Crobhingne: Deireadh an tAthair de Hindeberg nár cheart an drámaíocht a chothú sa Ghaeilge toisc nár ealaín dhúchais í.
Is mó peaca atá déanta ar son an dúchais ó shin, gan trácht ar na peacaí in aghaidh na n-ealaíon. Bítear ag áiteamh ar son na n-ealaíon dúchais in hallaí geala na gComhairlí Dána ach n'fheadair aon duine sa cheart cad is brí leo.
Earra cuibheasach nua is ea an rince Gaelach, go háirithe na gúnaí gáifeacha agus na foilt phocléimneacha. An damsa sean-nóis ó imeallbhoird an iarthair is amhlaidh gur ag teacht chun solais atá sé go mall is go triallach ar shála Riverdance.
Is de thús an 19ú haois é an phíb uilleann agus ní de na cianta cairbreacha. An chaideolaíocht Ghaelach féin níl inti ach cumasc idir bruíonta paróiste, faicseanaíocht, faltanais fola feamainne, rugbaí gan rialacha agus béasa an Bhéarla.
Ní mar sin don iomáint. In aon trácht ar na healaíona Gaelacha bíonn leisce ar na saoithe an iomáint a ligean isteach sa lúib. Ach is ealaín í chomh dearfach cinnte leis an bpíobaireacht, le patrún na bpampútaí, leis an mbodhránbhualadh, leis an gcroisíneacht cniotála, leis an bhfidléireacht ar bhóthar, leis an amhránaíocht sean-nósmhar.
Ar an gcuma chéanna is nach dtuigeann gach aon duine an t-opera - an ealaín sin ina dtosaíonn duine ag scairteadh amhráin nuair a chuirtear scian ina dhrólanna - táid ann atá dall ar fad ar ealaín na hiomána. Agus an té nach bhfuil súile aige ní fheicfidh sé.
An cluiche seo a bhí réimiúil ar fud na hÉireann tráth dá raibh is amhlaidh gur imigh sé i léig ceann ar aon le teacht an Bhéarla. Leathnaigh an chaid i dteannta na measúlachta.
Na baill sin ba láidre caid iontu, b'iad ba thréine measúlacht. Ní haon timpist ghlantseansúil é go bhfuil Ciarraí i gcraobh na hÉireann arís i mbliana agus go bhfuil duine éigin a bhfuil Ciarraí mar shloinne air ag seasamh i rás mhilliúnaithe na Stát Aontaithe.
Fág an iargúlacht ar imill trá i leataoibh ní hionadh linn gur fhan an iomáint ar marthain go bláfar sna háiteanna sin a raibh traidisiún láidir léinn agus Gaeilge agus féinmhuiníne iontu. Ná ní hionadh linn go bhfuil dánta agus amhráin agus bailéid agus scannáin déanta ar laochra na hiomána, nuair is tearc nó is leamh iad a bhfuil de chumadóireacht déanta ar na caideolaíochteolaithe.
Christy Ring féin, gan aon róthochailt a dhéanamh, tá amhrán le Brian MacMahon, dánta le Seán Ó Tuama agus le Theo Dorgan, scannán le Louis Marcus, dhá dhealbh chúchulainneacha, gan trácht ar an North Ring Road agus an South Ring Road i gCorcaigh. Ní fada uainn dánta molta anois ar Dhónal Ó Grádaigh nó ar dhuine ar bith d'fhoirinn Chorcaí na bliana seo a chuir an t-ord nádúrtha ar ais mar a bhí riamh is mar a bheas go brách le saol na saol.
Voil, b'fhéidir. Is minic mé ag éisteacht le tráchtairí éagsúla a shíleann go gceapann na trí coinnle móra iomána - Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann - gur bhreá leo dá gcoinneofaí an chraobh mar dhuais eatarthu féin. Tá breall go héag orthu agus gan dabht ar domhan. Dá mhéid a meas ar a chéile b'fhearr le Cill Chainnigh go mbainfeadh sluaite barbartha Genghis Khan nó cairde Osama Bin Laden nó Mullahachaí buile Tehran craobh na hÉireann seachas Corcaigh ná Tiobraid Árann, agus a mhalairt chéanna ar ais go fíochmhar agus le díocas.
Mar is ag féachaint na coróineach agus ceannas na dtrí ríochta le chéile atá siad le 100 bliain anuas. Sin é an fiach agus an fhíochmhaireacht. Ná ceaptar a mhalairt. Scaoiltear na fáslaigh eile isteach uair um á seach mar a bheadh risíní ar fhaill an chíste. Ach is eatarthu triúr atá sé.
Corcaigh agus Tiobraid Árann chun cinn ar dtús, Cill Chainnigh sna sála orthu, Corcaigh chun tosaigh ansin, ina dhiaidh sin Tiobraid Árann, Corcaigh arís, agus Cill Chainnigh ag cniogaireacht ar a bprumpa de shíor is de ghnáth. Ní craobh na hÉireann a bhíonn sa treis, ach craobh na cruinne.
Is í Duais Nobel na hiomána í, agus an Fheis Cheoil, agus an tOireachtas, agus an Prix Goncourt, agus an Comórtas Eurofíse, agus na Cluichí Oilimpeacha.
Rud ar bith mar é níl ag na peileadóirí. Tá Ciarraí glúin amháin chun tosaigh ar Bhaile Átha Cliath, agus Baile Átha Cliath dhá ghlúin chun tosaigh ar gach a chéile eile. Leor de bhua bliana é sa chaid. Is é bua na mbua san iomáint é, agus ealaín dá réir.