Na sluaite ag dul abhaile don Nollaig

BEOCHEIST: FEICIM NA sluaite daoine ag dul abhaile don Nollaig

BEOCHEIST:FEICIM NA sluaite daoine ag dul abhaile don Nollaig. Ní mór dom iad a thabhairt faoi deara agus mé ag taisteal go minic ar an traein idir an Ghinéiv, Zürich agus Basel. Daoine óga le málaí taistil agus málaí droma; tuismitheoirí le páistí agus i bhfad níos mó bagáiste á iompar acu.

Ní bheidh mé féin ag dul abhaile an babhta seo, tá mé ag fanacht ar an Mhór-Roinn.

Ní fiú dom dul ar ais go hÉirinn. Tá mo thuismitheoirí marbh le roinnt blianta. Tá m’iníon fhásta ina cónaí ar chósta iarthar Cheanada. Tá an chuid eile den mhuintir i Toronto agus sa Nua-Shéalainn.

Clann Éireannach scaipthe ar fud an domhain mar a lán eile. Gheobhaidh siad uile cártaí Nollag uaim, pé scéal é.

READ MORE

Smaoiním ar na daoine ar fud an domhain faoi láthair atá ag taisteal abhaile don Nollaig. Tá daoine ag taisteal i ngach treo, agus go minic is amhlaidh go mbeidh siad ag dul ar malairt treo: fad is a bheidh Gearmánach éigin ag filleadh ó Vancouver ar Frankfurt, beidh Ceanadach éigin eile ag filleadh ó Frankfurt ar Vancouver. An príomhrud ná go bhfuil an bheirt acu ag filleadh abhaile.

Tá baint ag an téama seo leis an imirce, ar ndóigh. Bíonn daoine ag filleadh abhaile ag an am seo den bhliain toisc go raibh orthu imeacht ó thíortha agus réigiúin ina bhfuil na poist gann go dtí áiteanna a bhfuil poist ar fáil iontu.

Sin é an scéal i ngach áit ina bhfuil imirce ann: Talamh an Éisc agus Albain Nua i gCeanada, deisceart na hIodáile, oirthear na Gearmáine... agus Éire. Níor éirigh na Gaeil as an imirce ach le blianta beag anuas, agus seans ann go mbeidh cuid mhaith daoine ag imeacht arís amach anseo.

Is minic go mbíonn jabanna de dhíth i réigiúin a bhfuil carachtar nó cultúr áirithe acu. “Gaeltachtaí” a thugaimse orthu i m’intinn féin, pé áit sa domhan a bhfuil siad. Áiteanna mar Thalamh an Éisc nó “Eilean Ceap Breatainn” in Albain Nua, mar a léitear i scéalta Alistair MacLeod.

Bíonn na daoine ag dul abhaile don Nollaig ó na cathracha móra, Vancouver agus Toronto, ag eitilt ó aerfort go haerfort, ag tiomáint gluaisteán ar an mbealach mór soir, sneachta ag titim agus oighear ar na bóithre, agus iad ar a ndícheall ag filleadh abhaile in ainneoin an gheimhridh.

Fiú sna tíortha saibhre tá imirce inmheánach ann. I dtír mar an Eilvéis, bíonn ar dhaoine slán a fhágáil ar a réigiún dúchais sna hAlpa agus dul ag obair i gcathair éigin i gcéin. Lucht na Rómainise, mar shampla.

Tá a lán díobh siúd ag saothrú i Zürich agus i gcathracha eile na machairí, agus téann siad abhaile ar a laethanta saoire sa samhradh agus um Nollaig. Cloisim anois iad ag labhairt Rómainise ar a gcuid teileafóiníní.

Nach breá leis na deoraithe dul abhaile don Nollaig! Go mórmhór má tá carachtar faoi leith ag an bhaile – más “Gaeltacht” é. B’fhéidir nach mothaíonn duine an oiread sin áthais agus é ag filleadh ar Toronto, cathair ollmhór cosúil le cathracha ollmhóra eile; ach má tá sé ag filleadh ó Toronto ar Thalamh an Éisc, nó ó Zürich go dtí limistéar na Rómainise, sin scéal eile.

Bíonn áthas ar na deoraithe toisc go bhfeiceann siad féin agus a bpáistí an tseanáit agus na seandaoine arís. Leoga, is luach saothair é dul abhaile don Nollaig. Baineann tú an-taitneamh as bheith i measc do mhuintire.

Ach cad faoi na daoine a chuireann fáilte romhat, na daoine a chónaíonn sa mbaile, tuismitheoirí agus aroile? Is breá leo féin na daoine óga a bheith ann, agus a bpáistí siúd nach bhfeiceann siad ach sna laethanta saoire nó ó bhliain go bliain. Ach téann sé dian orthu nuair a imíonn na cuairteoirí ar ais.

Is brónach an rud é nuair a bhíonn ar dhuine a pháistí a thabhairt don imirce. Is breá leat iad a bheith ar ais don Nollaig, ach bíonn a fhios agat, nuair a bheidh an Nollaig thart, go n-imeoidh siad arís.

Agus smaoiníonn tú corruair, b’fhéidir, an bhfuil aon mhaitheas ann clann a bheith agat, má imíonn siad thar lear ceann i ndiaidh a chéile?

Cuireann sin ag smaoineamh arís mé. Cad a mhothaigh mo thuismitheoirí féin agus iad fós ar marthain?

Is cuimhin liom uair amháin ag aerfort Bhaile Átha Cliath agus sinn ag imeacht, mé féin agus m’iníon bheag. Bhí áthas orainn bheith tar éis coicís a chaitheamh in Éirinn leis an tseanmhuintir ach áthas orainn freisin bheith ag taisteal ar ais go Ceanada.

Bhí mo thuismitheoirí ann ag an gheata, meangadh gáire ar a mbéal ag an bheirt acu, iad ag croitheadh slán linn, ach ar deireadh chonaic mé deora i súile m’athar.

Is ansin a thuig mé costas na himirce.