infheistiú duit.”

D’fhéach Iósaef go ciúin is go díreach air. D’ardaigh sé an leanbh ina bhaclainn, mar bhí an chuma air gur éirigh Íosa beagáinín corraithe ar chlos na bhfocal sin dó. Agus ansin labhair sé.

“Is é sin le rá, má thuigim i gceart tú, gheobhainnse airgead agus níor ghá dhom aon obair a dhéanamh?”

“Go díreach é!”

“Is é sin le rá, gheobhainnse airgead ar allas dhaoine eile?”

“Cruinn ceart!”

“Úúúúú,” arsa Iósaef.

“Úúúúús,” adúirt an leanbh Íosa, agus prioslaí beaga lena bhéal.

“Nach dóigh leat go bhfuil sin pas beag mímhacánta?” d’fhiafraigh Iósaef, “go mbeinnse saibhir ar allas ghrua eile, agus gan faic déanta agam ar a shon, seachas go bhfuair mé bronntanas uaibhse den stuif bhuí seo nach féidir a ithe ná a chuimilt ná a dhealbhadh?”

“Ní rachainn chomh fada sin,” arsa Baltasar, “ní rachainn chomh fada le...”

“Tá sibh dulta fada go leor cheana féin,” arsa Iósaef, agus iarracht den fhearg air, mar b’fhear ceirde ionraic é. “Táimid buíoch ar son gur tháinig sibh, agus ar son na túise agus an mhiorra, ach b’fhearr linn go dtógfadh sin an stuif lofa seo a chuireann saint i gcroí dhaoine áirithe agus a dhéanann sclábhaithe de dhaoine eile fós an doras amach. Ní dóigh liom gur bronntanas oiriúnach don leanbh seo é a tháinig isteach sa saol beo bocht, agus gur dócha go rachaidh sé amach as an saol chomh bocht céanna.”

Agus d’imigh siad go mall agus go tromcheistitheach as an áit sin, agus fuair siad foilsiú i mbrionglóid an t-ór a chaitheamh uathu isteach san abhainn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar